Ó LUAIGHNIGH, Liam (1872-1938) Liam Ó LUAIGHNIGH 1872 1938 Móin Fhríle, Co. an Chláir M oifigeach custaim is máil [B9] státseirbhíseach Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é seo an fear a chnuasaigh Dánta Aindréis Mhic Cruitín, 1935. Tá cuntas air ag Pat O’Looney in Muintir Luanaigh: The O’Looneys of North-West Clare, 1999. Ba nia é le Brian Ó Luanaigh agus is i Móin Fhríle, Inis Díomáin, a rugadh é. Ba mhac é le Máirtín Ó Luanaigh agus Bríd Ní Mháille agus chaith sé cuid mhaith dá shaol ag obair mar fhear Custaim is Máil i Londain agus cónaí air in Woodford Green, Essex.