‘Seancha deireanach an tseanghnáthaimh’ a thugann Pádraig A. Breatnach ar an bhfile, scríobhaí agus ginealeolaí seo agus é ag tagairt don mharbhna ‘Ní buan brón go bás ollaimh’, a scríobh Aodh Buí Mac Cruitín (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997). Bhí sé ar dhuine de na filí is deireanaí a chleacht an dán díreach agus bhí sé freisin ar dhuine díobh sin a chum na haislingí is luaithe. Chuir Liam Ó Luaighnigh eagar ar bhreis is tríocha dá dhánta in Dánta Aindréis Mhic Cruitín, [1935] agus thug beagán eolais ar a bheatha. Deir Pádraig Ó Fiannachta in Léas eile ar ár litríocht, 1982 go bhfuil 43 dán ar a laghad luaite leis sna lámhscríbhinní. Chuir Tomás Ó Rathile eagar ar chúpla dán leis sa tsraith ‘Deasgán Tuanach. Selection from modern Clare poets’ in The Irish Monthly 1924–25. Gan amhras, tá tagairtí go leor dó ag Vincent Morley in An Crann os Coill: Aodh Buí Mac Cruitín, c.1680–1755, 1995. Bhí gaol aige le hAodh Buí agus tuairimíonn Morley go raibh seisean ar dhuine dá dhaltaí scoile; agus bhí an file Séamus Mac Cruitin síolraithe óna dheartháir Tadhg. Níl aon dán leis i nduanairí atá i gcló nó as cló, agus tá cnuasach Uí Luaighnigh, nárbh aon eagrán scolártha é, fíorghann. Leagtar ‘Ní binn do thorann rem thaoibh’ air ach deir Ó Rathaile in Measgra Dánta... I, 1927 nárbh é a chum. Tá cúig véarsa dá aisling ‘Ar mbeith sealad domhsa in aicis mhór cois taoide’ i gcló ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996 agus ‘aisling fíorshuimiúil’ a thugann sé uirthi. Is caointe agus dánta molta formhór a bhfuil i gcló ag Ó Luaighnigh. Dán ar leith is ea ‘Beannú doimhin duit, a Dhuinn na Dúiche’ agus deir Ó Rathile faoi: ‘This supplication addressed to Donn na Duíche. “Donn of the Sandhills” is probably the most remarkable of all the poems of Aindrias Mac Cruitín. That such a poem, composed nearly 200 years ago, should have remained unprinted until today, is a sadly eloquent testimony to our denationalization. The poem was composed in the author’s old age. He was living at Moyglass, near Mullagh, about five miles south of Milltown Malbay. Christmas was approaching, but there was no prospect of its bringing any cheer to the poet. His friends were few, and as destitute as himself. His patrons were gone; their successors ignored him, while the upstarts detested him... and finally he recounts the services he will perform if only Donn will admit him into his palace.’

I Maigh Ghlas i bparóiste Chill Mhuire Uí Bhreacáin in iarthar an Chláir a rugadh é. Deirtear go raibh a mhuintir go maith as ach nárbh fholáir dóibh cuid dá n-oidhreacht a dhíol chun go gcuirfí oideachas maith air. Roland Mac Cruitín a athair, feirmeoir a bhí go maith as. Ba iad na pátrúin a bhí aige Samhairle Mac Domhnaill, Cill Chaoi, a bhean Sibéal Ní Bhriain, agus Éadbhard Ó Briain in Inis Díomáin. Deirtear in DIB faoin bhfile: ‘His familiarity with classical Irish and the obsolescent syllabic metres of bardic verse indicates that his education included some elements of the curriculum of the bardic schools.’ [Is é a thabharfá leat ón eolas maith a bhí aige ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus ar mheadaracht na seanfhilí gur chuid den oideachas a cuireadh air ba dh’eadh ábhar éigin de churaclam na scoileanna filíochta]. Ag pointe éigin b’éigean dó scoil a oscailt agus b’in í a shlí bheatha as sin go deireadh a shaoil. Phós sé ach níl ainm na mná ar eolas ar a chlann. Scríobhaí ba ea é freisin. Rinne sé cóipeanna de ‘Trí Bior-Ghaoithe an Bháis’ agus ‘Foras Feasa’ le Céitinn, chomh maith le cóipeanna de: beatha Sheanán Inis Cathaigh; ‘Cath Fionntrágha’; agus is é a rinne an chóip is sine de ‘Chaithréim Thoirdhealbhaigh’ dá bhfuil ar marthain. Rinne sé duanaire do mhuintir Uí Lochlainn ina bhfuil dánta a chum sé féin agus Aodh Buí. Tá fianaise sa dán le hAodh Buí Mac Cruitín, ‘Ní buan brón go bás ollaimh’, gurbh é Aindrias a bhí mar oide ag Aodh. Maireann tuairim leathdhosaen dá lámhscribhinní. Luaití 1740 agus 1749 mar dháta báis ach bhí Ó Rathile sásta glacadh le 1738. Tá sé curtha i gCill Fear Buí, dhá mhíle soir ó thuaidh ó Shráid na Cathrach.

Bhí cáil na fáistine air agus in Aisling Ghéar..., 1996 insíonn Breandán Ó Buachalla scéal ar thairngreacht a rinne sé, tuairim 1735, sa dán dar céadline ‘Go cúig roímh luis dá dtugadh grásaibh Dé’, i dtaobh an Phrionsa Séarlas Óg a theacht go hAlbain i 1745. Tá tagairt don fháistine sin freisin ag an Ollamh F. J. Byrne agus é ag rianú stair Leabhar Aifrinn Stowe in Great Books of Ireland. Thomas Davis Lectures, 1967. Fuarthas an seanleabhar i mballa chaisleán Uí Chinnéide i gceantar Lothra. Co. Thiobraid Árann. Is i script Ghaeilge a bhí an Laidin ann agus cuireadh fios ar Aindrias. Tugadh éadach, capall agus costas an turais dó agus is tar éis dó an leabhar a léamh is ea a rinne sé an fháistine. Nuair nár fíoraíodh an dóchas a thairngrigh sé chum Micheál Coimín an dán ‘Cá bhfuil súd, an t-údar glic / thug gealladh dhúinn ag cúig roimh luis, / do bheith ag siúl go glúine i bhfuil, / i gcorpaibh Gallda tréanphoc?’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú