Bhí sé ar dhuine den deichniúr a bhunaigh Conradh na Gaeilge 31 Iúil 1893. Mar chuid de chomóradh chéad bliain Chonradh na Gaeilge d’fhoilsigh Craobh na hInse an paimfléad Mártan Ceallaigh 1860–1906, Baile Uí Ghríofa, Co. an Chláir: Comhbhunaitheoir Chonradh na Gaeilge 31 Iúil 1893, curtha in eagar ag Domhnall Ó Loingsigh. Thuigfeá ón gcuntas seo gur chaith sé tréimhse i Londain. Nocht Proinsias Mac Aonghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, plaic in onóir Mhártain ar sheanteach scoile an Ruáin 10 Deireadh Fómhair 1993. I mBaile Uí Ghríofa i bparóiste an Dísirt, Co. an Chláir, a rugadh é. Bhí sé 45 bliana d’aois nuair a d’éag sé, dar leis an teastas báis. Is eol dúinn ón teastas pósta gurbh é John Kelly, feirmeoir, a athair. Is ag obair don Tiarna Fairclough a bhí an t-athair nuair a rugadh Mártan. Deir foireann na Sinsearlainne i gCora Finne gurb é an t-aon Mhártan Ó Ceallaigh i gclár na mbaistí i bparóiste an Dísirt sna blianta 1860–61 ná an mac a bhí ag John Kelly agus Anne Duggan nó Doogan, agus a baisteadh 18 Samhain 1860. Bhí ochtar eile sa chlann sin agus ba é Mártan an duine ba shine. Michael agus Mortimer a bhí ar bheirt de na deartháireacha, deir an tSinsearlann, agus, ceart go leor, bhí beirt deartháireacha a raibh na hainmneacha sin orthu ar shochraid Mhártain s’againne.

Bhí Mártan ar scoil náisiúnta na Tamhna agus ansin sa Ruán, mar a raibh an sár-mhúinteoir Hugh Brady ina mháistir scoile. Ba dhuine é siúd de na múinteoirí náisiúnta a raibh suim ar leith acu sa Ghaeilge i bhfad roimh bhunú an Chonartha. Bhí sé ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891. Is cosúil gur chainteoir dúchais Gaeilge ba ea Mártan.

Faoin am a d’éag sé bhí sé ina Chláraitheoir Cúnta i gCúirt na Seansaireachta. Sna Ceithre Chúirt mar chléireach den dara roínn a chuir sé aithne ar Eoin Mac Néill agus is mar gheall ar a spéis sa teanga a d’iarr Mac Néill air, ní foláir, teacht chuig an chruinniú ag ar bunaíodh an Conradh. Bhí seomraí ag an gCeallach agus ag Middleton Hall, cléireach eile sna Ceithre Chúirt, ag 9 Sráid Íochtarach Uí Chonaill agus is ann a tionóladh an cruinniú. Bhaineadh an bheirt acu leas as na seomraí sin san oíche chun buachaillí a ullmhú le haghaidh scrúdaithe na státseirbhíse. Seo cuntas a bhí ag ‘Reachtaire Fáin (O. O D.)’ in An tIrisleabhar, Aibreán-Bealtaine 1936 (iris a d’fhoilsíodh an Comhaltas Cánach): ‘Chuas ag socrú le Máirtín Ó Ceallaigh, oide. Ag 9 Sráid Uí Chonaill a bhí an scoil aige. Faoi mar a thuigim is ann a bunaíodh Conradh na Gaeilge ina dhiaidh sin ach ba bheag cuimhneamh a bhí ar an nGaeilge an uair sin, cé go raibh sí ó dhúchas ag Máirtín, agus ag roinnt dá chuid mac léinn chomh maith, is dócha .... Do gheal mo chroí leis ar an gcéad amharc, a shéimhe agus a dheiseacht a bhí sé agus a chneastacht chun ceisteanna a chuirtí chuige a fhreagairt. Fear breá dathúil ab ea é leis agus de réir dealraimh a chroí agus a aigne ag síorgháirí lena thréad agus leis an saol’. Seán Ó Ciarghusa a scríobh an cuntas seo, ní foláir, agus dúirt sé ann freisin nár casadh air sa státseirbhís riamh aon duine de iardhaltaí Mhártain. Leathchéad a bhí sa rang in éineacht leis.

Bhí Mártan ina bhall de Chomhairle an Chonartha go ceann tamaill agus toghadh é ina bhall de choiste Chiste Cuimhneacháin an Chliabhraigh [Euseby Digby Cleaver] Meán Fómhair 1895. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 19 Deireadh Fómhair 1901 go raibh sé ina bhall de Choiste Cathrach agus Ceantair Bhaile Átha Cliath thar ceann Chraobh Dhroim Conrach.

Phós sé Bedelia Harvey (iníon le Thomas Harvey agus Mary Guthrie a baisteadh 15 Eanáir 1862), múinteoir náisiúnta ó Sheandroimeann, Eidhneach, Co. an Chláir, 26 Iúil 1884. Bhí triúr mac acu, Maurice, Gerald agus Tom agus bhí ceathrar iníon acu. Dar le Tom Harvey, nia le bean Mhártain, ag scríobh dó sa phaimfléad a d'fhoilsigh Craobh na hInse mar chuid de chomóradh chéad bliain Chonradh na Gaeilge, go mba státseirbhíseach í Bedelia. Deir sé freisin gur dheirfiúr di ba ea máthair Dom Bernard O’Dea OSB. Fuair an triúr mac bás go hóg agus níor phós ach duine amháin de na hiníonacha. Tá aonmhac na hiníne sin, sagart dar sloinne Ó Súilleabháin, ag obair i bPeiriú. 80 Bóthar Dhroim Conrach Íochtarach, a sheoladh sular phós sé. D’éag sé ag a theach cónaithe i St John’s Terrace, an Cuarbhóthar Thuaidh, 20 Feabhra 1906. Dúradh in An Claidheamh Soluis 3 Márta: ‘Mártan Ó Ceallaigh who died in Dublin last week was not known as a worker to many Gaelic Leaguers. He was however among the founders of the League ... he was himself, if we mistake not, one of the famous seven [sic]. An Irish speaker from Co. Clare, Mr Kelly’s warm and practical sympathy was always with the movement’. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú