Duine é den deichniúr a bhunaigh Conradh na Gaeilge in 1893. I bPríosún Luimnigh mar a raibh a athair James Walsh Hogan ina mhúinteoir agus ina chléireach a rugadh é 16 Eanáir 1868. B’as Gleann an Ghaill in aice le Muine Gall i dtuaisceart Thiobraid Árann dósan agus in 1830 a rugadh é. Níor chuir sé síos i nDaonáireamh 1911 go raibh Gaeilge aige. Ba í Margaret Roche as Luimneach máthair Phádraig. D’aistrigh an t-athair go dtí an Mhodhscoil Láir, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, nuair a bhí Pádraig an-óg. Ní raibh ach aon duine amháin eile sa chlann aige, Frances. Lean cairdeas chlann Uí Ógáin le clann P.W.Joyce, príomhoide na Modhscoile, ar feadh i bhfad.

Bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Risteamainn (Scoil Uí Chonaill) agus fuair an chéad áit in Éirinn sa Ghrád Sóisearach. Ag 3 Ascaill Ghleann Arma, Droim Conrach, a bhí cónaí air in 1893. Ag 237 Bóthar Chluain Life a bhí cónaí ar an gclann ina dhiaidh sin.

Fuair sé BA agus MA (1892) ón Ollscoil Ríoga agus bhí ina státseirbhíseach sna Ceithre Chúirt in éineacht le Eoin Mac Néill agus Mártan Ó Ceallaigh. Glaodhadh chun an bharra air. Bhí Scoláireacht Bhrooke buaite aige sna scrúdaithe deiridh.

Tuairim 1897 phós sé Katherine Murphy ó Áth Í, Co. Chill Dara. Ba ise agus Máire Ní Aodáin na chéad mhná a toghadh ina gcomhaltaí den Ollscoil Ríoga. Bhí sí tar éis tamall de bhlianta a chaitheamh ar an mórroinn faoin am a phós sí agus bhí cúig theanga ar eolas aici. Ach ba chuimhin le banchéile a mic Niall í bheith ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ó chláir raidió Aindriais Uí Mhuimhneacháin sna 1920idí. Bhí cónaí orthu ag 7 Páirc Herbert, Droichead na Dothra, mar a raibh Eoin Mac Néill agus Ó Rathaille (1875–1916) mar chomharsana acu. Rugadh cúigear clainne dóibh – Gabriel Patrick (‘Sarsfield’), an t-ard-státseirbhíseach cáiliúil, Donal, Niall, Roderick agus Brenda – chomh maith le beirt a d’éag ina naíonáin.

D’éirigh le Pádraig bheith ina Chláraitheoir i gCúirt na Seansaireachta agus i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh ina Chláraitheoir san Ard-Chúirt.

Bhí Pádraig ar dhuine den deichniúr a chuir Conradh na Gaeilge ar bun 31 Iúil 1893. Bhí sé ina bhall den chomhairle ar feadh tamaill den chéad bhliain. Ní móide gur ghlac sé aon pháirt sa ghluaiseacht ina dhiaidh sin. Áiríonn Brian Mac Giolla Phádraig é (Feasta, Márta 1956) i measc na mbunaitheoirí nach raibh aon Ghaeilge acu. Ach i nDaonáireamh 1911 chuir sé síos gur chainteoir Gaeilge ba ea é. Ach dhealródh sé go raibh sé i láthair 31 Iúil 1893 toisc gur chara agus chomhghleacaí de chuid Eoin Mhic Néill é.

D’éag sé 15 Iúil 1931 agus i nGlas Naíon atá sé curtha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú