Rose Maud na hainmneacha a thug a muintir uirthi. Rugadh í ar 30 Deireadh Fómhair 1865 i gCaisleán Ghalgorm i bparóiste Achadh Eochaille i gContae Aontroma. Ba é John Young, ardsirriam agus leasleifteanant Chontae Aontroma, a hathair. Ba í Grace Charlotte Savage a máthair. Bhí seachtar eile sa chlann. Aontachtóirí ba ea muintir Young. Tosaíodh ar Chaisleán Ghalgorm a thógáil sa 17ú haois.

Bhí aithne ag Liam Mac Reachtain ar Róis agus chraol sé caint ina taobh ar 7 Deireadh Fómhair 1960 agus dar leis go raibh suim sa Ghaeilge aici go luath ina saol ach nár thaitin sin lena muintir. In 1995 thug An Clóchomhar Duanaire Gaedhilge Róis Ní Ógáin: cnuasach de na sean-amhráin is áille agus is mó clú amach, é cóirithe ag Diarmaid Ó Doibhlin. Tá breis mhór eolais ag Diarmaid ar a saol sa réamhrá a bhfuair sé cuid de i ndialanna Róis. An lá céanna a foilsíodh an cnuasach (4 Nollaig 1995) nocht neacht Róis, Rosemary, Bantiarna Brookeborough, plaic le hómós di i gCaisleán Ghalgorm. Deir Diarmaid: ‘Bhí sé ina scéal coitianta ag lucht na Gaeilge gur díbríodh Róis as teach a muintire de bharr na spéise seo sa Ghaeilge. Níl bun ar bith leis an scéal coitianta sin’. Tugann sé léiriú fíormhaith ar an gcaoi a raibh Róis in ann an dá thaobh, Aontachtachas a muintire agus intinn lucht na Gaeilge, a thabhairt chun réitigh ina haigne féin. Ba é an Dr William Reeves (1815–1892), easpag agus ársaitheoir, a mhisnigh í chun staidéar a dhéanamh ar an teanga. Bhí sí cairdiúil ina dhiaidh sin le Íde Nic Néill, Ruairí Mac Easmainn, Margaret Dobbs, Margaret Hutton agus a leithéidí.

I mBaile Átha Cliath di chuir sí aithne ar Osborn Bergin, ar Thomás Ó Rathile agus ar Phádraig Ó Duinnín. Deirtear gurbh í an t-aon duine amháin í a bhí in ann an ceann is fearr a fháil ar an Rathileach in argóint. Deir Ó Doibhlin, áfach, nach ndearna sí aon tagairt ina dialanna don Duinníneach ná do Bergin agus, maidir leis an Rathileach, gur chaith sí lón leis uair.

Meastar gurbh iad an Craoibhín (a scríobh na réamhráite) agus an Duinníneach a spreag í chun tabhairt faoi thiomsú an Duanaire Gaedhilge. “Cnuasach de na seanamhráin is áille agus is mó clú” atá sa chéad imleabhar a foilsíodh in 1921, in 1924 a tháinig an dara himleabhar amach, cnuasach d’amhráin agus dánta 1600–1800; dánta stairiúla, dánta diaga agus laoithe Fiannaíochta atá sa triú cnuasach a foilsíodh in 1930.

Dúradh in Irish Book Lover (Márta-Aibreán 1930): “No better work in the way of anthology has been done and the minor faults inseparable from a work of this kind must be forgiven”. “Ón uair gur foilsíodh an chéad imleabhar den duanaire seo is minic a moladh an obair go léir ó shin agus ní haon ionadh é”, a dúirt an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh in An tUltach, Aibreán 1930. Dúirt Mac Reachtain gur lean sí le hobair an tiomsaithe. Ach níor foilsíodh a thuilleadh de.

In Irisleabhar na Gaedhilge Mhí na Nollag 1895 bhí alt Béarla aici faoin ainm ‘Rose M. Young, Galgorm Castle’ i dtaobh Ghaeilge Oileán Reachlainn. Bhí alt eile i mBéarla aici in An tEaglaiseach Gaelach, Samhain 1919, i dtaobh chráifeacht na nGael mar atá sí léirithe sna beannachtaí agus sna paidreacha.

Bhí sí in aghaidh an fhoréigin cé go raibh sí ar son na bhFíníní. Bhí sí ar son Parnell agus ar deireadh bhí bá aici leis an Sinn Féin a bhí ann roimh 1916. Chaith sí na sé bliana déag deireanacha dá saol in aontíos lena cara Margaret Dobbs. Bhí tite amach aici lena muintir. Is seanaintín í le Rosemary, an Bhantiarna Brookeborough.

D’éag sí i dteach Magaret Dobbs i bPort na gCuileann, Fochaill, Bun Abhann Dalla, ar 28 Bealtaine 1947 agus adhlacadh í i reilig Achadh Eochaille.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú