Chum sé péire dán a dtagraítear dóibh go minic i gcomhthéacs mheathlú na pátrúnachta: ‘Ceist! Cia do cheinneóchadh dán?’ (in eagar ag Osborn Bergin in Irish Bardic Poetry..., 1970) agus ‘A mhic ná meabhraigh éigse’ (i gcló ag Róis Ní Ógáin in Duanaire Gaedhilge, Iml. a 3, 1930). In ‘Irish poets, historians and judges in English documents, 1538–1615’ (Proceedings of the Royal Irish Academy XXXVI, C. no. 6, 1922) d’aimsigh Tomás Ó Rathile a ainm sna cáipéisí: ‘“Mahon O Hifernan, rimer,” 14 May 1585 [No.4642]. Mathghamhain Ó Hifearnáin. There are no place-names mentioned in this Fiant, but the persons pardoned appear to belong to “Co. Cork.” This is doubtless the poet of the name who was the author of Ceist, cia do cheinneóchadh dán and other pieces. He may well be identical with the man of the same name whom we find in the Shronell district in other Fiants, thus “Mahon O Hiffernan, of Sronill,” 1579 [no. 3547]; “Mahowne O Hiffernan, of Immelid [i.e. Emly], husbandman,” 1579 [no. 3567]; “Mahowne O Hiffernane, of Latten [Lattin, adjoining Shronell], yeoman,” 1587 9no.5006].’ Sloinne coitianta sa dúiche sin is ea Ó hIfearnáin. Sa chuntas ar an gcine atá aige in Ar Bruach na Coille Muaire .i. Liam Dall Ó hIfearnain cct..., 1939 luann Risteárd Ó FoghludhaMathghamhain Ó hIfearnáin a bheith i mBaile an Ghleanna i Srónaill i 1653 agus Ifearnánach eile a bheith ina chónaí i nGort an Bhaird i Srónaill. Tá Laition agus Srónaill ar an mbóthar idir baile Thiobraid Árann agus Imleach.

Bhí Gearaltaigh Dheasmhumhan mar phátrúin aige tamall agus b’fhéidir gurbh in a thug gur i gCorcaigh a bhí sé. Glactar leis gurbh é éirí amach na nGearaltach a d’fhág gur thúisce ná i mbaill eile a mheathlaigh an phátrúnacht in iarthar na Mumhan. Deir sé in ‘Ceist! Cia do cheinneóchadh dán?’ gur shiúil sé an Mhumhain leis an dán ach nár chuir Gaeil ná Gaill spéis ann agus go raibh sé anois, i ndiaidh na nGearaltach, ina ‘long cheannaigh’ a raibh a lasta caillte aici. In ‘A mhic ná meabhraigh éigse’ is í comhairle a thugann sé gan dul le ceird na filíochta, ach, sa chás gur ghá dá mhac a bheith ina fhile, gurbh fhearr Gaill ná Gaeil mar phátrúin. Tuilleann dán eile, ‘Créad fá dtá Tadhg is Lughaidh’ áit onórach dó in iomarbhá na bhfilí. Tá sé i gcló ag Láimhbheartach Mac Cionnaith in Iomarbhágh na bhFileadh, 1918; fabhalscéal is ea é faoi chat agus sionnach ag sáraíocht ar a chéile faoi mhuc a bhí sáinnithe acu agus seans dá réir á thabhairt acu do mhac tíre an mhuc a sciobadh leis. Deir Marc Caball (Poets and Politics..., 1998): ‘Evidently, Ó hIfearnáin was conscious of the failure of poets engaged in the “Contention” to contextualise or even acknowledge the potential or actual implications of the sea change which had unfolded in Ireland.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú