Ba iad Pádraig Ó hÓgáin, Páirtí an Lucht Oibre, agus Pádraig Ó Máille, Cumann na nGaedheal, fir faire Chonradh na Gaeilge i nDáil Éireann i mblianta tosaigh an tSaorstáit.

Sa Choillín, Cill Mháille, Co. an Chláir, a rugadh Pádraig 10 Deireadh Fómhair 1885. Patrick Hogan (75), pinsinéir airm a bhí dall, a athair, dar le daonáireamh 1901, agus ba í Brigid O'Connor (67) ón gCoillín a mháthair. 16 bliana a bhí ag Pádraig. Bhí feirm acu. Bhí Gaeilge ag an athair agus ag an mháthair ach ní raibh sí ag Pádraig óg (16). House to house Postman an cur síos atá ar Phádraig. Oibrithe coitianta ba ea aithreacha thuismitheoirí Phádraig. Phós siad ar 9 Feabhra 1872 i gCill Mháille agus bhí seisear clainne acu. Tar éis bunscolaíochta fostaíodh Pádraig mar fhear poist ach lean sé air ag léamh agus ag staidéar. Bhí an cur síos seo air ag an Clare Champion i ndiaidh a bháis: ‘The farmer’s son yearning for knowledge, he walked from Kilmaley to Ennis with the penny dictionary in his pocket to educate himself’. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge, agus is ó chomharsa béil dorais, fear a raibh grá aige don teanga, a d’fhoghlaim sé Gaeilge.

Mar bhall foirne de Cheardchumann Iompair agus Ollsaothair na hÉireann bhí baint aige le troid na n-oibrithe i mBaile Átha Cliath 1913. Bhí sé ina bhall de na hÓglaigh i Luimneach agus gabhadh agus cuireadh cúirt mhíleata air i mBealtaine 1921 faoi arm a bheith ina sheilbh. Ba le linn dó bheith i ngéibheann i Sasana a chum sé an t-amhrán ‘The Shawl of Galway grey’. Bhí dráma scríofa aige, Roisin’s Robe, 1966 agus bhíothas lena léiriú i Halla na Saoirse um Cháisc 1916.

Faoi 1922 bhí sé ina uachtarán ar an Clare Transport Workers’ Council. Bhí beartaithe aige seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre in olltoghchán 1922 sa Chlár. Sin é an toghchán ar socraíodh ar deireadh nach mbeadh mar iarrthóirí ach iad sin a raibh suíocháin acu cheana féin. Lá an ainmniúcháin, 6 Meitheamh, tharraing Éamonn Mac Giolla Iasachta, iarrthóir neamhspleách, siar. Bheadh na feirmeoirí sásta an rud céanna a dhéanamh dá mbeadh Pádraig sásta. Tá cuntas ag Kevin J. Browne in Eamon de Valera and the Banner County, 1982 ar dhráma agus ar ghreann an lae sin. Is léir gur cuireadh brú ar Phádraig a ainm a tharraingt siar. Ach toghadh é an bhliain dár gcionn agus i ngach toghchán as sin go 1937. Theip air i 1938 agus chaith sé 1938–43 ina bhall den Seanad. Bhí cáilithe aige mar abhcóide i 1936 agus bhí cleachtas ar siúl aige sa Chlár an fhad a bhí an suíochán Dála caillte aige. Toghadh é arís 1943 ach chaill sé an bhliain dár gcionn. Bhuaigh sé i 1948 agus 1951 agus ceapadh é ina Cheann Comhairle – bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle ó 1932 go 1938 – agus d’éirigh sé as an bpolaitíocht 1967 mar gheall ar dhrochshláinte.

D’éag sé 24 Eanáir 1969 i dteach a iníne, Mrs Owen McHugh, sa Mhuileann gCearr. Seán Dunne T.D. a thug an t-aitheasc i nGaeilge os cionn na huaighe i nDroim Cléibh sa Chlár. I dtuairisc a bháis in The Irish Times dúradh: ‘As Ceann Comhairle he enjoyed high popularity with all parties and his rulings, even during the most acrimonious debates, were accepted without question’.

Bhí sé ina bhall de Choimisiún na Gaeltachta, ina chathaoirleach ar an Irish Inter-Parliamentary Union, ina bhall de Chomhairle na Mire Gaile, ina leasuachtarán ar Chumann Turasóireachta na hÉireann agus ina chathaoirleach ar Choimisiún na Státseirbhíse. Scríobh sé The unmarried daughter and other stories, 1928 agus úrscéal, Camps on the hearthstone, [1955].

Bhí sé pósta ar Annie Mackey, deirfiúr le Herbert O. Mackey, fear cosanta chlú Ruairí Mhic Easmainn. Fuair sise bás beagnach fiche bliain roimhe. Bhí beirt mhac agus iníon amháin acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú