Ní raibh cuntas uirthi in aon nuachtán ná iris nuair a d’éag sí. Faoi 1986 ní raibh aon duine dá muintir beo agus ní raibh aon duine fágtha sa tSráidbhaile, Co. Laoise, a raibh aon chur amach aige nó aici ar thaobh na Gaeilge dá saol.

Jane Agnes Emily Young a ceartainmneacha. Ba iníon í le William Young, Leas-Leifteanant Chontae na Banríona agus giúistís, agus a bhean Margaret Emily Kirk as Durham. Ar 24 Lúnasa 1868 a rugadh í. Bhí aon deartháir amháin aici, John (1861–1945), a bhí ina Leas-Leifteanant sa chontae i ndiaidh a athar. I dteach breá áirgiúil Brockley Park a bhí cónaí orthu. Thóg an tlarla Roden é timpeall 1765 agus dhealródh gurbh é seanathair Úna an chéad duine de mhuintir Young a lonnaigh ann.

I 1928 d’fhoilsigh C. S. Ó Fallamhain agus a Chuid Dánta Dé idir sean agus nua. Ba í Úna a bhailigh idir fhocail is fhoinn agus a chuir an leabhar in eagar. Riobard Ó Duibhir a chuir “comhsheinm orgáin” leis na dánta. Thiomnaigh Úna an leabhar do Dhubhglas de hÍde. B’fhéidir gurbh eisean a dhírigh a haigne ar an teanga an chéad lá. Bhí bean amháin (Irene Ross, aois 95 i 1986) ar chuimhin léi an Craoibhín bheith ag fanacht i mBrockley Park. Deirtear freisin gurbh ann a d’fhanadh sé nuair a bhíodh Feis an Chontae ar siúl i dtús an chéid.

Is léir óna leabhar go raibh sí cairdiúil freisin le Pilib de Bhaldraithe, leis an Athair Tomás Ó Ceallaigh, le Neilí Ní Bhriain agus le hAntoine Ó Dochartaigh.

Bhí a hathair ina ghiúistís i gContae na Gaillimhe freisin agus teach “Doohulla Lodge” aige ann. Idir Baile Conaola agus Cloch na Rón atá an teach sin. Gaeltacht ba ea an ceantar le linn Úna agus b’fhéidir baint a bheith aigesean lena spéis sa teanga. B’fhéidir freisin gurbh í spéis an Tiarna Castletown (Mac Giolla Phádraig) a chuaigh i gcion uirthi.

Tá dán amháin ina leabhar agus deir sí gurbh í Róis Ní Ógáin a chuir chuici é. De réir Burke’s Landed Gentry (1904) b’as Port Chluain Eoghain i gContae Aontroma ó cheart do mhuintir Young an tSráidbhaile. Ach níl fhios an raibh aon ghaol ag Úna le Róis Ní Ógáin (“Youngs of Galgorm Castle” a thugtar ar a muintirsean).

Níl aon eolas cinnte faoin oideachas a fuair Úna. Síltear go raibh máistreás tí acu i mBrockley Park ach tá tuairim ann freisin go raibh sí ag freastal ar scoil Chumann na gCairde i Móinteach Mílic.

Timpeall 1915 a thosaigh sí ag bailiú na ndánta diaga. Bhí cuid acu i gcló aici in An tEaglaiseach Gaelach agus in The Irish Rosary. Chuir sí leabhar eile Sé úlla den chraoibh chuig an Gúm ach dhiúltaigh siad é. Níl tuairisc ar an lámhscríbhinn.

Fuair Úna bás go tobann i mBrockley Park ar 12 Lúnasa 1927. Náisiúnaí Protastúnach ba ea í. Tá cuimhne sa tSráidbhaile go mbíodh na dathanna náisiúnta le feiceáil ar na héadaí a chaitheadh sí. Cuimhnítear freisin gur ag rang Gaeilge a bhí sí nuair a tháinig scéala báis Thraolaigh Mhic Shuibhne agus go ndeachaigh sí ar a glúna chun an choróin Mhuire a rá.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú