‘Seo é an chéad cheoldráma a cumadh in Éirinn ó bhí an domhan seo ina chaor thine’, a scríobh Tomás Mac Domhnaill in An Claidheamh Soluis 14 Bealtaine 1910 faoi Eithne nó Éan an cheoil bhinn a léiríodh sa Ghaiety 15–21 Bealtaine 1910. Riobard Ó Duibhir a chum an ceol agus an tAthair Tomás Ó Ceallaigh a scríobh an leabhróg. Chuir Mac Domhnaill an cheist: ‘Tá de dhualgas ar gach Gael i mBaile Átha Cliath a dhícheall nó a dícheall a dhéanamh ar son an cheoldráma. Is minic a thagas Gaeil anseo leis an bpantomin a fheiceáil .... An dtiocfaidh na Gaeil go Baile Átha Cliath le seo a fheiceáil?’ Cé go raibh na hamhránaithe cáiliúla Joseph O’Mara agus Lillian Mathews páirteach ann, níor tháinig. ‘Apart from the apathy of the public, circumstances fought against success. There was some bad weather for one thing. Then there was the depression caused in some quarters by the death of the late king’ (The Leader 28 Bealtaine 1910). Ar 6 Bealtaine a d’éag Rí Edward VII.

Moladh an ceol in The Leader: ‘Mr O’Dwyer’s music is poetic in both form and colouring yet not wanting in that definiteness which enables much of it to lodge in one’s memory .... Perhaps the chief difficulties are connected with “the book” ...’. Ach dúradh san Irish Times 17 Bealtaine 1910: ‘The weakness of his music in many parts of Eithne largely arises out of too close an adherence to many of the most blatant mannerisms of Wagner, sometimes involving ugliness not justified by dramatic effect’.

Don Oireachtas a chum Ó Duibhir Eithne agus is sa Rotunda ar 2–5 Lúnasa 1909 a léiríodh a chéad uair é. ‘Thóg sé scéal de sheanscéalta na nGael, chuir a insint féin air agus ansin iarradh ormsa a scríobh ar a lorgsan i rannaíocht shimplí Ghaeilge’, a dúirt an tAthair Tomás Ó Ceallaigh sa leabhróg a d’fhoilsigh Muintir Ghuill 1909.

Dar leis an teastas breithe rugadh Robert Thomas ar 27 Eanáir 1862 do Thomas Dwyer, ‘journeyman tailor’, agus a bhean Mary Anne a bhfuil a sloinne doléite; b’fhéidir gur ‘Flood’ é. Tá an seoladh i mBriostó doléite freisin. Phós sé Mary Bertha Hinckley ar 2 Lúnasa 1893 in Church of the Holy Apostles, Barton Regis, ‘in the County of Bristol and Gloucester’. Ceoltóir an cur síos ar a ghairm bheatha. Bhí cónaí air in Clifton ag an am agus bhí an t-athair marbh. B'amhránaí Sasanach de chuid an Rouseby Opera Company í Mary agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Ba dhóigh lena mhuintir gurbh as Cluain Meala dá athair. Ó 1889 go 1891 bhí sé ina orgánaí eaglaise i mBriostó agus ansin ina bhall den Carl Rosa Opera agus ina stiúrthóir acu. Faoi 1896 bhí sé ina phríomhstiúrthóir ceoil ag an Rouseby Opera Company. Timpeall an ama seo a tháinig sé go hÉirinn agus bhí sé ina orgánaí eaglasta i mBré, i Ráth Maonais agus in eaglais na nÍosánach i Sráid Ghardnar, BÁC. Ba é céad stiúrthóir Chór an Oireachtais é nuair a cuireadh ar bun é Feabhra 1902. Bhíodh sé ag teagasc ceoil agus bhí Scoil Cheoil Ráth Maonais ar siúl aige timpeall 1911. Ceapadh ina ollamh le ceol Gaelach é i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath 1914. An tAthair Heinrich Bewerunge a bhí ina ollamh le ceol ann. D’imigh seisean abhaile ar saoire go Dusseldorf Iúil 1914 agus nuair nár fhill sé de dheasca an chogaidh is ar Ó Duibhir a thit iomlán obair na roinne. D’fhan Ó Duibhir ag obair sa Choláiste go 1939. Níor phost lánaimseartha an ollúnacht a bhí aige ann.

Luaitear ceoldráma Gaeilge eile leis, Cleopatra. B’fhéidir gur tugadh léiriú de chineál éigin dó tuairim 1929. Luaitear a ainm freisin le Amhráin an Oireachtais, 1902. Ba é a chuir ‘comhsheinm orgáin’ le Dánta Dé idir sean agus nua, 1928 le hÚna Ní Ógáin. Chraol Radio Éireann roinnt dá shaothar. Bhí sé ina stiúrthóir ag an Dublin Musical Society agus ag Cumann Ceoil na hOllscoile. Scríobh sé sráith alt i dtaobh an cheoil Ghaelaigh in An tEaglaiseach Gaelach, Feabhra 1925 et seq. Dar le Baker’s Concise dictionary gur fhág sé ina dhiaidh i bhfoirm lámhscríbhinne leabhar dar teideal Irish music and its traditions.

Cé gur tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 28 Bealtaine 1910 go raibh sé ag staidéar ar an nGaeilge go díograiseach ní cosúil gur éirigh leis í a fhoghlaim.

D’éag sé 6 Eanáir 1949.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú