I rith breis is deich mbliana ina Theachta Dála dó is i nGaeilge amháin a thugadh sé óráidí nó a chuireadh sé ceisteanna. Tá cuntas iarbháis in Clare Champion 17 Meitheamh 1994 agus tá an óráid a thug Mainchín Seoighe cois na huaighe i gcló in Anois 25-26 Meitheamh 1994 agus in Limerick Leader. Tá cuimhní pearsanta an údair sin (‘An Mangaire Súgach’) i gcló in Limerick Leader 18 Meitheamh 1994. I bhForúir, Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir, a rugadh é ar 17 Aibreán 1896. Bhí tuairim 75 acra idir phortach, thalamh riascúil agus thalamh réasúnta san áit sin ag a athair Pádraig. Ba í Máire Ní Shúilleabháin a mháthair; b’as an gcuid de Lios Uí Chathasaigh a dtugtaí ‘An Sliabh’ air di. Tá de chosúlacht láidir air go mba chainteoirí dúchais Gaeilge an lánúin. Cé nár le Gaeilge a tógadh Seán agus a chúigear deartháireacha agus a bheirt deirfiúracha, bhí raidhse Gaeilge sa cheantar le linn a n-óige. Is insuime go bhfuil i gcló in Éire: Bliainiris Ghaedheal, 1942 dán (‘Grá an Deoraí’) a chum a uncail Seán Ó Ceallaigh (d’éag 1915) i Nua-Eabhrac, agus go bhfuil i gcló ag Marion Gunn in A Chomharsain Éistigí agus Amhráin Eile as Co. an Chláir aistriúchán ar ‘Caoch the Piper’ (‘Prioch Bocht agus Caoch Ó Laoghaire’) a rinne an Seán céanna i Nua-Eabhrac.

Thosaigh sé i mbunscoil Lios Uí Chathasaigh nuair a bhí sé trí bliana d’aois—ní raibh a dheartháir Micheál, a bhí bliain níos sine, toilteanach dul ann gan Seán mar chompánach aige. Sa rang céanna ar ball bhí Eibhlín Ní Chomhraí (d’éag 27 Lúnasa 1990) a phósfadh sé 31 Iúil 1929. D’fhan sé sa bhunscoil go raibh sé tuairim 16 bliain d’aois. Bhí sé ina oifigeach eolais i mBriogáid Láir an Chláir i rith Chogadh na Saoirse agus ghlac páirt i luíochán an Rinnín agus in eachtraí eile; ní raibh sé sásta pinsean a iarraidh. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Tuairim 1921 fuair sé post mar mhúinteoir Gaeilge i gceantar Cheann Toirc agus Bhántír, Co. Chorcaí. Gabhadh é nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha agus i bPríosún Chorcaí toghadh é ina cheannasaí ar na príosúnaigh phoblachtacha. Aistríodh as sin é go dtí an Droichead Nua, Co. Chill Dara, mar a raibh Todd Andrews (1901-85), Séamus Ó Grianna, Seán MacBride (1904-88), agus Aodh de Blacam in aon champa leis. Bhí post múinteora aige faoi Chomhairle Chontae Luimnigh i 1923-24 ach chaill é nuair nach raibh sé sásta an mhóid dílseachta don Saorstát a ghlacadh. Chaith sé tamaill ag obair ar na bóithre agus ag plé le hárachas. Daoine a raibh sé mór leo sna 1920idí agus sna 1930idí ba ea Proinsias Ó Riain, Peadar O’Donnell (1893-1986), Moss Twomey, Liam Deasy. . . agus ní móide dlúthbhaint a bheith aige le Fianna Fáil i rith an ama sin; lean sé ina chomhalta den IRA go dtí gur thosaigh an feachtas buamála i Sasana, straitéis nach raibh sé ag réiteach léi. Bhí baint mhór aige sa Chlár le feachtas Pheadair Uí Dhónaill chun a thabhairt ar de Valera a gheallúint go gcuirfí deireadh leis na hannáidí a íoc leis an mBreatain.

Bhí sé ina mhúinteoir agus ina bhainisteoir i gCarraig an Chabhaltaigh. In Half a Century: Co. Clare VEC 1930-80, [1980] le Matt Power deirtear: ‘In response to a request from the Carrigaholt residents, a Vocational School was opened in the building in 1934. The College trustees built a domestic economy room to facilitate the course. The Vocational Committee equipped the premises and serviced the loan obtained for the extension. Seán Ó Ceallaigh, College secretary, was appointed teacher-in-charge and all instruction was through the medium of Irish.’ D’aistrigh sé go hInis i 1943 agus bhí fostaithe ag an gCoiste Gairmoideachais mar mhúinteoir Gaeilge in Inis anuas go 1959. Bhí sé ina rúnaí ar Fhianna Fáil sa Chlár ar feadh tamaill fhada agus ag am a bháis bhí sé ina uachtarán ar Chomhairle Dáilcheantair an Chláir. Toghadh é mar Theachta Dála i 1959, nuair a toghadh de Valera ina Uachtarán, agus atoghadh é i 1961 agus 1965. Níor sheas sé i 1969.

Duine dá dhaltaí i gCarraig an Chabhaltaigh i 1937 ba ea Mainchín Seoighe agus dúirt seisean: ‘Bhí sé ina chainteoir Gaeilge chomh líofa is a casadh orm riamh, agus Gaeilge an Chláir go binn aige .... Bhí stíl fhíorthaitneamhach aige, saghas cantaireachta, chun filíocht Ghaeilge a rá, stíl a d’fhoghlaim sé ó sheanchainteoirí dúchais i gContae An Chlair’. Agus dúirt sé freisin: ‘Maidir le filíocht Ghaeilge, ní raibh teora leis an méid di a bhí de ghlanmheabhair aige: “Cúirt an Mheán Oíche” ó thús go deireadh mar shampla.’ Thugadh sé a ceart do Ghaeilge an Chláir agus dán Mherriman á reic aige; tá taifead de i gcartlann na Gaeilge labhartha sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D’fhiafraigh a mhac de uair conas nó cathain a d’fhoghlaim sé an dán agus d’fhreagair sé: ‘Níor fhoghlaim mé é. Léigh mé an dán cúig nó sé babhtaí agus thug mé liom é.’ D’éag sé ar 15 Meitheamh 1994 agus cuireadh é i Lios Uí Chathasaigh. Is beag má theip ar aon chuid dá ghéarchúis ná dá ghrinneas agus tamall gairid roimh a bhás bhí sé in ann a thomhas go cruinn gurbh é Pat Cox a bhuafadh an suíochán deiridh sa Mhumhain i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa. Is é an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh OFM a aon duine clainne agus bhain sé idir phléisiúr agus ghreann ocht lá roimh a bhás as easpag á dhéanamh de mhac duine a bhí orthu sin a rinneadh a choinnealbhá i rith an Chogaidh Chathartha. Bhí spéis ar leith aige sa bheachaireacht agus i bhfoireann iomána an Chláir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú