‘File agus óglach Ghort na Tiobradan’ an cur síos atá air ar an leac uaighe i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne. I nGort na Tiobratan in aice na reilige sin a rugadh é ar 2 Meán Fómhair 1893. Siúinéir agus tógálaí ón gCillín, Gleann Fleisce, ba ea a athair Conchubhar agus ba í Maighréad Ní Thuama ó Screathan na nGamhan, Cúil Aodha, a mháthair. Bhí feirm bheag acu ach d’éirigh le Conchubhar, agus le Próinséas ina dhiaidh, í a mhéadú de réir a chéile. Ní raibh acu ach an t-aon duine eile clainne, Tomás, agus fuair seisean bás go hóg.

Bhí Micheál Ó Briain agus Paddy Collins i measc a mhúinteoirí i Scoil Náisiúnta Bhaile Bhuirne. Bíonn tagairtí dó in An Claidheamh Soluis i rith na tréimhse 1917-18: ar 1 Meán Fómhair 1917 gur bhuaigh sé £5 ar eolas coiteann le híoc ar théarma i gColáiste na Mumhan; ar 27 Aibreán 1918 go raibh sé ina rúnaí ar choiste ceantair Mhaigh Chromtha de Chonradh na Gaeilge; agus ar 20 Meán Fómhair 1918 gur mhol Coiste Chontae Chorcaí obair Phroinnséis Uí Cheallaigh, an ‘Ceithearnach’, i mBaile Bhuirne.

Bhí sé ina bhall de Chomplacht B den 8ú Cathlán de Chéad Bhriogáid Chorcaí d’Óglaigh na hÉireann i rith Chogadh na Saoirse. Nuair a gabhadh é ar 9 Deireadh Fómhair 1920 cuireadh cúirt mhíleata air agus gearradh sé mhí pianseirbhíse air. Anuas go deireadh Bhealtaine 1921 chaith sé 31 seachtain ar fad i bpríosún. D’fhreastail sé ar chúrsaí i gcomhair múinteoirí Gaeilge faoin gCoiste Gairmoideachais mar a raibh Cormac Ó Cuilleanáin agus Dónall Ó Corcora mar ollúna aige. Ceapadh é ina mhúinteoir Gaeilge go páirtaimseartha ar dtús agus ansin go lánaimseartha. D’éirigh sé as an obair sin i ngeall ar dhrochshláinte i ndeireadh na 1940idí agus chuaigh go hiomlán le feirmeoireacht.

Ceann de na cúraimí a chuir an Coiste Gairmoideachais air i rith na tréimhse 1933-36 ba ea béaloideas a bhailiú i bparóistí Bhaile Bhuirne agus Chill na Martra. Tá cuid dá shaothar le feiceáil in Béaloideas 7, 1937 agus é curtha in eagar ag Fionán Mac Coluim faoin teideal ‘Amhráin Ó Mhúscraighe’. Foilsíodh é mar leabhrán níos deireanaí agus tá réamhrá ag Próinséas ann ina gcuireann sé síos go háirithe ar Nóra Ní Chonaill (Uí Uidhir) ar bhailigh sé 125 amhrán uaithi.

Deir Donncha Ó Cróinín faoi in Béaloideas 32, 1964: ‘...bhí craobh bhuacach de Chonradh na Gaeilge ag obair i mBaile Mhúirne, agus Próinséas Ó Ceallaigh, O.G., i mbun agus i mbarr gach éinní. . . Bhí Próinséas Ó Ceallaigh ar dhuine de na daoine ba thúisce a thug lámh san obair [bailiú béaloideasa] i gContae Chorcaí, agus mara mbeadh ann ach an díolaim bhreá amhrán a thóg sé síos ó Nóra Ní Uidhir níor mhór a ainm a chur go hard ar an liosta. Ach do scríobh sé mórán eile fairis sin ó sheandaoine a bhí ag tarrac ar an síorraíocht, i gcaoi gur sciob sé ó chrúcaibh an bháis nithe ná beadh agus nach raibh aon teacht orthu níos déanaí’.

Dúirt Peadar Ó hAnnracháin: ‘Bhailigh sé roinnt mhaith béaloidis le déanaí, ach is trua nár moladh dó tabhairt fé i bhfad níos túisce, mar bhí lán a’ mhála dhe an uair sin ina cheantar féin’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944).

I measc an bhailiúcháin a chuir sé chuig an gCoimisiún Béaloideasa bhí smut de chaoineadh a rinne an file Nóra Ní Shuibhne ó Ghort an Acra, Baile Bhuirne, nuair a d’éag a fear céile Micheál Ó Tuama sa Screathán. ‘Fear tí fial fairseag / Nár chrom riamh a mhala/Nár tharraig anuas riamh a hata/ I dtig ná i dtáirne an leanna / Ná in aon áit eile ina bheathaig / Go nglaofaí fear ar fearaibh/ Do gheobhfaí é le freagairt’. Ba í an file seo a sheanmháthair féin agus níorbh aon ionadh go gcumadh sé féin dánta. Deir an tAthair Pádraig Ó Tuathaigh in Filí an tSuláin: ‘B’é Proinsias an duine deireannach gur bhronn “Gael na nGael” [Pádraig Ó Crualaíoch B1] an “Pas Filíochta” air’. Tagraíonn An Camán 4 Márta 1933 don ‘marbhna caointeach cráite’ a rinne sé ar an bpoblachtach Donncha de Lása (maraíodh 18 Feabhra 1923). Bhuaigh sé cuid mhaith duaiseanna liteartha ag an Oireachtas idir 1939 agus 1954 agus tá a dhéantús le fáil i nduanairí mar Nua-Fhilí (1942-52) agus Nua-Fhilí 2 (1953-1963) le Séamus Ó Céileachair agus i leabhrán duaisiarrachtaí Oireachtas 1944 in eagar ag Pádraig Ó Siochfhradha. Ba é a chuir an dán cáiliúil ‘Caoine Mhic Eoghain na Tuinne’ i gcló in An Lóchrann, Eanáir 1926.

Phós sé Máire Ní Chorbáin ó Choiscéim na Caillí, Co. Chorcaí, i 1945 agus bhí cúigear mac agus iníon amháin acu. Mic leis is ea an file Dónall agus craoltóir Raidió na Gaeltachta, Tómás Ó Ceallaigh. D’éag sé 14 Lúnasa 1971.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú