I Sráid Anraí i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, a rugadh é ar 29 Meitheamh 1885. Ina theastas breithe is é Forestal an leagan den sloinne atá ar a athair Andrew, siúinéir. Eliza Monaghan ab ainm dá mháthair. Dáréag a rugadh don lánúin ach ní raibh beo díobh faoi 1911 ach seachtar. Ba é Seán an dara duine díobh sin agus an mac ba shine. Bhí beirt deartháir agus ceathrar deirfiúreacha aige. Tá curtha síos i nDaonáireamh 1901 go raibh sé 15 bliana d’aois agus fostaithe mar chléireach ag an gComhairle Contae, é ina chónaí lena mhuintir i Sráid Anraí. Bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Ceilteach sa bhaile sin agus bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh Tulach Mhór de Chonradh na Gaeilge agus bhí ina rúnaí acu ar feadh tamaill. Toghadh é ina bhall de choiste teicniúil Chomhairle Chontae Uíbh Fhailí. In An Claidheamh Soluis 24 Samhain 1906 dúradh ina thaobh: ‘Tullamore Gaels regret the departure of one of their gifted and earnest workers. In his new career—that of journalism—he will, however, be able to strike a telling blow for the cause’.

Is go Baile Átha Cliath a chuaigh sé agus bhí ina chúntóir liteartha i gcomhlacht clódóireachta Sealy, Bryers & Walker ar dtús agus ansin ina ionadaí acu i mBaile Átha Cliath sular aistrigh sé go comhlacht Thom. ‘Commercial traveller’ an cur síos atá air sa teastas báis. Bhí baint aige le Cumann Lúthchleas Gael sna blianta tosaigh sa chathair agus bhí ar dhuine de bhunaitheoirí fhoireann iomána Dháibhís.

I 1907, comhthoghadh é ina bhall den Choiste Brostuithe, fochoiste den Choiste Gnó a bhí i mbun cúrsaí bolscaireachta. Ceapadh é ina rúnaí ar an Ard-Chraobh agus bhí sé ar dhuine dá dteachtaí chuig Ardfheiseanna 1915 agus 1916. Ó 1917 ar aghaidh bhí sé ina bhall den Choiste Gnó agus chaith sé tamall ina uachtarán ar Chraobh Móibhí. Bhí sé freisin ina bhall de choiste seasta Shinn Féin agus toghadh ina chomhairleoir cathrach é—‘duine den mhórsheisear Gaeilgeoirí ar Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath’, dar le Misneach 27 Samhain 1919. Deirtear gurbh é ba mhó lena linn ba chionsiocair le stádas a bhaint amach don teanga in imeachtaí an Bhardais. Dhéanadh sé deimhin de go dtugtaí freagraí i nGaeilge ar litreacha Gaeilge. Bhí baint aige le hatheagar a chur ar fhoireann na ranna éagsúla den Bhardas agus le caighdeán thithe an Bhardais a fheabhsú. Faoi 1922 bhí sé i gceist go mór san iomaíocht do phost an Ard-Mhéara. Ainmníodh é i nGlas Naíon mar iarrthóir san olltoghchán ach tharraing sé siar ar mhaithe le Philip Cosgrave.

Gheofar tuairim i dtaobh a chumais chun aisteoireachta ó pháirt Naoise a bheith aige i léiriú de dhráma Thomáis Uí Cheallaigh, Déirdre, ag Oireachtas 1909. Máire Nic Shiubhlaigh a bhí sa phríomhról. Thuairiscigh Sinn Féin 26 Aibreán 1913 páirt a bheith aige in Bairbre Ruadh in Amharclann na Mainistreach. I gcomórtais liteartha an Oireachtais bhain sé an dara duais ar ‘dhráma fada oiriúnach do mhuintir na Gaeltachta’ i 1914, agus i 1918 roinneadh an chéad duais do dhráma nua air féin agus ar Phádraic Ó Conaire. Luaití mar aisteoir é chomh fada siar le 1911. Bhí sé ina bhall de chompántas na gCluicheoirí agus rólanna aige sna drámaí a léirigh siad in amharclann Shráid Hardwicke i 1915–6. Bhí aistí i gcló aige in An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae i 1917–18.

Bhí baint aige le cúirteanna Shinn Féin agus cuireadh i bpríosún é faoi dhó (Misneach 20 Márta 1920). Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh agus chuaigh sé in éineacht le Piaras Béaslaí agus James O’Mara (1873–1948) go dtí na Stáit Aontaithe chun bolscaireacht a dhéanamh don stát nua. Fuair sé bás de niúmóine 29 Meán Fómhair 1922. Phós sé Bríd Nic Fhionnlaoich i 1913 agus bhí cónaí orthu ag 54 Bóthar Marguerite, Glas Naíon. Cailleadh mac leo cúpla lá sular fhill Seán ó na Stáit agus mac eile go gairid ina dhiaidh sin. Dúirt sé in aiste dar teideal ‘His last thoughts of Ireland’ in An Saorstát 14 Deireadh Fómhair 1922: ‘Even now if a sudden frenzy of sanity should seize the Irregulars it might be possible to recover some of this vivifying, exhilarating force but we fear the high emotionalism evinced during the past few years will be replaced by a conservatism that will look with suspicion on everything remotely related to Gaelicisation and in the outcome the Irish Irelander’s idea may disappear’. Scríobhadh ina thaobh san uimhir chéanna sin den iris: ‘Dá gcuirtí síos ar gach rud a rinne Seán ar son na hÉireann líonfhadh sé leabhar mór. Chabhraigh sé le gach obair a rachadh i dtairbhe don tír ach ní féidir a dhéanamh anseo ach a thaispeáint go raibh a chroí riamh san nGaeilge agus gur thábhacht leis obair na Gaeilge go dtí lá a bháis’. De réir séalaí oifigiúla atá i gcomhad faoina ainm sa Chartlann Náisiúnta, ceapadh é ina chinsire scannán, post oinigh, i 1921/2.

Tá sé curtha i nGlas Naíon. Bhí Pádraig Ó Bróithe pósta ar a dheirfiúr Éilís.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú