I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 17 Bealtaine 1897. B’as Cill Chainnaigh dá thuismitheoirí, Maitias Ó Bróithe a bhí ag obair mar chlódóir san Irish Independent, agus Julia Lennon. Ar scoil i nDroim Conrach agus Scoil Uí Chonaill agus ansin i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Bhí a athair páirteach i dtabhairt na ngunnaí i dtír i mBinn Éadair. Chuaigh Pádraig isteach sna hÓglaigh i 1917 mar bhall de Chomplacht B den Dara Cath. Bhí baint aige le Craobh an Chéitinnigh go luath ina shaol agus ina dhiaidhsean i gCraobh Móibhí i nGlas Naíon. Eisean is mó a chuir eagar ar an gcraobh sin. Ann a casadh a bhean chéile, Éilís Nic Chaoilte air. Bhí a dheartháirsean ina bhall den Choiste Gnó—Seán Mac Caoilte—agus cúpla duais Oireachtais buaite aige lena chuid drámaí.

Ba mhaith le Pádraig ón gcéad lá spéis leanaí sa Ghaeilge a mhúscailt. Bhíodh sé i gcónaí ag cur imeachtaí ar siúl dóibh. Tá leidí den rud a chuir sé roimhe a dhéanamh in aistí uaidh in Misneach (Bealtaine agus Lúnasa 1921): ‘Na leanbhaí—tá an ithir ag feitheamh ar lúth ár lámh’ agus ‘Leabhra don aos óg’. Dúirt an Duinníneach ina thaobh in The Leader (5 Feabhra 1921): ‘Dá mbeadh ógánach dúthrachtach tuigseanach de leithéid Phádraig againn i ngach aon cheanntar in Éirinn bheadh súil againn le barra breá Gaedhilge gan ró-mhoill’. Tuairim 25 leabhar a scríobh sé do pháistí, idir dhrámaí agus scéalta, sa tréimhse 1923–1949. Cé gur do pháistí a bhíodh sé ag scríobh níor chuaigh sé saor ón gcinsire. Ghnóthaigh dráma a scríobh sé, An siodhbhradh, duais Oireachtais. Shíl an Roinn Oideachais nach raibh an t-ábhar oiriúnach do pháistí agus go raibh an Ghaeilge róshimplí. Chuir Pádraig imlitir amach chuig na scoileanna i 1944: ‘Tá an leabhar coiscithe sna scoileanna ó cuireadh i gcló é ceithre bliana ó shin agus ós rud é nach féidir é a dhíol dá dheasca táthar á scaipeadh in aisce ionnas go dtuigfear cad é an saghas dráma nach ceart duais a thabhairt dó agus chun ná déanfaidh moltóirí an Oireachtais an botún céanna arís. Sa chás seo bheadh na moltóirí míthuiscionacha ciontach i dtruailliú intinne na leanaí .... Rabhadh: B’fhearr an leabhar seo a dhó ar eagla go bhfaighfeadh aon duine óg greim air’.

Bhí spéis aige san aisteoireacht agus bhíodh sé páirteach i léirithe an Chomhair Drámaíochta ó cuireadh an Comhar ar bun in Iúil 1923. Scríobh sé dhá dhráma do dhaoine fásta: Réidhteach na ceiste, 1925 (tragóid) agus Cinnte, 1937 (greanndráma). Bhunaigh sé páipéar An Óige a ndéanadh sé féin eagarthóireacht air. Chuir sé leabhar urnaithe do pháistí amach—Glaodhach an anama—agus i 1922 foilsíodh leabhar eile dá chuid Gaedhilg san Oifig: office dialogues with pronunciation and translation.

Bhí post aige i mBardas Bhaile Átha Cliath agus d’éag sé ar 15 Márta 1949.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú