I mBoth Chomhla, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 23 Nollaig 1885. Ba é an cúigiú duine é den seisear clainne a bhí ag John McDonnell, feirmeoir, agus a bhean Margaret Clarke. Bhí beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Bhí an Gaeilge aige ó dhúchas. ‘Gaeilgeoir cliste dílis ba ea í’, a dúradh faoin mháthair i dtuairisc a báis in An Claidheamh Soluis 16 Deireadh Fómhair 1915. Níl a fhios ar cuireadh chuig meánscoil é. Is cosúil gur fhreastail sé ar Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh i 1905. I 1913 foilsíodh a Sliocht de sgríbhinní Mhichíl Bhreathnaigh maille lena bheathaidh. ‘Thit sé ar mo chrannsa beatha Mhichíl Bhreathnaigh, mo chara croí, do chuir i scríbhneoireacht os comhair Gael na haimsire seo’. Coiste Chuimhneacháin an Bhreathnaigh a d’iarr air é seo a dhéanamh. ‘Ar feadh trí mblian i gColáiste Chonnacht chuireas aithne, caidreamh agus eolas air. Bhí mé ina chuideachtain ar feadh na dtrí dtéarmaí inar chuir a chuid oibre, agus é ina árdollamh ar an gColáiste sin, a ainm agus a chlú ar fud na hÉireann go léir’. Tagraíodh dó féin agus do Phádraig Ó Domhnalláin mar bheirt de na múinteoirí Gaeilge ab fhearr sa tír in An Claidheamh Soluis 18 Iúil 1908. Is é an cur síos atá air in Sinn Féin 12 Deireadh Fómhair 1909: ‘formerly assistant principal in the Connacht College’. Dúradh sa mhír nuachta chéanna go raibh sé ina oide cónaithe i Scoil Éanna agus gurbh é a bheadh i gceannas na mbunranganna agus na meánranganna i gColáiste Laighean gach Satharn. Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911.

Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911).

In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F. Cronin: ‘Burly florid-faced Thomas McDonnell, who took the Irish classes, followed the professor tradition of being most absent-minded. When he had charge of study—an announcement which resulted always in Thomas being accorded an ovation—he spent three solid hours strumming tenderly, noiselessly, on his beloved violin. When the professor had reached the stage where his nimble restless fingers strayed to the rope of the curtain, as if hoping to extract a tune from it, then one could safely push away one’s books, soak a wad of blotting paper in the inkwell and let someone have it’.

Deir a mhuintir go raibh sé in ann an fheadóg stáin a sheinm agus gan ach ceithre bliana aige. I Scoil Éanna bhí sé i bhfeighil an cheoil ag an tóstal a tionóladh i 1909 agus ag an dráma páise a léiríodh i 1910. Scríobh sé léirmheas ar an gceoldráma Eithne nó Éan an cheoil bhinn in An Claidheamh Soluis 14 Bealtaine 1910. Chum sé caoineadh ar Mhicheál Breathnach: bhí siad ar Loch Measca tráthnóna breá gréine agus d’iarr Micheál air ceol caointe a chumadh dhó— sheinn sé an ceol dó ar an bpíb chogaidh. Chuir sé i gcló é in Sliocht de sgríbhinní Mhichíl Bhreathnaigh. Deirtear in Amhráin Mhuighe Seola gurbh é a scríobh síos ó Mhicheál Breathnach an fonn a ndeirtear amhrán Thomáis Uí Cheallaigh, ‘Suantraí’, leis. Thug sé léacht ar cheol traidisiúnta na hÉireann ar 2 Lúnasa 1911 ag comhdháil a tionóladh i rith an Oireachtais.

Bhí aistí i gcló aige idir 1908 agus 1912 in An Claidheamh Soluis, An Macaomh, An Barr Buadh. I 1910 d’aistrigh sé in An Claidheamh Soluis aiste a scríobh Pokorny, ‘Barúil na scoláirí ar an móirthír ar theangacha na gCeilteach’. San iris chéanna i 1912 d’aistrigh sé scéal le Daudet. Tagraíonn Philip O’Leary (The Prose Literature of the Gaelic Revival 1881-1941, 1994) dá aistriúcháin ar Riders to the Sea le Synge. Bhí Cluicheoirí na hÉireann lena léiriú ag Oireachtas 1910 ach b’éigean é a chur ar ceal mar gheall ar fhadhb a bhain le cearta aisteoireachta. Léirigh siad a bhundráma Áine agus Caoimghín ag an Oireachtas sin agus foilsíodh é an bhliain chéanna. Dúirt Pádraig Ó Conaire agus é ag tagairt don dráma sin, dar leis An Claidheamh Soluis 5 Samhain 1910: ‘Tá an teanga go líofa ag Tomás Mac Domhnaill agus modh smaointe faoi leith aige’.

Ball díograiseach de Chonradh na Gaeilge ba ea é. D’eagraigh sé mórshiúl na heagraíochta i nGaillimh i 1910. An bhliain chéanna sin foilsíodh a Leabhar ar Áireamh: an dara cuid. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó i 1911-2. Bhí sé ar fhochoiste a ceapadh le staid na teanga sna meánscoileanna a iniúchadh (idem 17 Lúnasa 1912). Tuairiscíodh 3 Bealtaine 1913 gur labhair sé ag cruinniú a bhí ag an gConradh sa Chealtrach. Lean sé air ag teagasc i gColáiste Laighean go 1913 (idem 18 Deireadh Fómhair 1913) agus léigh sé páipéar do Chúirt Chumann na hÉigse ag Oireachtas 1914 (idem 8 Lúnasa 1914) ach is beag má tá aon tagairt dó sna hirisí ina dhiaidh sin. Is dóigh go raibh sé gafa go hiomlán le dianstaidéar. D’éirigh leis sa scrúdú máithreánach i 1912 agus bhain sé an chéad áit amach i scrúdú iontrála Choláiste Ríoga na Máinlianna. ‘The many friends of Tomás Mac Domhnaill, vice-principal of Coláiste an Spidéil will be pleased to hear of his brilliant success at the recent medical examinations in the Royal College of Surgeons and Physicians in Dublin (idem 24 Deireadh Fómhair 1914). Bhí an chéad áit aige i ngach scrúdú go dtí gur cháiligh sé i samhradh na bliana 1917. Chuaigh sé go hOspidéal an Choim i mBaile Átha Cliath agus bhain sé cáilíocht bhreise amach ansin tar éis sé mhí. Chaith sé leath bhliain ar chúrsa speisialta iarchéime i nDún Éideann. Ceapadh é ina dhochtúir íoclainne i gceantar Chill Tuama i gContae Ros Comáin agus deirtear go raibh sé ina mháinlia comhairleach ag na hÓglaigh i lár na tíre. Phós sé Elizabeth Maria O’Donnell, iníon le bainisteoir bainc. D’iompaigh sí ina Caitliceach ag an am. Bhunaigh sé Teach Banaltrais Bhaile Átha Luain agus ba é féin an príomh-mháinlia ann. D’éag sé go tobann ina theach féin ar 28 Márta 1938 agus tá sé curtha i reilig Ghráinseach an Déin. D’éag a bhean 6 Iúil 1966 ag 4 Páirc Crosthwaite Theas, Dún Laoghaire. Ina huacht d’fhág sí £3,000 ag Coláiste Ríoga na Máinlianna ar mhaithe le forbairt eolaíocht an leighis in Éirinn, an ‘Dr T.P. MacDonnell Bequests’. D’fhág sí breis agus £2,000 le cabhrú chun oibreacha stairiúla le céimithe an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a fhoilsiú agus d’ordaigh go dtabharfaí an ‘Dr. T. P. MacDonnell Fund for the furtherance of Historical Scholarship’ ar an tiomnacht sin. B’fhiú £32, 973 a heastát.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú