Cé gurbh i 1906 a scríobh Pádraig Ó hÉigeartaigh ‘Ochón! a Dhonncha’ (nó ‘An Leanbh báite’) ar bhá a mhic, roghnaigh Ó Tuama agus Kinsella é in An duanaire 1600–1900: Poems of the dispossessed, 1981. ‘The poem, in its simple conventional expression of a profound grief, makes a moving end to the high literary tradition of three centuries’. Deirtear in Catholic Bulletin, Márta 1936 gur ar a shlí abhaile ón scoil a bádh a mhac Donncha.

Sa Bhréachaigh i bparóiste na Dromad in Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí a rugadh é 12 Feabhra 1871. Sin é an dáta atá ar a theastas baiste agus ‘Hegarty’ an leagan Béarla den sloinne atá ann. Níor cláraíodh an bhreith go dtí mí an Mheithimh agus 24 Aibreán 1871 an dáta breithe ar an teastas beireatais. ‘Hagerty’ an chaoi a litrítear a shloinne ansiúd agus sin é a bhíonn i gcló in An Claidheamh Soluis agus atá greanta ar an leacht i Reilig N.Micheál i Springfield. Is docha gur dá ainm cóineartaithe a sheasann an túslitir ‘F’ a chuireadh sé lena ainm go minic. Patrick Hagerty, oibrí nó ‘labourer’ a athair, agus ba í Mary Lynch a mháthair. In Catholic Bulletin, Márta 1936 tugtar le fios go ndeachaigh a mhuintir go Meiriceá nuair a cuireadh as seilbh iad. Bhí sé dhá bhliain déag d'aois ag an am agus, dar le Muiris Ó Droighneáin (Taighde i gcomhair stair litrídheachta na nua-Ghaedhilge ...), chuaigh ag obair i monarcha chadáis. Faoi 1891 is i Springfield a bhí sé ag cur faoi agus post aige sa chathair sin leis an Charles F. Lynch Clothing Company. I Springfield a chaith sé an chuid eile dá shaol agus ann a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge as Poets and poetry of Munster. Nuair a bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair 22 Feabhra 1897 is ar Phádraig a thit cúram na múinteoireachta agus na rúnaíochta. Bhí baint mhór aige leis an gConradh ina dhiaidh sin agus chuireadh sé bailiúcháin airgid chuig an gceannáras; samplaí air sin na litreacha agus na liostaí in An Claidheamh Soluis 9 Feabhra agus 10 Lúnasa 1901. I mí na Nollag 1899 bhí sé mar ionadaí ó Springfield ag chomhdháil chraobhacha Mheiriceá a raibh an Dr de Hindeberg ina chathaoirleach air.

Phós sé Catherine Ward (1869–1955) agus thóg siad a gclann, triúr iníonacha agus ceathrar mac le Gaeilge. ‘Entering his Irish-speaking home, where I was often an honoured guest, was like stepping into a ceilidhe in Iveragh or Corcaguiny, or in Conamara, the native place of his cultured wife, Catherine A. Ward. The home language being thus a happy blend of the South and the West, it was but natural that he should attract around him the most earnest Gaels of that very Irish city ....’, a scríobh Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] in The Kerryman i ndiaidh a bháis. Cúpla ba ea beirt den chlann, Donncha agus Diarmuid.

D’eagraíodh sé feis i Springfield agus thugadh ar chuid de scríbhneoirí na Gaeilge cur isteach ar chomórtais liteartha na feise sin. I 1911 nuair a bhí an tAthair Micheál Ó Flannagáin agus Fionán Mac Coluim ag bailiú airgid don Chonradh sna Stáit d’iarr Pádraig orthu fear a roghnú chun feiseanna a eagrú i mórchathracha an chósta thoir agus is ar an gcuma sin a chaith Micheál Ó Conchubhair ó Thrá Lí cúpla bliain ann.

Bhí baint an-mhór ag Pádraig le saol na nÉireannach thall, é ina bhall den AOH agus ar dhuine de bhunaitheoirí an John Boyle O’Reilly Club (club a d’fhág sé toisc nach raibh sé ag réiteach le hólachán), ina eagraí ag aonad Springfield de Arm na Poblachta, ina oibrí le haghaidh bhannaí na hÉireann agus ina uachtarán i Massachussetts ar The American Association for the Recognition of the Irish Republic. Deirtear gur thóg sé morgáiste $3,000 ar a theach chun é a sheoladh chun an IRA in Éirinn.

D’fhoilsigh Pádraig Mac Piarais an caoineadh a chum sé ar a mhac in An Claidheamh Soluis. Rinne Mac Piarais aistriúchán Béarla atá i gcló in Irish Review, Bealtaine 1911, faoin teideal ‘Sliocht duanaire Gaeilge: Specimens from an Irish anthology’. Chuir sé an nóta seo leis: ‘“The Keen for the Drowned Child” was made in America by a poet still living, Patrick Hegarty, of Springfield, Mass. He sent it to me while I was editing An Claidheamh Soluis, and I published it in the issue of 7 April 1906. Cill na Dromad is the Munster churchyard in which the father had hoped his child would be buried, or else in “some grave in the West”, for his mother was from Connacht. I am more conscious in this than in the previous cases of the inadequacy of my English prose to render either the deep melody of the original or the exquisite delicacy of its phrase’.

Roghnaíodh do dhuanairí eile é: Cuisle na hÉigse, 1920, in eagar ag Éamonn Cuirtéis; Filidheacht na nGaedheal, 1940, in eagar ag Pádraig Ó Canainn. Is beag a scríobh sé i ndiaidh bhá an mhic.

D’éirigh sé as an bpost sa Charles F. Lynch Clothing Company tar éis bheith ann ar feadh 30 bliain agus chuir siopa éadaigh dá chuid féin ar bun. Ag 66 Cleveland Street, Springfield, a bhí cónaí air. Tháinig sé abhaile go hÉirinn i 1935, an chéad uair dó ó bhí sé ina leanbh. Thug sé léacht uaidh sa choláiste Gaeilge i mBaile an Sceilg, chaith tamall le muintir a mhná i gConamara agus thug cuairt ar a chara Sceilg a bhí i bpríosún i Mountjoy ag an am. Tholg sé niúmóine ag sochraid cliamhain leis i Springfield, Oscar McMahon, agus d’éag 17 Eanáir 1936. Tá sé curtha i reilig Naomh Micheál, Springfield. Tháinig Joc McGarrity ó Philadelphia, an poblachtánach Éireannach ba cháiliúla sna Stáit, le labhairt os cionn na huaighe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú