Tugann Seán Ó Ceallaigh a bhfuil ar eolas faoi na deartháireacha Callanán agus a saothar in Filíocht na gCallanán, 1967. Bhí na dánta bailithe ag Tomás Ó Raghallaigh agus thug seisean don Cheallach iad. Bhí aithne aigesean ar Thomás Ó Callanáin, garmhac do Pheatsaí. I gCaithrín an Duibhéin, i bparóiste Chreachmhaoile, a rugadh na filí seo. Feirmeoirí iad a bhí compordach go leor. Breis is fiche acra agus cuid de choimín an turlaigh a bhí ag Peatsaí. Agus is cosúil go mbíodh Marcas ag tuíodóireacht freisin. Deir Ó Ceallaigh gur minic sa bhéaloideas a déantar aon duine amháin den bheirt, agus go bhfuil tagairtí don Challanánach ag Dubhghlas de hÍde gan ainm baiste a thabhairt. Peatsaí is mó a bhíodh i gceist ag na seandaoine, ag de hÍde agus ag an mBantiarna Gregory; mhair seisean ocht mbliana déag ar a laghad tar éis Mharcais. De réir a chéile bhí Marcas á ligean i ndearmad. Deir Ó Ceallaigh gur cuireadh filíocht agus tréithe Mharcais i leith Pheatsaí, ‘cé go mba deacair beirt deartháir a fháil a bhí chomh mór sin in uireasa cosúlachta i gcáilíochta nó i saothar filíochta.’

Tá cur síos ag Ciarán Ó Coigligh ar an iomaíocht acu le hAntaine Raiftearaí in Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, 1987. Ionsaí nimhneach pearsanta ar Raiftearaí agus a bhean Siobhán atá in ‘Sciolladh Mharcais Uí Challanáin’. Ach d’íocadh Raiftearaí an comhar leo. An dall a chuir tús leis an gconspóid. Tugann an Bhantiarna Gregory cur síos in Poets and Dreamers ar an argóint a chuala sí ag beirt sheanbhan i dTeach na mBocht i nGort, duine díobh ag moladh Raiftearaí agus an bhean eile ag moladh Pheatsaí. Bhíodh an argóint seo le cloisteáil san aois seo féin. Dar lena mhuintir gur aistrigh Peatsaí roinnt de dhánta Raiftearaí.

I nGaeilge de ghnáth a chumadh Marcas ach ba mhinic gach re véarsa i mBéarla ag Peatsaí. Oileadh an bheirt i scoil scairte ag Tuar an Bhualadh, Caithrín an Duibhéin. Deirtear gur chaith Peatsaí tamall ina dhiaidh sin ar scoil a bhí ag Antaine Ó Briain i mBaile Átha an Rí nó ag scoil a bhí ag na bráithre in Eiscir. Bhí léamh agus scríobh an Bhéarla aige agus insítear scéal faoi litir a chuir sé chuig an aibhéardaí nuair a seirbheáladh na tionóntaí i gCaithrín an Duibhéin. Chuaigh an litir i gcion airsean agus tugadh síneadh ama chun an cíos a íoc.

Bhí Peatsaí pósta ar Bhríd Ní Fhíne as an Rinn i bparóiste Dhroichead an Chláirín agus bhí thart ar ochtar clainne acu. B’fhéidir gurbh iad ‘Na Fataí bána’ agus ‘Na hAoiseanna’ na dánta is mó dá ndéantús a mbíodh tóir orthu. Bhí dánta Pheatsaí scríofa síos i gcóipleabhar ag a iníon Máire ach thug sí ar iasacht é do shagart d’Ord an tSlánaitheora agus ní fhacthas ó shin é.

Marcas a chum ‘Mary Hynes’ agus síleann Ó Ceallaigh agus Ó Coigligh gurbh í an bhean chéanna a bhí á moladh ag Raiftearaí. Amhrán eile leis is ea ‘A Shéain, a mhic mo chomharsan’. Thug an Bhantiarna Gregory ‘Poet of the domestic affections of the settled classes’ air, rud nárbh fhéidir a thabhairt ar Raiftearaí. Deir Ó Ceallaigh faoi Mharcas agus é ag tagairt do dhán na beirte deartháireacha, ‘Páidín Ó Catháin’: ‘San amhrán seo tugtar léiriú breá dúinn ar mheon na beirte, agus an difríocht dearcaidh a bhí acu ar an saol. An fhealsúnacht saolta págánach a bhí ag Marcas; níl focal aige faoin sólás a thugas an Creideamh don Chríostaí; níl focal aige faoi phaidir ná Aifreann, ach an oiread is dá mbeadh sé ag cumadh filíochta roimh aimsir Naomh Pádraig. Cuireann Peatsaí ansin seacht gceathrú eile leis an dán, agus is é an leagan Críostaí atá iontu ó thús deireadh.’ Ní deir an Ceallach gur phós Marcas riamh. Tá an bheirt curtha i reilig na bhfilí i gCillín Fhínín Mhór i gCreachmhaoil, Co. na Gaillimhe. D’éag Patrick Callinan, feirmeoir, ar 3 Márta 1865 in aois a 70 bliain dó agus ba é ‘Patrick Callinan, Junior, Carheendiveane, occupier’ a thug an t-eolas don chláraitheoir.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú