Fág Thomas Moore as an áireamh, is beag má bhí aon fhile a ndeachaigh a chuid amhrán chomh mór céanna sin i gcion ar a phobal, ag cuimhneamh dúinn go háirithe ar ‘Eanach Dhúin’, ‘Anois teacht an earraigh’, ‘Máire Ní Eidhin’, ‘Neansaí Walsh’, ‘Peigí Mitchell’, ‘Brídín Bhéasaí’ ‘Máire Staunton’. Ag Ciarán Ó Coigligh in Raiftearaí: amhráin agus dánta (1987) atá an t-eolas is bunúsaí ar a bheatha. Dubhghlas de hÍde a bhailigh na dánta le chéile ar dtús in Abhráin atá leagtha ar an Reachtúire (1903) agus in Abhráin agus dánta an Reachtabhraigh (1933). James Hardiman, a raibh aithne éigin aige ar an bhfile, a dhearbhaigh gur ar 30 Márta 1779 a rugadh é agus deir Ó Coigligh gurb é sin an dáta is údarásaí. Sa tSeansráid in aice an Leasa Aird i gCill Liadáin, Coillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é. Fíodóir as an gCéis, Co. Shligigh, a bhí tagtha chun a bheith ag obair do na Táthaigh (muintir Taaffe), a athair agus de mhuintir Bhraonáin a mháthair. Ráig den bholgach a bhain radharc na súl de nuair a bhí sé cúig bliana d’aois. D’fhostaíodh na Táthaigh é chun dánta a aithris agus chun ceol a sheinm nuair a thagadh daoine ar cuairt chucu. B’éigean dó teitheadh nuair a mharaigh sé an capall ab fhearr le Frank Taaffe, más fíor. Ag fánaíocht ar Achréidh na Gaillimhe a chaith sé an chuid eile dá shaol. Ní heol dúinn i dtaobh na mná a phós sé, má phós, ach gur Siobhán a bhí uirthi agus gur rugadh mac agus iníon dóibh. Tá sé le tuiscint ó na hamhráin pholaitiúla go raibh bá aige le heagraíochtaí réabhlóideacha agus gur mar ‘oifigeach caidrimh’ acusan a chum sé na hamhráin sin. B’fhéidir go raibh sé ina bhall de na Buachaillí Bána nó de na Fir Ribín. Bhí tionchar ag tairngreachtaí Phastorini air agus tá mothú láidir seicteach le brath ar chuid dá amhráin. Bhí eolas aige ar stair thraidisiúnta na hÉireann mar is léir ar an dán fada ‘Seanchas na Sceiche’; is é meas an staraí L.M. Cullen air:

Tá dán fada casta ar nós “Seanchas na Sceiche” chomh sofaisticiúil agus chomh saibhir sin nach féidir féachaint air mar dhán de chuid na ndaoine, ná a áiteamh go mbeadh sé tagtha anuas slán dá mbeadh sé i dturtaoibh leis an traidisiún béil amháin (Nua-Léamha: gnéithe de chultúr, stair agus polaitíocht na hÉireann... ,1996 in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha).

Eachtra inspéise is ea an t-aighneas fileata a lean idir é agus Marcas agus Peatsaí Ó Callanáin.

Meastar gurbh é Seán Ó Ceallaigh as Baile an Bhairéadaigh, Baile Locha Riach, a chum ‘Mise Raiftearaí an file’ nuair a bhí cónaí air in Oswego, Stát Nua-Eabhrac. Cuireadh i gcló é in An Gaodhal 18 Iúil 1882. Deir Ó Coigligh:

Tá údar maith lena cheapadh gurbh é Seán Ó Ceallaigh (“Baile Chraoch”) a chum “Mise Raiftearaí”. Dealraíonn gurb éard atá ann rannscéal liteartha bunaithe ar línte fánacha sa mbéaloideas, ar cuid iad de na spideoga a chaití le Raiftearaí, nó b’fhéidir, línte a rinne sé féin.

D’éag sé i dteach i gCnoc an tSeanleachta i gCreachmhaoil ar 24 Nollaig 1835. Sin an dáta céanna atá ag Ciarán Ó Coigligh in Raiftearaí: amhráin agus dánta (1987). Is é Ciarán an t-údar is mó ar an bhfile ach is é a deir seisean in DIB ‘An exact date of death is not known’. Tá sé curtha i reilig Chill Fhínín (Reilig na bhFilí). Tá eolas i dtaobh a bháis a bhailigh an Bhantiarna Gregory ó sheanfhear ar leis an teach i gcló in An Claidheamh Soluis 8 Meán Fómhair 1900. Cuireadh cloch ar an uaigh ar 26 Lúnasa 1900 agus chomh maith le Augusta Gregory bhí de hÍde, W.B. Yeats, agus Edward Martyn i láthair an lá sin. In 1998 d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta Blind Raftery: selected poems translated by Criostóir O’Flynn.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú