Nuair a nocht Éamonn de Valera dealbh Phádraic Uí Chonaire i nGaillimh ar 9 Meitheamh 1935 is ar Phádhraic Ó Domhnalláin a thit sé labhairt ar shaothar an údair mhairbh. Bhíothas ag aithint gurbh é an scríbhneoir Connachtach ba mhó cáil ag an am é. Fós féin moltar a iarrachtaí ar stíl phróis a fhorbairt.

Rugadh Pádhraic in Íochtar Ard i bParóiste Uachtar Aid, Co. na Gaillimhe, ar 1 Márta 1884. B’as Baile Uí Dhónalláin i gceantar Chill Tormóir do mhuintir Dhomhnalláin ach le trí ghlúin bhí siad lonnaithe in Íochtar Ard. Bhí feirm 50 acra ag seanathair Phádhraic ann ach cuireadh as seilbh é tuairim 1848. Ní raibh ag a athair, Pádhraic, ach gabháltas beag. Chuaigh sé le búistéireacht níos deireanaí ina shaol. Phós sé faoi dhó. Bhí beirt iníonacha aige sa chéad phósadh. Ba í Bríd Ní Fhathaigh as an gCeathrú an Dola, Uachtar Ard, an dara bean chéile, agus ba í siúd máthair Phádhraic. Ba é an duine ba shine aici é, agus bhí triúr eile aici, mac agus beirt iníonacha.

I gcaint raidió a thug sé uaidh ar 14 Meitheamh 1955 dúirt Pádhraic: “Gaeilge a labhraíodh m’athair agus mo mháthair i gcónaí. Bhí Béarla ag an mbeirt, é ar fheabhas ag m’athair. Scoth Gaeilgeora b’ea mo mháthair”. Cuireadh chun cónaithe é ar feadh scaithimh i dteach a sheanmháthar sula raibh sé cúig bliana d’aois. Gaeilge ar fad a bhíodh ar siúl ann agus ag na comharsana a thagadh ar cuairt san oíche. Cé gur Ghaeilgeoirí ó bhroinn formhór mhuintir Uachtar Ard bhí an Béarla ag teacht chun cinn ar luas ag an am.

Bhí sé ar scoil sa Chlochar i dtosach agus ansin chuaigh sé isteach sa tríú rang i Scoil na mBuachaillí. Ní raibh puinn Gaeilge i gceachtar acu. Bhí sé 12 bliana d’aois nuair a fuair a athair bás agus b’éigean dó an scoil a fhágáil. Fuair sé obair gharraíodóireachta ó Albanach san áit darb ainm Roy, fear a raibh an-chur amach aige ar phlandaí.

Tháinig sé lá ar leathanach de The Irish World, páipéar Meiriceánach, agus litir i nGaeilge i gcló ann ó Thomás Ó Domhnaill M.P. chuig Gaeil Mheiriceá. An litir sin a spreag é chun léamh na Gaeilge a fhoghlaim. Bhí sé 15 bliana d’aois san am. Ó Uncle Remus, colún in Weekly Freeman bhuaigh sé duais ar aiste agus cheannaigh trí leabhar Gaeilge. Tamall ina dhiaidh sin tosaíodh ar amhráin Raiftearaí, maille le haistriúcháin, a chur i gcló san Weekly Freeman. Taobh istigh de mhí bhí Pádhraic in ann na hamhráin a léamh. Thosaigh sé ag cur scéilíní chuig An Claidheamh Soluis. An bhliain dár gcionn bhuaigh sé trí dhuais ag Feis na Gaillimhe.

Cuireadh craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun in Uachtar Ard i 1903 agus ceapadh Pádhraic ina rúnaí. Tharla cigire scoileanna sa cheantar, fear dar sloinne Ó Liatháin, agus chuir sé scrúdú ar Phádraic agus mhol dó dul le múinteoireacht. Ó 1904 amach bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge, i gCo. an Dúin i dtosach, thart ar Dhún Pádraig, Port an Pheire agus Loch an Oileáin, agus ansin in Achadh Conaire, Co. Shligigh. Coiste ansin a bhí curtha ar bun ag an easpag, na sagairt agus na múinteoirí a cheap Pádhraic chun go múinfeadh sé an teanga do mhúinteoirí an cheantair. (Micheál Ó Maoláin in The Irish Independent, 18 Nollaig 1939).

Ó 1906 go 1921 bhí sé ina ollamh i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh agus nuair a d’éag Micheál Breathnach i 1908 ba é Pádhraic a ceapadh ina Ard-Ollamh ina áit. Bhí sé ag múineadh na teanga do Julius Pokorny ar feadh tamaill ann. Phós sé Síle Ní Chonfhaola, múinteoir as Tobar an Choire, i 1913. Rugadh seisear clainne dóibh.

Ó 1908 go 1922 bhí sé ag múineadh i gColáiste Chnoc an tSamhraidh, i gclochar na nUrsalach agus sa cheardscoil i Sligeach. I nótaí a scríobh sé ar a shaol agus atá i seilbh a iníne Máirín deir sé faoin mbliain 1921–2: “Briseadh mé as cigireacht a tairgeadh dom faoi Roinn an Cheard-Oidis nuair a dhiúltaíos mionna dílse a thabhairt do Rialtas an tSaorstáit. Briseadh mé as Scoil na gCeard tamall ina dhiaidh sin”.

Bhí sé gníomhach sna hÓglaigh i Sligeach. I 1918 chaith sé tamall i bpríosún mar gheall ar óráid a thug sé in aghaidh an choinscríofa. D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath i 1920 nuair a ceapadh é ina eagarthóir ar Misneach. Ó 1922 go 1925 bhí sé ina eagarthóir ar Fáinne an Lae. Seo é an cur síos atá ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: “Dáiríre, b’é teanga labhartha Chonradh na Gaeilge é i gcaitheamh a sheal oifige uile ina eagarthóir dó, mar bhíodh sé ag an uile chruinniú den Choiste Gnó agus de Bhuanchoiste an Chonartha, agus fios a n-aigne siúd dá réir aige. Drochamhras níor caitheadh riamh ar a ionracas”. Fuair sé post ansin mar Ollamh le Gaeilge agus Stair i gColáiste Dhún Chéirí. I 1937 bhain sé céim M.A. amach sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé amach ar pinsean i 1949.

Ba é Pádhraic a scríobh síos amhráin Choilm de Bhailís nuair a tugadh an file amach as Teach na mBocht in Uachtar Ard i 1903. D’iarr Pádraic Mac Piarais air i 1908 bheith ina chomhfhreagróir i gConnachta ag An Claidheamh Soluis. I measc na leabhar a scríobh sé tá: cnuasaigh aistí: Dréachta, 1935; Oidhre an léighinn agus aistí eile, 1935; Conamara, 1934; cnuasaigh de ghearrscéalta: Ar lorg an Ríogh agus scéalta eile, 1925; Na spiadóirí agus scéalta eile, 1934; An tIolrach Mór, 1941; aistriúcháin agus saothar ilghnéitheach: Beatha Fhéichín, 1915 (ais.); Scéalta Eorpacha, 1927; Stair choitcheann na Ré Críostuidhe, 1928 (aistriúchán ar leabhar N.Weber); Tacar amhrán, 1925; Bruth-fá-thír, 1923 (scéalta ó Iar-Chonnacht i gcomhpháirt le Tomás Ó Raghallaigh). Ba é Pádhraic a smaoinigh ar an bhfocal ‘Gúm’ mar ainm ar ghléas foilsitheoireachta an rialtais.

D’éag sé ar 3 Aibreán 1960 agus tá sé curtha i nGráinseach an Déin.

Leabharlannaí nótailte ar feadh 42 bliain in Acadamh Ríoga na hÉireann a iníon Máirín. I Sligeach a rugadh í 3 Márta 1914. Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bhain sí céim amach sa léann Ceilteach agus sa Nua-Ghaeilge Mhoch. Go dtí gur fhoilsigh Coiscéim Sin mar a bhí, 1997 ní léir gur aithnigh díolamóirí í mar fhile. Tá cúpla dán léi roghnaithe in The Field Day Anthology (Iml. 5, 2002) agus deirtear ann: ‘A long-time scholar of Irish and an occasional poet, Máirín Ní Dhomhnalláin’s work was collected and published just in time by that intrepid promoter of Irish language literature, Pádraig Ó Snodaigh, of Coiscéim.’ D’éag sí 3 Meán Fómhair 2006.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú