DE BHAILÍS, Colm (1796–1906)

Bhí an file tuaithe seo céad agus a hocht mbliana d’aois, más fíor, nuair a foilsíodh Amhráin Chuilm de Bhailís in 1904. Chum sé ranna beaga go speisialta don leabhar. Níorbh fhurasta macasamhail na hócáide sin a aimsiú i stair na foilsitheoireachta!

Cé go raibh amhráin Choilm agus scéalta faoi i mbéal an phobail ar fud Chonamara is cosúil nárbh eol an file bheith fós ina bheatha gur nochtadh in Celtica i nDeireadh Fómhair 1902 go raibh sé i dTeach na mBocht in Uachtar Ard. Chuir An Claidheamh Soluis ciste ar bun chun fóirithinte air agus ar 1 Lúnasa 1903 tháinig sé amach chun cónaithe le fear gaoil leis in Uachtar Ard. Bhí cónaí ar Phádhraic Ó Domhnalláin ar an mbaile sin agus scríobh sé síos na hamhráin. Dhealródh sé go raibh Colm in ann cúnamh a thabhairt dó san obair. Chuir Seosamh Laoide eagar orthu le cabhair Eoghan Uí Neachtain. ‘Amhrán an Tae’ agus ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’ an dá amhrán is mó cáil dá bhfuil sa chnuasach.

Dar le Colm gur rugadh é ar 2 Bealtaine 1796 i Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe. Chaith sé a shaol ag obair mar shaor cloiche agus mar shábhadóir ar fud na hÉireann, tamall i gCathair na Mart agus Tulach Mhór go háirithe agus aon bhliain déag i gCill Rois. Shocraigh sé síos i Leitir Mealláin sa deireadh. Phós sé faoi dhó agus bhí aon mhac amháin aige, Tomás, lena chéad bhanchéile, Siobhán Frainc Ní Lochlainn, ach fuair seisean bás in aois bliain is fiche dó. Una ab ainm don dara banchéile ag Colm. Nuair a d’éag sise tuairim 1900, b’éigean do Cholm dul isteach i dTeach na mBocht. D’ainneoin a ndearna An Claidheamh Soluis ar a shon chuaigh sé isteach ann arís go gairid sula bhfuair sé bás ar 1 Márta 1906. Tá sé curtha i reilig Chill Chuimín, Uachtar Ard.

Má fhágtar Donncha Ó hAmsaigh (d’éag ar 5 Samhain 1807 in aois 112 bliana dó, más fíor) as an áireamh, ar éigean má bhí aon fhear cáiliúil eile riamh in Éirinn chomh fadsaolach le Colm. Ba chuimhin leis an rosc ‘Cuirfimid an choróin ar Bhonaparte’ bheith coitianta i measc an phobail, scéala a theacht faoi Waterloo, Raiftearaí a fheiceáil ag fidléireacht ar an mBóthar Mór i nGaillimh (‘fear garbh’ a thug sé air) agus Fuascailt na gCaitliceach. Tá aiste fhada ina thaobh ag Gearóid Denvir in Léachtaí Cholm Cille XXII: Oidhreacht na nOileán, 1992 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta Amhráin Choilm de Bhailís (1996) in eagar ag Gearóid Denvir.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú