Ó NEACHTAIN, Joe Steve (1942–2020)
Le caoinchead ó Sheán Ó Mainnín

‘An fáidh ar glacadh leis ina dhúiche féin’, a bhí mar theideal ar eagarfhocal Comhar i mí Feabhra 2020, eagrán speisialta a bhí tiomnaithe do Joe Steve Ó Neachtain a bhásaigh an mhí roimhe sin. Teidil eile a bhí ar chuid de na haltanna ón eagrán céanna a léiríonn a thábhacht agus an mórmheas a bhí air ab ea, ‘Rí na Gaeltachta’, agus ‘Gaiscíoch na ngarbhchríoch agus ár réalt eolais’. Mar a scríobh Dónall Ó Braonáin, san alt úd, alt a foilsíodh roimhe sin ar Tuairisc.ie, 20 Eanáir 2020:

Scríbhneoir agus gníomhaí pobail a labhraíodh gan fuacht gan faitíos ab ea Joe Steve Ó Neachtain; crann taca an chultúir, an scríbhneoir aiste nach gcuireadh fiacail ann; fear an mhisnigh, an té a spreagadh an óige i dtreo na n-ealaíon gach seans dá bhfaigheadh sé; agus duine cineálta uasal, an té a dhéanadh gníomh gnaíúil os íseal. (Tuairisc.ie, 20 Eanáir 2020).

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ina measc siúd a léirigh a n-ómós:

Ba scríbhneoir ildánach, file agus aisteoir den scoth é Joe Steve agus é sáite fad a shaoil ina phobal dúchais – pobal na Gaeltachta i gConamara. Mar scríbhneoir, aithníodh ardchaighdeán a shaothair agus bronnadh iliomad gradam air toisc áilleacht a dhrámaí, úrscéalta, gearrscéalta agus filíochta. Rinneadh ball d’Aosdána de toisc an mháistreacht a thaispeáin sé ina cheird. Bhí clú air chomh maith de bharr an róil a bhí aige mar aisteoir i Ros na Rún agus toisc a cheannaireacht i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta.

Ba as an gCré Dhubh sa Spidéal do Joe Steve Ó Neachtain, a rugadh ar 25 Deireadh Fómhair 1942 agus ba ar an mbaile sin a chaith sé formhór a shaoil. Bhí a shaol is a shaothar fréamhaithe go domhain i gcré an cheantair cósta sin. Fear Gaeltachta go smior ab ea é agus ba iad a mhuintir féin, a phobal féin agus a theanga féin ba ghaire dá chroí. Mar a scríobh sé féin ina leabhar, Fad saoil (2015): ‘Sna garbhchríocha i measc na cosmhuintire atá mo shaol caite agam. Pobal misniúil nach raibh acu ach ón láimh go dtí an béal ach a thug oidhreacht agus áilleacht Chois Fharraige slán ó ghlúin go glúin.’

Ba é Joe an duine ba shine de sheisear clainne; Joe, Maidhc, Pádraig Máirín, Peigín agus Áine a bhí ag Steve Mhaidhc Mhaitiú as an bPúirín, Indreabhán agus Nóra Pheaits Nella Ní Chonghaile as an gCré Dhubh, an Spidéal. Bhásaigh a athair go tobann tráth na Nollag sa bhliain 1951 agus adhlacadh oíche Nollag é. Ag obair ar na bóithre a bhíodh sé. Buille trom don teaghlach óg ab ea a bhás tobann. Ní raibh Joe ach naoi mbliana d’aois agus bhí cúigear eile sa teach a bhí níos óige ná é. Saol crua bocht a bhí aige ina óige dá réir agus ghoill bás a athar go mór air. Stop sé ón scoil nuair a bhí sé ceithre bliana déag agus chuaigh sé amach ag obair go hóg, aon chineál oibre a bhféadfadh sé punt a bhaint as. Ba mhinic a labhraíodh Joe faoi chomhar na gcomharsan sa tráth seo dá shaol agus faoi chomh maith agus a bhí muintir an bhaile don teaghlach sa tréimhse dheacair úd.

Bhíodh sé ag díol móna is ag baint carraigín. Chaith sé seal ag obair ar Bhóthar an Rí don Chomhairle Contae agus ar na buildeálacha istigh i nGaillimh. Ba ansin a d’fhoghlaim sé ceird an phláistéara ceann den iliomad slite beatha a bheadh aige i rith a shaoil. Bheadh sé imithe go Sasana dá bhféadfadh sé. Mar a dúirt sé féin blianta níos deireanaí agus é ag glacadh leis an duais Jacob sa bhliain 1992:

Through good luck, or maybe bad luck, I wasn’t swallowed up in the wave of emigration from the area. I’ve spent my life amongst the grassroots. A courageous community, which lived for many years from hand to mouth but carried the rich culture and heritage of Cois Fharraige safely from generation to generation.

Ba shaor cloiche den scoth a bhí ann agus is iomaí teach agus balla a thóg sé is bhain sé an-sásamh intinne as obair láimhe den chineál sin. Is ní hé nach mbíodh a intinn ag obair freisin agus é i mbun an chineál sin oibre. Dá mbeadh sé ag tógáil sconsa bheadh na clocha mar a bheadh focla ann dó, a háit chruinn cheart féin le haimsiú do gach cloch acu. Ealaín ab ea an obair seo freisin dó agus thuig sé go raibh an ealaín seo agus go leor scileanna eile dá leithéid go paiteanta ag go leor den seandream sa cheantar ainneoin nach raibh scríobh ná léamh acu.

Chaith sé suas le seacht mbliana déag ag obair sa Rannóg Tógála in Údarás na Gaeltachta. Thug sin an-deis dó na Gaeltachtaí ar fad a shiúl agus bhí aithne air dá réir i ngach póca Gaeltachta sa tír. Bhíodh sé i mbun go leor scéimeanna, ina measc na Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta, nó na SFS mar a thugtaí orthu. Thug na scéimeanna seo deis do dhaoine scileanna agus ceirdeanna a fhoghlaim agus rinne leas ceantair agus paróistí. Cúram eile a bhí air ná talamh a cheannach ar son an Údaráis. Cheannaigh sé breis agus 2,000 acra ar fad in imeacht na mblianta, talamh ar tógadh monarchana agus eastáit tithíochta air ina dhiaidh sin. Chaith sé an tréimhse dheiridh dá shaol oibre san Údarás mar Oifigeach Cultúir agus Teanga áit a raibh deis aige na healaíona a bhí an-ghar dá chroí a chur chun cinn.

Bhí an-spéis ag Joe sa drámaíocht ó thús. Sa bhliain 1956 agus é i rang a seacht sa bhunscoil rinne an múinteoir Seoirse Ó Flaithearta dráma scoile leo agus bhuaigh siad Craobh na hÉireann. Thug an stáitse misneach dó agus féinmhuinín. Bhí dlúthbhaint aige i gcaitheamh a shaoil le hAisteoirí an Spidéil agus thaistil sé ó cheann ceann na tíre leo. Bhain an léiriú a rinne siad de An strainséara dubh le Gerard Healy an-cháil amach don chompántas. Bhídís in iomaíocht le léirithe Béarla agus fuair siad an dara háit i gCraobh na hÉireann sa bhliain 1965. Níos deireanaí ina shaol bheadh sé féin ag scríobh drámaí, agallaimh bheirte agus geamaireachtaí do dhaoine fásta, do pháistí agus do dhéagóirí. Chuir a shaothar daoine go leor ar stáitse atá fós ag aisteoireacht. Mheall a chuid drámaí na sluaite sa bhaile agus i gcéin. Thaistil sé an tír lena dhráma Níor mhaith linn do thrioblóid, agus tugadh go Bostún Mheiriceá ina dhiaidh sin é, áit a bhfaca breis agus míle duine é thar thrí oíche. Bhí lucht éisteachta ollmhór ag a dhráma raidió Baile an Droichid, sraithdhráma seachtainiúil raidió ina raibh suas le 300 mír a craoladh ar Raidió na Gaeltachta thar thréimhse deich mbliana ó 1986 go 1996 agus a ndearnadh athchraoladh air tar éis a bháis. Bronnadh Gradam Jacobs air dá bharr sa bhliain 1992. Ina dhiaidh sin ba é a rinne páirt Pheadair Uí Chonghaile sa sobaldráma teilifíse, Ros na Rún. Chuir pobal na hÉireann agus pobail thar lear aithne air sa tréimhse bliain is fiche a chaith sé in Ros na Rún.

Cé nár foilsíodh a chéad leabhar, Fead ghlaice, go dtí 1986, bhí go leor scríofa aige roimhe sin ón am ar chuir sé peann le pár ar dtús sa bhliain 1969, idir phrós, fhilíocht agus amhráin agus bhí go leor duaiseanna bronnta ar a shaothar, ina measc go leor duaiseanna Oireachtais. Bhíodh sé páirteach i bhféilte go leor agus sna Scoileanna Éigse agus é ag cur a shaothar i láthair. Níl aon amhras ach gur thug na comórtais a bhí eagraithe go féiltiúil ag na Scoileanna Éigse agus Seanchais agus ag an Oireachtas spreagadh agus sprioc bhliantúil do Joe, go háirithe sa tréimhse sul má thosaigh sé ag foilsiú a shaothar. Dúirt sé féin in agallamh a rinne Máirín Mhic Lochlainn leis, ‘murach na Scoileanna Éigse agus Seanchais,’ a bhíodh eagraithe go bliantúil ag Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe, ‘nach mbeadh a fhios aige go raibh sé in ann scríobh ar chor ar bith.’

Is beag scríbhneoir Éireannach eile – i gceachtar den dá theanga – a bhí ina mháistir ar an oiread foirmeacha éagsúla scríbhneoireachta lena linn. Bhí an gearrscéal is an t-úrscéal faoina smacht aige. Thál an dráma stáitse, an dráma raidió agus an dráma teilifíse óna pheann go paiteanta. Cár fhág tú an t-amhrán, an lúibín, an bailéad nó an t-agallamh beirte. Na sceitsí spraíúla, na scoraíochtaí is na geamaireachtaí gealgháireacha. Scríobh sé cuimhní cinn, aistí eolais agus cruinnchuntais staire.

Agus má bhí sé ina mháistir ar an nuafhilíocht – agus bhí – ba é bard oifigiúil Chonamara é sa chiall is sine de ghairm an fhocail sin. Óir nuair a theastaigh dán d’ócáid phoiblí – bíodh ina gholtraí, ina gheantraí nó ina shuantraí – ba é Joe Steve a chuimsigh smaointe an phobail agus a d’athchruthaigh na smaointe sin i bhfocail is i véarsaí is a d’fhág buanaithe in intinn na ndaoine iad. Bhí a mhéar ar chuisle bheo an phobail aige. In ‘Amhrán Bhobby’, mar shampla amháin, bhí na fíricí loma crua a chuaigh go cnámh luaite ann ach bhí an greann Gaelach dúchasach ina orlaí tríd freisin. Bhuaileadh sé an tairne ar an mullach ina chuid cumadóireachta. Ba é guth poiblí oifigiúil an phobail é arís is arís eile ach níor chaill sé a ghuth sainiúil pearsanta féin ná a theachtaireacht ach oiread. Ná níor ghéill sé.

Tá carnán saibhir leabhar fágtha aige a bheas mar bhiseach ar an saol Gaelach, leabhair atá lán de ghaois, de thuiscint is d’eolas. Tá intinn, meon is carachtar Chonamara is na Gaeltachta go smior iontu. Ach san am céanna tá a gcuid ábhar uilíoch agus áitiúil araon agus iad curtha inár láthair i dteanga shaothraithe.

In alt faoina shaothar dár teideal, ‘Gaiscíoch na ngarbhchríoch agus ár réalt eolais’ ar Tuairisc.ie, 20 Eanáir 2020, rinne Dónall Ó Braonáin cur síos cuimsitheach ar a chumas agus a réimse scríbhneoireachta agus ar thréithe a shaothair éagsúla:

Is cinnte go bhfuil an dea-chaint agus féith an ghrinn le lua ach théadh sé in árach arís is arís eile leis an teannas idir an seansaol agus an saol núíosach, an seanchultúr agus an cultúr nua, an nádúr agus an mínádúr. Seo láthair na coimhlinte agus an áitimh i scríbhneoireacht uile Joe Steve agus is maith a thuig a phobal léitheoireachta é. Bíodh dán nó dráma ardáin i gceist, níor mba leor rud a rá, dúradh go paiteanta agus le slacht é. Bhí cumadóireacht Joe Steve fréamhaithe i ndúchas na héigse béil ón tús – Fead ghlaice (1986) agus De dhroim leice (1990) – agus a shliocht ar an gcaoi a raibh ceangal docht daingean idir an t-ábhar agus an meán i gcónaí. Tuiscint chríonna ar phobal éisteachta Raidió na Gaeltachta a chuir oiliúint an scríbhneora ghairmiúil air. B’éigean freastal mion agus minic a dhéanamh ar éisteoirí cíocracha Baile an Droichid. Is maith mar a sheas an taithí sin leis agus an t-eolas a chuir sé ar na meáin trí chéile ó aimsir na haighneasóireachta i 1969 i leith. Dá fheabhas an deise labhartha cén mhaith í mura dtiocfaí go bun an angair léi? Bhaineadh Joe Steve earraíocht as an tráthúlacht agus as an deisbhéalaíocht mar oirnéis chun muid a tharraingt níos faide amach ar an domhain. Ba mhinic priocadh ar shála na léaspairte agus ní fhéadfadh ach máistir ar cheird na drámaíochta uaigneas agus uafás a leathadh san áit a raibh gáire is dea-aoibh san abairt díreach roimhe, mar a dhéantar sna drámaí In ainm an Athar agus Níor mhaith linn do thrioblóid (2006) agus Faoi dheireadh thiar (2008). Cé go bhfuil an spraíúlacht go tréan sna scripteanna raidió agus sna hagallaimh bheirte, is iomaí sin gleanntán anama agus poll dorcha atá san fhicsean, sna bailiúcháin ghearrscéalta Clochmhóin (1998), Salann garbh (2009), Idir neamh agus talamh (2014) agus sna húrscéalta Scread mhaidne (2003) agus Lámh láidir (2005). Cé nach léir ar an gcéad amharc i gcónaí é, ní fhágtar an léitheoir gan léas dóchais. Faobhar scine atá ar an gcuid is fearr ar fad den fhicsean mar a ndéantar plé ar an duine, ar a dhúchas, ach is faoi chraiceann an phobail féin a théitear sna haistí agus sna haithisc chnuasach Ag caint linn fhéin (2013). Anailís luachmhar ar chor is institiúidí na teanga, ar an bhforbairt pobail agus ar Mháirtín Ó Cadhain atá sna píosaí úd. Is iontu atá an léiriú is fearr ar ábhair mhachnaimh is rútaí géarchúise an scríbhneora. Eiseamláir dá stíl trí chéile an leabhar Mar a bhí ar dtús: cuimhne seanghasúir (2018) – cruachaint ropanta, stuaim scéalaíochta agus scagadh tuisceanach ar an gcomhluadar daonna atá ann: grástaí a bhaineann leis an gcnuasach deiridh gearrscéalta An diabhal déanta (2019) chomh maith céanna. Ríomhtar gaiscí, caointear laochra na ngarbhchríoch agus fiafraítear cén bhail atá orainn mar chine san fhilíocht. De bhreis ar shárthaispeántais stílíochta na gcnuasach An dé deiridh (2008) agus Fad saoil (2015), gheofar léargas ar shéimhe uasal agus croí na féile iontu freisin – breacadh buan ar annála na treibhe.

Bhí a phobal léitheoirí dílis féin ag Joe Steve. Chruthaigh agus chothaigh sé an pobal sin agus d’fhéadfá iad a shamhlú ag faire a chéile mar a bheadh cat ag faire luiche … nó luch ag faire an chait! Muintir na mbailteacha is na dtamhnach ag bronnadh ábhar scríbhneoireachta air. Eisean ag bronnadh a lón léitheoireachta ar ais orthu.

Dúirt sé i réamhrá an leabhair, Mar a bhí ar dtús: cuimhne seanghasúr (2018) gur d’fhonn cur síos ar an bpobal as ar fáisceadh é seachas cuntas ar a shaol féin a bhreacadh a chrom sé ar a chuimhní cinn a scríobh. Ba ‘chion Pháidín den mheacan’ a chuidse den scéal a dúirt sé ‘i gcomórtas leis an bpobal daoine a d’fhág lorg a mbéil le huachta againn.’ Bhí sé ar dhuine de bheagán scríbhneoirí Gaeilge ar thuill a shaothar meas lucht critice agus an phobail araon. Cé gur bhall d’Aosdána é ó 2014 agus gur ghnóthaigh sé iliomad duaiseanna agus gradam, ina measc céim oinigh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2005, Gradam Raidió na Gaeltachta ag Oireachtas 2016, Duais Raidió Jacobs do Baile an Droichid 1992, Gradam Chló Iar-Chonnacht 1998 agus 2002 (Clochmhóin agus Lámh láidir), Gael na Bliana Foinse 2007, Gradam Supreme Arts Award – Comhairle Contae na Gaillimhe 2008, Duais Stewart Parker don dráma Níor mhaith linn do thrioblóid, Gradam Cumarsáide an Oireachtais – Aisteoir na bliana 2009, Gradam Laoch an Traidisiúin – Éigse an Spidéil 2014, Gradam Fhéile Choilm de Bhailís 2015, agus Gradam Raidió na Gaeltachta 2016, ba thábhachtaí aige féin breithiúnas an phobail ná breithiúnas na léirmheastóirí nó na moltóirí.

Bhí croí Joe Steve in Éirinn, ach má bhí, bhí dhá chroí aige don Ghaeltacht – gach Gaeltacht óir bhí aithne aige ar gach póca Gaeltachta sa tír. Ba é cás na Gaeltachta agus a muintire a chás óir is maith a thuig sé nach Gaeltacht gan mhuintir na Gaeltachta. Ba dhóibh siúd a throid sé arís is arís eile le breis agus trí scór bliain. Is rinne sé sin cibé bealach ba ghá – scaití lena pheann is lena ghuth, scaití eile trí choistí, trí eagraíochtaí agus trína chuid oibre, agus scaití eile fós – nuair ba ghá sin – trí agóidí poiblí agus achrann. Ní raibh sé ina chnámha riamh seasamh siar, ná a bheith liom leat. Dá mba ghá rud a rá, bhí sé le rá amach díreach. Ba é oidhre nádúrtha Mháirtín Uí Chadhain é ar go leor bealaí – mar fhear cúise agus mar údar. Ach mar a mheasann Dónall Ó Braonáin (Comhfhreagras pearsanta, 16 Samhain 2023):

Creidim gur éirigh leis a theacht amach faoin scáile a chaith saothar Uí Chadhain ar an bhficsean sa nGaeilge ó 1970 i leith. Amhail Joyce, is deacair tionchar a leithéide a sheachaint ach lean sé dá chúrsa féin. Dá mbeinn le dealú a dhéanamh idir an bheirt acu, déarfainn go raibh leathshúil ag an gCadhnach ar siar a bhaint as an léitheoir gairmiúil, an criticeoir i gcónaí agus go raibh leathchluais ag Joe de shíor san airdeall ar bhreith an phobail, ar dhearbhú na muintire. Agus feictear dom go mba mhór i gceist sin leis na drámaí agus an fhilíocht go speisialta.

Mar ghníomhaí pobail agus teanga bhí sé lárnach i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta, an ghluaiseacht as ar eascair Raidió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Mar a scríobh Seosamh Ó Cuaig (2020):

Ba mhór aige an Chré Dhubh, Cois Fharraige, Conamara, an Ghaeltacht ó bhun go barr go deimhin. Luath go maith ina shaol a thuig sé go gcaithfí an greim daingean a bhí ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael ar intinn mhuintir Chonamara a scaoileadh. Chaithfí an pobal a chur i gceannas. Úsáid a bhaint as na polaiteoirí seachas na polaiteoirí a bheith ag baint úsáid as na daoine. Ní raibh sé ach sé bliana fichead d’aois an oíche a ndeachaigh mé féin is é féin agus beirt óga eile isteach i dTeach Furbo (An Connemara Coast anois) sna Forbacha agus chuir muid an clár teilifíse Quicksilver trína chéile. As an ngníomh sin a tháinig Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

D’fhág sé a chuid oibre an lá a raibh an Taoiseach Jack Lynch ar an gCeathrú Rua mar chuid dá fheachtas toghcháin agus labhair sé go glórach ina choinne agus i gcoinne an leatrom a bhí dá dhéanamh ar an gceantar. Mar a dúirt Ó Cuaig (2020) arís:

Bhí lucht an chláir teilifíse Féach ann. Is mír thábhachtach stairiúil as scéal na Gaeltachta anois an radharc úd de Joe ag rith i ndiaidh an Loingseach agus é ag cur sraith ceisteanna air in ard a chinn agus a ghutha…Chonaic Joe an scrios a bhí an imirce a dhéanamh sa cheantar timpeall air agus shocraigh sé a dhícheall a dhéanamh leis an bpobal a neartú. Déanfaidh muid féin é an mana a bhíodh aige. Chuir sé a chroí is a anam in iarrachtaí le fostaíocht a spreagadh agus le háiseanna riachtanacha a sholáthar. Bhíodh gliondar air i gcónaí nuair a d’fheicfeadh sé daoine óga cumasacha Gaeltachta ag teacht chun cinn. Ba mhór é a bhród as Raidió na Gaeltachta agus TG4. Toradh a bhí iontu ar obair na gCearta Sibhialta, a deireadh sé.

Agus Léacht Uí Chadhain á thabhairt aige in 2016, dúirt sé go raibh ‘cic sa tóin’ ag teastáil ó phobal na Gaeltachta ach go raibh faillí á déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge i ‘tobar beo’ na teanga. Ach bhí dóchas aige leis go dtiocfadh an Ghaeltacht agus an Ghaeilge slán agus muinín go háirithe aige as an aos óg.

Scoth cainteora agus fear comhluadair ab ea é. Má bhí féile le seoladh nó éigse le hoscailt, leabhar nó dlúthdhiosca le cur i láthair an phobail, rinne sé an beart óna chroí is bhíodh an lucht éisteachta ina ghlaic aige. Aon uair a thaobhaigh Joe comhluadar, sula i bhfad ba é Joe féin an comhluadar. Bhí an bealach sin leis. Ba thimpeall air a bheadh an cruinniú. Má bhí sé ag inseacht scéil – agus is minic a bhíodh – thuig sé go raibh inseacht agus cur i láthair an scéil chomh tábhachtach leis an scéal féin. Agus bhí sé in ann labhairt le chuile dhuine – ón ngasúr deich mbliana d’aois istigh i mbunscoil go dtí an seanghasúr nócha bliain d’aois istigh in áras na seandaoine.

Cé nár imir Joe aon spórt riamh, bhí an-spéis aige i gcúrsaí spóirt, sa dornálaíocht agus go háirithe i gCumann Lúthchleas Gael. Bhíodh sé go rialta i Staid an Phiarsaigh i nGaillimh dá mbeadh peileadóirí nó iománaithe an Chontae le bheith ar an bpáirc. Bhí luí ar leith aige le Cumann Peile an Spidéil agus go deimhin leis na cumainn Ghaeltachta ar fad. Is beag bliain nach bhfreastalaíodh sé ar Chraobh na hÉireann de Chomórtas Peile na Gaeltachta, is cuma cén Ghaeltacht ina mbíodh sé.

Phós Joe Steve Máirín Ní Churraoin as Bearna i Seipéal San Anna sa Vatacáin sa Róimh ar an 18 Lúnasa, 1969 agus bhí triúr clainne acu; Aisling, Luisne agus Páid. Chas siad ar a chéile trí Chumann Drámaíochta an Spidéil agus ba mhinic ar stáitse lena chéile iad i ndrámaí Joe agus ag déanamh agallaimh bheirte is lúibíní ag féilte agus ócáidí.

Ach ainneoin a bhuanna is a ghníomhartha gaisce ar fad agus ainneoin a raibh bainte amach aige ar son na Gaeilge is na Gaeltachta ba iad na nithe ‘beaga’ sa saol ba mhó a thug pléisiúr do Joe Steve. Mar a dúirt a dheartháir, an tAthair Pádraig Ó Neachtain ag aifreann a shochraide:

Na rudaí beaga a chuir áthas ar a chroí, iontais an nádúir, an obair chloiche agus talún, an báidín ina dtugadh sé an dream óg amach ag iascaireacht agus an veain campála ina dtaistealaíodh sé féin agus a ghrá geal, Máirín, an tír go léir. An dream óg agus clann a chlainne agus a bheith ag ’speáint rudaí dóibh is mó a chuir gliondar air.

Bhronn Joe scripteanna Baile an Droichid ar Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe agus is ann atá siad ar chóir shábhála sna Bailiúcháin Speisialta. Rinne Macdara Ó Curraidhín clár faisnéise do TG4, Idir shúgradh is dáiríre (2005), faoina shaol agus faoina shaothar, agus tá aiste a scríobh a gharchlann ar shuíomh gréasáin Thaisce Ceoil Chois Fharraige.

Bhásaigh Joe Steve Ó Neachtain ar an 19 Eanáir, 2020. I Reilig an Chnoic in Indreabhán atá a leaba den chré dhubh.

Micheál Ó Conghaile

Leabhair

Ailt

Suíomhanna gréasáin

Eile

  • Ó Braonáin, D. Comhfhreagras pearsanta, 16 Samhain 2023.