Fear é a chaith an-dúthracht le coistí forbartha pobail i gCois Fharraige. I mBaile ’n tSagairt sa Spidéal a rugadh é 31 Nollaig 1926. Ba é an mac ba shine é ag Tomás Ó Neachtain (Tom Pheaits Eoghain a d’éag 1986) as Baile Liam agus Siubhán Ní Chéidigh (d’éag 1969) as Seanagharráin, deirfiúr don scéalaí Tomás Ó Céidigh. Bhí ceathrar deartháireacha aige agus deirfiúr a cailleadh agus í ina naíonán. Sa Spidéal a fuair sé a chuid bunscolaíochta agus de thoradh scoláireachta fuair sé meánoideachas i gColáiste Éinde agus i gColáiste Mhuire i nGaillimh, áit ar ghnóthaigh sé bonn airgid na Gaeilge sa Mheánteistiméireacht agus bonn óir na Gaeilge san Ardteistiméireacht. I 1948 cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Chaith sé roinnt blianta ag teagasc i mBaile Átha Cliath, i Sráid na Banríona ar dtús agus i Scoil Cholmcille, Sráid Mhaoilbhríde, ansin. D’fhill sé ar Chonamara i 1954 mar phríomhoide ar scoil an Turlaigh Bhig i Ros Muc. Le linn dó a bheith i Ros Muc bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. D’fhill sé chun cónaithe sa Spidéal i 1960 agus é ina phríomhoide ar Scoil Maria sna Mionna. Nuair a rinneadh cónascadh idir an scoil sin agus Scoil Cholmcille ar an Tulach, d’aistrigh sé go dtí an mheánhúinteoireacht: mhúin sé i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh agus ansin bhog go dtí Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Bhí sé ar fhoireann teagaisc na Gaeilge labhartha san ollscoil i nGaillimh.

An Ghaeilge agus an Ghaeltacht, drámaíocht, cúrsaí spóirt agus dúchas an Spidéil na mórspéiseanna a bhí aige ar feadh a shaoil. Le linn dó a bheith i mBaile Átha Cliath bhí sé gníomhach i saol na Gaeilge ann agus bhí i mbun rang Gaeilge in Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge; bhí rang aige uair a bhí bunaithe ar théacs Cré na cille go luath i ndiaidh a fhoilsithe. Bhí sé gníomhach sa Réalt agus ba mhinic a bhíodh sé le cloisteáil ar Radio Éireann. Chaitheadh sé an samhradh ag teagasc i gcoláistí samhraidh Gaeilge, i gColáiste Charman i Loch Garman ar dtús agus blianta fada i gColáiste Chonnacht sa Spidéal ina dhiaidh sin, áit ar chaith sé seal mar Ardmháistir. Nuair a d’fhill sé ar Chonamara bhí sé gníomhach i gcúrsaí drámaíochta, mar aistritheoir, aisteoir agus léiritheoir le hAisteoirí Ros Muc ar dtús agus le hAisteoirí an Spidéil ansin. Cuimhnítear ar léirithe a stiúraigh sé de Fir Rí na hAoine i Ros Muc agus An strainséara dubh agus Oíche na Marbh sa Spidéal. Thug sé cuairt ar Bhoston le hAisteoirí an Spidéil i bpáirt Tom in Country Boy i 1984. Chaith sé blianta fada mar stiúrthóir ar Thaibhdhearc na Gaillimhe; i measc na ndrámaí a d’aistrigh sé bhí Monserrat (le Emmaneul Roblès) 12-15 Bealtaine 1960 agus Robáil gan stró ("Anyone can rob a bank" le Tomás Coffey) 27-30 Aibreán 1961 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail).

Spreag sé peil, iománaíocht agus lúthchleasaíocht sa phobal áitiúil agus bhí ina thraenálaí ag Cumann Naomh Éinde ar feadh na mblianta. Bhí sé ar choiste bunaithe an Ghaelacadaimh, tionscadal a chothaigh na healaíona dúchasacha i gConamara agus in Árainn. Bhí sé lárnach in athbhunú Thaispeántas Chois Fharraige a mbíonn aird Chonamara air i dtús an Fhómhair. Bhí sé ar Choiste Ceoil agus Currachaí an Spidéil. Sheachain sé páirtithe polaitiúla ach b’fhéidir a rá go mba ghníomhaí polaitiúil é. Bhí sé sáite sa bhfeachtas in aghaidh scéim tithíochta Luxury Homes a beartaíodh don Spidéal i ndeireadh na 1970idí. Bhí sé gníomhach i gCumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta. D’ainmnigh an rialtas é ar an gcéad chomhairle a bhí ag Raidió na Gaeltachta, agus thug sé dhá thréimhse air. Bronnadh céim mháistir san Oideachas air i 1979; le Eoghan Ó Neachtain a bhain a thráchtas. D’éag sé 26 Lúnasa 1986 agus is ar an Tulach Bhuí sa Choilleach sa Spidéal a cuireadh é. In Aibreán 1955 phós sé féin agus Neilí Ní Riain as Tulach Seasta, Co. Thiobraid Árann. Ceathrar clainne a bhí orthu, Máire, Eoghan, Ailbhe agus Emer.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú