D’aistrigh sé go Gaeilge An cailín bán (i gcló in uimhreacha den Galway Pilot, 1895). Deirtear gurbh é sin an chéad aistriúchán ar dhráma i gcló.

Sa Pháirc, baile atá taobh thoir den Spidéal, a rugadh é 24 Deireadh Fómhair 1867. Bhí gabháltas beag talún ann ag a athair Tomás. Sarah Folan a mháthair. Ba é an duine ab óige de sheachtar é, ceathrar buachaillí agus triúr cailíní.

Go raibh sé bliana déag caite aige, nach mór, bhí sé ag freastal ar Scoil na bhForbacha. Chaith sé tamall ansin ag obair do ghrósaeir i gcathair na Gaillimhe go dtí gur thosaigh sé ag freastal ar Choláiste Sheosaimh, meánscoil a bhí ag na Bráithre Phádraig in Oileán Altanach i gcathair na Gaillimhe. Níl a fhios cén obair a bhí ar siúl aige sula ndeachaigh sé ar imirce go dtí an Afraic Theas i ngeimhreadh 1895/6. Bhí aithne mhaith air ag ceannairí Chonradh na Gaeilge. Nuair a foilsíodh litir a scríobh sé abhaile ón Afraic Theas ar 18 Iúil 1897 (Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1897) chuir an t-eagarthóir Eoin Mac Néill an méid seo mar réamhrá: ‘Tháinig an litir seo tamall ó shin ó sheanchara don Irisleabhar agus do chúis na Gaeilge, ón té b’fhéidir dob fhearr eolas ar Ghaeilge agus ba mhó spéis inti i gConnachtaibh an fhaid a bhí sé ann’.

Rinne sé máithreánach na hOllscoile Ríoga in 1891 agus b’fhéidir gur chaith sé tamall ina mhac léinn i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Ní cosúil gur bhain sé céim amach. B’fhéidir gur mar gheall ar dhrochshláinte a chuaigh sé ar imirce. Sa litir úd ó Johannesburg ar 18 Iúil 1897 dúirt sé: ‘Tá mé i sláinte mhaith anois, buíochas le Dia, agus bhíos ó tháinig mé anseo, ach aon ruaig amháin tinnis fuaras.’

San Afraic Theas fuair sé post mar shaoiste sna mianaigh óir sa Transvaal. Tá cur síos aige ar an saol ann in aiste dar teideal ‘An coigcríoch thar sáile’ (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1900). Tháinig sé abhaile tamall gairid sular bhris Cogadh na mBórach amach. Is toisc gur bhraith sé an cogadh ag teacht a d’fhill sé ar Éirinn. Níl a fhios cén obair a bhí ar siúl aige ach deirtear gur i mBaile Átha Cliath a bhí sé ar dtús, gur chláraigh sé mar bhall den Ard-Chraobh timpeall an ama seo agus go raibh sé i mbun ranga ann. Is cinnte go raibh sé ar ais i nGaillimh samhradh 1900 mar ba é a stiúraigh Feis na Gaillimhe 23 Lúnasa na bliana sin (An Claidheamh Soluis 8 Meán Fómhair 1900). Bhí sé ina rúnaí ar Chraobh na Gaillimhe den Chonradh. Bhí de mheas ag an ngluaiseacht ansiúd air gur bhronn siad slabhra óir air ag cruinniú den Ard-Chraobh 30 Eanáir 1902.

Ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis é ar 8 Deireadh Fómhair 1901. Ba é Eoin Mac Néill a mhol rún ag cruinniú den Choiste Gnó go gceapfaí é, Micheál Ó hIceadha ag cuidiú leis, ach deirtear gurbh é Seosamh Laoide ba mhó ba chúis lena cheapadh. Ba é an chéad eagarthóir ar phá ag an iris é.

Deir Donncha Ó Súilleabháin in An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (1981): ‘Is cosúil go raibh míshástacht éigin ann faoi An Claidheamh Soluis mar cuireadh fochoiste ar bun ag cruinniú den Choiste Gnó 5 Eanáir 1903 chun an scéal a fhiosrú agus tuairisc a thabhairt chuig an gcéad chruinniú eile’. Ba é toradh a bhí air gur éirigh Eoghan as a phost i mí na Feabhra. Tamall beag ina dhiaidh sin fuair sé post mar shaoiste ar oibreacha i mBardas Bhaile Átha Cliath agus d’fhan sa phost sin go ndeachaigh sé ar pinsean. Ó 1905 amach, ar feadh deich mbliana, bhíodh aiste aige go rialta in The Irish Independent. Dar le tráchtas a scríobh Pádraig Ó Neachtain gur ceapadh ina eagarthóir Gaeilge sa pháipéar é an bhliain sin. Toghadh é ina leasuachtarán ar Chraobh an Ardeaspaig Mhic Héil tuairim an ama seo. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó agus de chuid dá fhochoistí.

Phós sé Eibhlín Shaw ar 10 Eanáir 1911 in Eaglais an Teaghlaigh Naofa, Sráid Eachroma. Ba iníon í le fear as an Ómaigh, Co. Thír Eoghain, pinsinéir den Chonstáblacht Ríoga, a raibh teach ósta nó teach aíochta aige ag 43 Sráid na Prúise in aice leis an margadh eallaigh i mBaile Átha Cliath. Is ann a bheadh cónaí feasta ar Eoghan. Cé go raibh sé fostaithe ag an mBardas is í an iriseoireacht an cheird a bhí aige, dar leis an teastas pósta agus dar le daonáireamh 1911. Bhí aon leanbh amháin acu, iníon.

Is aistriúcháin cuid mhór dá shaothar scríofa: Irisleabhar príosúin Sheáin Mhistéil (1910–11); An Liúdramán: dráma grinn (The Drone le Rutherford Mayne) (1927); Unaga (The heart of Unaga le Ridgwell Cullum) (1930); Cam-Chuarta i n-Éirinn (Rambles in Eirinn le William Bulfin) (1936). D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge in 1923 Tús na céimseata, aistriúchán a rinne sé ar théacsleabhar le Joseph Browne. Ceannródaí ba ea Eoghan sna cursaí seo mar bhí cúpla imleabhar, Céimseata Eúclid, curtha amach aige in 1908–13. Scríobh sé ceann de phaimfléid an Chonartha, I dtaobh na hoibre (1901).

Deir Eoghan sa réamhrá a chuir sé le leabhar Mhistéil gurbh é Tomás Bán Ó Concheanainn a d’iarr air, thar ceann Phádraig Mhic Mhánusa san Airgintín, Gaeilge a chur ar fhocail Mhistéil.

D’fhreastail Eoghan ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilgei mBaile Átha Cliath in 1903 agus bhí ina bhall de choiste na mac léinn. Chuir sé eagar ar roinnt téacsanna: ‘Tochmarc Fhearbhlaidhe’ in Ériu, 1904; Céadtach Mac Fhinn as Éirinn (1907); ‘Tóraíocht Fhiacail Rí Gréag’ i gcomhpháirt le Pádraic Mac Piarais, in An Claidheamh Soluis, 1904; Stair Éamuinn Uí Chléire do réir Sheáin Uí Neachtain (1918); Torolbh Mac Stairn le Micheál Coimín (1923). In 1901 bhuaigh sé an chéad duais do phrós ag an Oireachtas le haiste ar bheatha Mhichíl Uí Chléirigh.

Fuair sé bás 3 Bealtaine 1957 agus cuireadh i nGlas Naíon é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú