Deartháir ba ea é leis an scríbhneoir Seamus McManus agus thugadh sé airgead go fial do Chonradh na Gaeilge. Thug sé airgead freisin nuair a bhí an Cumann le Béaloideas Éireann á chur ar bun. Deirtear gur thug sé cúnamh chun Irisleabhar príosúin Sheáin Mhistéil, 1910-11 le Eoghan Ó Neachtain a fhoilsiú. Dar le Cláraitheoir na mBreitheanna i Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall, gur rugadh i gceantar Thamhnach an tSalainn é 1 Meitheamh 1864. 1 Meán Fómhair a deir Helen Meehan in aiste shubstaintiúil in Sinsear, Lúnasa 1995. Patrick McManus agus Mary Moloy (sic) na tuismitheoirí dar leis an taifead breithe. Ba é an mac ba shine ag an lánúin é. Deir Helen Meehan go maítear gurbh ón gCuntaois Renelagh (deirfiúr le Richard Montgomery, laoch i gCogadh na Saoirse i Meiriceá) a shíolraigh Mary.

Bhí sé i gceist go mbeadh Pádraig ina mhúinteoir náisiúnta ach d’imigh sé go Meiriceá go hóg agus chuaigh isteach sa chabhlach. Scríobh sé cuntas ar na hocht mbliana ar muir in Shan Van Vocht i rith na mblianta 1897-8. Shocraigh sé síos san Airgintín nuair a d’fhág sé an cabhlach agus chaith breis is bliain go leith i gcoláiste i Mar De Plat, 400 míle ar an taobh theas de Buenos Aires. Cheap Gobharnóir Buenos Aires é ina oide taistil ag a neachtanna agus a choimircithe. Is ar an gcuma sin a d’éirigh leis imchuairteanna domhanda a dhéanamh. Ceapadh é ansin ina bhainisteoir ar thrí cinn de rainsí mhuintir an Ghobharnóra. Bheadh trí rainse aige féin ar ball, talamh a bhí chomh fairsing, deirtear, le Co. Dhún na nGall.

Cara mór le William Bulfin ba ea é. Tháinig sé ar ais go hÉirinn in 1896 agus thaistil i mbun sílteagaisc trí Chontae Dhún na nGall lena dheartháir Séamus, le heagarthóirí an Shan Van Vocht, Alice Milligan agus Anna Nic Sheáin, agus le Tomás Ó Concheanainn (An Claidheamh Soluis 26 Meán Fómhair 1907). Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 28 Eanáir 1899 gur toghadh é ina bhall de choiste comórtha 1798 thar ceann Thamhnach an tSalainn. ‘A fluent Gaelic speaker’ a bhí ann dar leis an tuairisc sin. Is cosúil gur chláraigh sé mar bhall de Chonradh na Gaeilge i Londain ar a bhealach abhaile chun na hAirgintíne mar chuir sé cárta poist chucu ó Uruguay (An Claidheamh Soluis 22 Aibreán 1899). In Fáinne an Lae 19 Bealtaine 1900 tá scéala go raibh sé ina rúnaí sealadach ar an gConradh san Airgintín agus go raibh £100 curtha aige thar a gceann chuig Ciste na Teanga. Phós sé Ailsa Ní Ruairc, deirfiúr le banchéile Bulfin agus an iníon ab óige le Pádraig Ó Ruairc, Baile an Chorraigh, an Iarmhí, i dTeampall Bhanríon na mBua, Buenos Aires, ar 11 Meán Fómhair 1907 (An Claidheamh Soluis 26 Meán Fómhair 1907). Rugadh triúr mac dóibh. Deir Helen Meehan go raibh sé ina eagarthóir ar an iris Fianna san Airgintín: Lá ’le Pádraig 1910 a foilsíodh an chéad uimhir. Chuir sé £10 abhaile le haghaidh comhartha urraime a tugadh do Mhicheál Ó hIceadha (idem 23 Aibreán 1910).

Ba é ionadaí chreidiúnaithe na Chéad Dála san Airgintín é agus dhéanadh sé bolscaireacht i Meiriceá Theas ar son chúis na bPoblachtach. Thagadh sé féin agus Ailsa ar ais go hÉirinn go minic agus dhéanadh cónaí i Rossylongan House i mbaile Dhún na nGall; bhí an t-eastát talún a bhain leis an teach ceannaithe aige. I 1929 bhí na mic ar scoil i bPáras. Bhí teach acu sa chathair sin. Bhí fliú go forleata ann nuair a thug siad cuairt ar na mic. Cailleadh Ailsa san Hotel Metropole i bPáras ar 20 Eanáir agus cailleadh Pádraig ocht lá ina diaidh. Tá siad curtha i sean-reilig Chill Ó mBaird, Éadroim, Tamhnach an tSalainn.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú