I nDún Salach in aice le Sráid na Cathrach i gContae an Chláir a rugadh é ar 6 Eanáir 1871. Ba é Seán Ó hAichir, feirmeoir, a athair agus ba í Mairéad Ní Choileáin a mháthair. Bhí triúr deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. Cainteoir dúchais Gaeilge é. Chuaigh sé le bunmhúinteoireacht agus tar éis dó tamall a chaitheamh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí sé ag múineadh anseo is ansiúd i mBaile Átha Cliath gur ceapadh é ina phríomhoide i Scoil Chaoimhín, Black Pitts. Togha múinteora ba ea é. Bhuaigh an scoil duais Charlisle & Blake bliain amhain.

Bhí sé ag teagasc i gColáiste Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh i 1912 agus 1913. Nuair a bhí airgead á bhailiú chun stáisiún an gharda cósta a cheannach chuir sé cruinniú ar siúl i Halla na nInnealltóirí i mBaile Átha Cliath in Aibreán 1912 agus ba eisean, ní foláir, a d’iarr ar an Athair Peadar Ó Laoghaire bheith i láthair. Modhanna múinteoireachta a theagasc an rud ba mhó a bhí ina chúram sa choláiste.

Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus baint mhór aige le heagrú an taispeántais d’earraí na hÉireann gach Lá Fhéile Pádraig. Bhí baint mhór aige freisin le fás Chonradh na Gaeilge sa phríomhchathair, é i láthair go minic nuair a bhí craobhacha nua á mbunú, é ina bhall coiste i gCraobh an Chéitinnigh a luaithe a bunaíodh í Bealtaine 1901. Bhí sé ina leasuachtarán ar Chraobh Dhomhnach Broc agus ina uachtarán ar Chraobh Chaoimhín. Bhíodh ranganna ar siúl aige sna craobhacha sin. Comhthoghadh é mar bhall den Choiste Gnó 14 Samhain 1905.

Phós sé Ailís Ní Dhubhghaill, iníon le Donncha Ó Dubhghaill, 60 Sráid Chlann Bhreasail, Baile Átha Cliath, 18 Aibreán 1906. Ball gníomhach i gCraobh Chaoimhín ba ea í agus b’as Cill Mhantáin dá muintir. Múinteoir i Scoil Chaoimhín ba ea í agus luaitear í in An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1902 mar dhuine díobh sin a bhí ag teagasc na Gaeilge mar ábhar breise. Dhéanaidís beirt moltóireacht ag Feis Chill Mhantáin. D’éag sí go luath in Eanáir 1908. Cailleadh iníon leo go gairid i ndiaidh a breithe 31 Nollaig 1907. Phós Pádraig Mary Bede, múinteoir ón mBóthar Buí, Co. na Mí, i 1911 agus bhí iníon amháin acu.

Bhí spéis an-mhór ag Pádraig i modhanna múinte teanga agus dá chomhartha sin bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann na Múinteoirí a cuireadh ar bun d’aon úim chun múinteoirí gairmiúla a spreagadh chun eolas a chur ar na modhanna ab fhearr. Bhíodh ranganna ar siúl acu gach Satharn agus colúin acu san Irish School Weekly. Bhí spéis aige in oiliúint mhúinteoirí agus léigh sé páipéar i dtaobh na gcoláisti oiliúna i Márta 1904 ag Craobh Chaoimhín. Ag Oireachtas 1920 bhí bonn óir ina chuimhne á thairiscint sa roinn: ‘Múinteoireacht: ceacht a mhúineadh do rang nach bhfuil eolas acu cheana ar an nGaeilge’. Bhí an Philip Barron Memorial Prize buaite ag Pádraig féin 1908. Bonn óir ba ea é don mhúinteoir ab fhearr torthaí i múineadh na teanga. Bhí sé scoil déag istigh ar an gcomórtas an bhliain sin. Comhthoghadh ina bhall de Choiste Oideachais an Chonartha é Meán Fómhair 1906. Faoi 1909 bhí sé ina rúnaí ag an gcoiste sin. Bhí baint mhór aige le scéim scoláireachtaí na heagraíochta. Bhí sé ina scrúdaitheoir ag Coláiste Laighean (osclaíodh 15 Deireadh Fómhair 1906).

I gcomhpháirt le Tomás Ó hAodha chuir sé an chéad léarscáil Ghaeilge d’Éirinn ar fáil do na scoileanna.

Bhí sé ag glaoch ar shagart paróiste Dhomhnach Broc oíche 20 Feabhra 1914 in éineacht le múinteoir eile, agus thit sé isteach i bpoll a bhí tochailte le haghaidh draenála i dtimpeallacht an tséipéil. Bhrís sé a chos agus cibé faillí a rinneadh – luaitear nimhiú fola – fuair sé bás 1 Márta 1914. I mBóthar Ashdale, Tír an Iúir, a bhí cónaí air san am. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Dúradh in An Claidheamh Soluis 7 Márta 1914: ‘Ba Ghael go talamh é Pádraig agus ba mhúinteoir cliste Gaeilge é agus ní raibh i mBaile Átha Cliath ná b’fhéidir in Éirinn scoil ba mhó cabhair agus tairbhe do theanga ár sinsear ná an scoil a bhí faoina cheannas’. Bhí tuairisc faoin scrúdú báis in Freeman’s Journal 4 Márta agus chuir Eoghan Ó Neachtain an nóta seo leis: ‘D’oibrigh sé go socair cúthail agus d’fhan sé amach i bhfad ón gcoimhlint a bhíos ag daoine eile ag iarraidh a bheith in ionad na honóra’.

Bhí Brian Mac Giolla Phádraig mar chúntóir ag Pádraig i Scoil Chaoimhín agus ba é a fuair an scoil sin go luath i ndiaidh bhás Phádraig.

Ina chuimhní cinn i dtaobh Chumann Lúthchleas Gael in An Camán, Márta 1934, deir Seán Ó Ceallaigh go raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí agus iománaithe na nGaeilgeoirí, an fhoireann a bunaíodh in an Stad tuairim 1900. D’imrídís i bPáirc an Fhionnuisce gach trathnóna Sathairn. ‘Once after our practice, Pat O’Hehir seized me for a wrestle, and quickly brought me down; but despite his great stature, I held so firmly to the region of his “gallows button” that I rent his black trousers almost to the heels. There was uproar at the spectacle he presented, and we pinned him together as best we could for decency till he got on his bicycle and home’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú