Is é an lúb dheireanach é, agus an duine is lú a raibh eolas air, sa slabhra d’eagarthóirí a bhí ag páipéir Chonradh na Gaeilge i rith 1899-1932: Eoin Mac Néill, Eoghan Ó Neachtain, Pádraig Mac Piarais, Seán Mac Giollarnáth, Piaras Béaslaí, Colm Ó Murchú, Pádhraic Ó Domhnalláin, Shán Ó Cuív, Leon Ó Broin, Séamus Ó Grianna, Maoghnas Ó Domhnaill. In Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí, a rugadh é. Ba iad Micheál Ó Domhnaill ó Dhrom an Bhaile, Abhainn an Scáil, agus a bhean Johanna Ní Bhrosnáin ón Min Ard, Lios Póil, a thuismitheoirí. Is mar seo a bhí siad i nDaonáireamh 1901: Michael M. O’Donnell (33), siopadóir agus tábhairneoir, agus a bhean Johanna (26); Gaeilge agus Béarla acu beirt. I 1911 bhí na leanaí seo acu: Ellie (10); Timothy (8); John (7); Thomas (6). Ellie an t-aon leanbh amháin a raibh Gaeilge aici. Ní raibh Maoghnas sa teach ceachtar den dá oíche. Dúradh gur sheisear a rugadh don lánúin agus gur chúigear a bhí beo. Bhí an lánúin pósta le 13 bliana. Rugadh beirt bhuachaillí eile, Paddy agus Dan, agus beirt chailíní Dora agus Peggy. Oíche úd an Daonáirimh i 1911 bhí cúigear oibrithe ag cur fúthu sa teach: beirt chléireach, beirt chailíní aimsire, agus gréasaí agus bhí Gaeilge ag triúr díobh.

Síltear go ndeachaigh Maoghnas ar scoil chuig na Bráithre Críostaí i dTrá Lí; bhí traein an Daingin áisúil. Chuaigh sé le sagartacht agus b’fhéidir gur chaith sé tamall i bPáras. D’fhág sé Coláiste na nGael sa Róimh sé mhí sula rabhthas lena oirniú. Toradh ar an léann sagartúil agus ar na tamaill a chaith sé thar lear, ní foláir, is ea cuid de na bunleabhair agus na haistriúcháin a scríobh sé; deirtear go raibh seacht dteanga aige. Is dóigh gur tuairim na bliana 1924 a d’fhill sé ar Éirinn. Ba dhóigh lena iníon go raibh post múinteora aige i Muilte Farannáin agus, má bhí, b’fhéidir gur timpeall an ama seo é. I 1927-8 bhí sé ag cur faoi i gCarraig na bhFear, Co. Chorcaí, ag múineadh scoile, is cosúil, agus bhí ag iarraidh go gcuirfeadh an Gúm nuabhunaithe spéis in aistriúchán a bhí sé a dhéanamh ar fhilíocht Dante. An bhliain dár gcionn ba é Coláiste Chaoimhín, Glas Naíon, a sheoladh.

Ceapadh é ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis in Iúil 1930 agus go ceann cúpla bliain ba é Conradh na Gaeilge, 25 Cearnóg Pharnell, a sheoladh. Deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus Duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 gur chun cibé olc a bhí curtha ag Fáinne an Lae ar dhaoine, faoi eagarthóireacht Shéamuis Uí Ghrianna, a chur i ndearmad a cinneadh ar an teideal a athrú. Deir sé faoi Mhaoghnas: ‘Fear léannta ilteangach ab ea an t-eagarthóir nua seo, agus bhí a rian sin ar An Claidheamh Soluis fad a bhí sé ina cheann air. Cé go mbíodh aige ann aistí ó dhaoine eile, is air féin a thiteadh formhór mór dá mbíodh ann a scríobh—an t-eagarfhocal, cúrsaí reatha, tuairiscí i dtaobh imeachtaí an Chonartha féin, aistí stairsheanchais agus aistí faoi mhórshaothair litríochta na hEorpa. Bhíodh rian an léinn agus an eolais ar na haistí staire agus litríochta sin, ach bhídís uile go soiléir so-léite, gan aon toirtéis dá laghad ag baint leo’. Bhí cogadh an dá chló faoi lánseol ag an am agus chuir sé an dá thaobh i gcomórtas le beirt chailín a bheadh breoite go maith agus iad ag argóint i dtaobh cad é an saghas datháin a d’oirfeadh dóibh. Tháinig an 7ú Dáil le chéile den chéad uair 9 Márta 1932 agus is roimhe sin a bhí eagarfhocal 12 Márta scríofa aige: ‘Is gearr go mbeidh Rialtas nua i mbun na Sé gContae ar Fhichid. Más fíor a gcloisimid, agus má dhéantar ar tugadh de gheallúintí a chomhlíonadh, tá ré nua os comhair Gael—ré ina mbeidh ceart is cothrom le fáil arís’. Tháinig deireadh leis An Claidheamh Soluis agus lena phost tamall gairid i ndiaidh 28 Bealtaine 1932. Meastar gur chaith sé tamall ag múineadh teangacha sa Scoil Tráchtála i Ráth Maonais.

Phós sé 30 Meitheamh 1936 in Eaglais Naomh Agatha Grace Dunphy, cúntóir siopa, iníon le Patrick Dunphy, feirmeoir i Ráth Domhnaigh, Co. Laoise, a raibh cónaí uirthi ag 563, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath. Státseirbhíseach i Ros Mhic Thriúin ba ea Maoghnas ag an am. Dar le taifead an phósta gurbh é a athair Michael O’Donnell, ‘merchant’, agus gurbh é Timothy O’Donnell (a dheartháir ní foláir) a sheas leis. B’fhéidir gur bhliain roimhe sin a fuair sé post mar Oifigeach Taighde (Oifigeach Iniúchaíochta a thugtaí ar an bpost uaireanta) sa tseirbhís Chustaim agus Máil. Rugadh cailín agus buachaill dóibh. Bhí sé i Ros Mhic Thriúin anuas go 1943. D’éag a bhean in Eanáir na bliana sin díreach nuair a bhíothas ar tí a aistrithe go Durlas, Co. Thiobraid Árann, agus b’éigean dó an bheirt leanaí a chur abhaile go dtí muintir a mhná i Ráth Domhnaigh. Bhí sé i nDurlas anuas go dtí tuairim 1952. Tar éis leathbhliana nó mar sin in Oileán Ciarraí aistríodh go dtí an Daingean é agus bhí cónaí air i gCeann Trá. Ag pointe éigin chuaigh sé go dtí an Roinn Leasa Shóisialaigh. Tuairim 1952 phós sé Mary Crean ó Bhaile na Saor, Abhainn an Scáil, a raibh smeadar gaoil aici le Tom ‘Polar’ Crean, agus bhí mac acu. D’éirigh sé as a phost i 1963 agus d’éag sé 19 Márta 1965. 65 bliana an aois a luaitear sa teastas báis. Tá sé curtha in Abhainn an Scáil.

Is iad na haistriúcháin a sholáthair sé: Gruagach dúr an dea-chroí (Il Burbero Benefico le Carlo Goldoni), 1934 (dráma); péire leabhar le Hector Malet: Remi agus a chairde, 1934 agus Capí agus a chomplacht, 1935; An bheatha chrábhaidh, 1938 (le Francis de Sales); Crosáid nua na bpáistí, 1944 (La Nouvelle Croisade des Enfants le H. C. Bordeaux). Leabhair scoile is ea Tosach Laidine [1933]; Óráidí Chicero in aghaidh Chaitilina, 1937; Prós-cheapadóireacht Laidine 1937 (North & Hillard); Oibhid: Meta#morphoses VIII; Stair Iarthar Eorpa, 1942. Chuir sé eagar ar théacsanna: Tóraíocht Chalmair Mhic Mhearchuradh, 1939 (Amhlaoibh Ó Súilleabháin); Beatha Gillasius Ardmachanus 1939 (John Colgan); Beatha Naomh Maolmhodhaigh,1940; Beatha Mhuire, 1940; Beatha Bhríde, 1944. Is iad na bunleabhair a scríobh sé: Clann na gCnoc, 1940 (gearrscéalta); An Táilliúr, 1944 (gearrscéalta); Turas ar an Iodáil, 1945. Bhí scéal aige sa bhailiúchán Os na ceithre hArda, 1938. Tá tagairtí moltacha do Clann na gCnoc ag Aisling Ní Dhonnchadha in An gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940, 1981. ‘Níl aon amhras ná go n-éiríonn le Tomás Bairéad (agus le Maoghnas Ó Domhnaill) léiriú cruinn dea-inste a thabhairt ar an saol is ar an iompar is dual d’ainmhithe is d’éanlaith na tuaithe’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú