Ó DOMHNAILL, Aodh (1947–2018)
Le caoinchead ó Portráidí

Drámadóir, file agus liriceoir ab ea Aodh Ó Domhnaill a chaith a shaol oibre i mBanc Ceannais na hÉireann; scríbhneoir go smior ó na 1970idí nuair a chum sé amhráin don bhanna ceoil Na hUaisle, trí na 1980idí agus 1990idí nuair a foilsíodh trí chnuasach filíochta leis, agus go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin. Bhí dlúthbhaint aige le hAisteoirí Bulfin, mar aisteoir agus mar dhrámadóir bisiúil. Go deimhin, go lá a bháis bhí sé i mbun pinn.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Aodh ar an 19 Meán Fómhair 1947, an tríú duine clainne ag Anton Ó Domhnaill, príomhoide scoile ó Mhín Beannaid, na Rosa, Co. Dhún na nGall, agus Mary Gallen ó cheantar Shrath an Urláir sa chontae céanna. Beirt deirfiúracha a bhí aige, Mary agus Nora, agus deartháir amháin, Rory. D’fhreastail sé ar bhunscoil Naomh Bríde, Cill Easra, Baile Átha Cliath, agus ar mheánscoil Naomh Pól, Ráth Eanaigh. In 1971 phós sé Mairéad Ní Chinnéide ó Chiarraí agus bhí beirt chlainne acu, Nóirín agus Niall.

Bhunaigh Aodh agus beirt ghiotáraithe, a dheirfiúr Nora Ní Dhomhnaill agus Dominic Ó Longáin, a bhí ag obair leis sa Bhanc Ceannais, an grúpa ceoil Na hUaisle in 1970. Le himeacht ama thiocfadh Ken Mac Diarmada in áit Dhominic, agus Pól Ó Duibhir ina áitsean. Is é an t-ardán is mó a fuair an grúpa a bheith mar aíonna ar shraith teilifíse, Óró, sé seachtaine as a chéile agus amhrán nuachumtha ag Aodh ar gach clár acu. Ceann de na ceolchoirmeacha ba thúisce agus ba rathúla a raibh páirt acu ann, reáchtáladh é i Halla na Saoirse le cur in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin. Feictear sna hamhráin an greann dubh agus téamaí a bheadh sna drámaí ar ball: cás na teanga in Dún mé agus Teanga na nGael; scrios na timpeallachta in Iolar rua agus 1984; polaitíocht in EEC, rosc catha i gcoinne fheachtas an Rialtais dul isteach sa Chomhphobal Eorpach.

Tréimhse níos faide a chaith Aodh le filíocht – d’fhoilsigh Coiscéim trí chnuasach leis, Feic (1984), Cambhaill (1987) agus Is araile (1993) – agus tréimhse níos faide fós leis an drámaíocht. Le Cumann Drámaíochta an Bhainc Cheannais a thosaigh sé ag aisteoireacht, agus níorbh fhada le hAisteoirí Bulfin é nuair ba gheall go raibh sé ina ‘scríbhneoir cónaitheach’ an an gcompántas, a léirigh 16 dhráma leis. Nuair a comóradh leathchéad bliain Aisteoirí Bulfin ar eagrán Mhárta 2017 de Comhar, grianghraf d’Aodh a bhí ar an gclúdach, agus in alt ag Mícheál Ó Gruagáin, duine de bhunaitheoirí an chompántais, tugadh aitheantas ar leith d’Aodh:

Ní bheadh Aisteoirí Bulfin in ann drámaíocht den chéad scoth agus saibhreas clár drámaíochta a bhaint amach murach go raibh an t-ádh dearg linn go raibh beirt de na drámadóirí Gaeilge is cumasaí sásta a saothar a roinnt go fial linn – Pádraig Ó Giollagáin ar feadh 30 bliain ó 1973 agus Aodh Ó Domhnaill go dtí an lá atá inniu ann.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie in 2016, luaigh Aodh an sásamh a thug an scríbhneoireacht dó:

Is dócha go bhfuil an tallann ionam agus bainim an-sult as an scríobh, agus ó tharla go bhfuil baint agam le hAisteoirí Bulfin le fada an lá, bíonn siadsan i gcónaí sa tóir ar dhrámaí nua. Ó tharla go mbím ag aisteoireacht leo, tuigim an cineál drámaí atá de dhíth orthu. Tá gach duine sásta mar sin.

In alt ar Comhar, Bealtaine 2018, luaigh Fidelma Ní Ghallchobhair an éagsúlacht a bhain le saothar Aodha:

... ó thaobh seánraí, ó thaobh téamaí, agus ó thaobh formáidí de. Fear ildánach a bhí ann: bhí buanna an cheoil, na haisteoireachta, na léiritheoireachta, na samhlaíochta, na drámadóireachta, agus an ghrinn aige. Thairis sin fear meabhrach géarchúiseach a bhí ann, léitheoir amplach a chuir spéis mhór i gcúrsaí reatha, idir pholaitíocht is eacnamaíocht, i gcúrsaí staire, i gcúrsaí litríochta is scannán, i gcúrsaí ceoil agus i gcúrsaí grinn. Ba dhuine é a bhí fiosrach faoin saol, an intinn ghéar sin ag díriú i gcónaí ar ábhar mar a bheadh tóirse ann.

Bhí tuairimí láidre aige faoin drámaíocht agus faoina ról sa phobal, agus b’údar mór díomá dó an leithcheal agus an t-imeallú a mheas sé a bheith á ndéanamh ar dhrámadóirí agus ar scríbhneoirí na Gaeilge in Éirinn.

Bhí Aodh tráth ar choiste náisiúnta an Oireachtais agus ina chathaoirleach ar Oireachtas Ghaoth Dobhair in 1980. Bhí sé ina bhall gníomhach de choiste stiúrtha Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Bhí Aodh tráth ina chathaoirleach ar Chraobh Mobhí agus ar Choiste Chathair Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge chomh maith le bheith ina bhall de choiste gnó an Chonartha agus de Choiste an Oireachtais. Chaith sé tréimhse ina chathaoirleach ar choiste náisiúnta an Oireachtais. Bhí sé ina cheannaire tráth ar an ngrúpa siúil Na Fánaithe agus bhí baint nach beag aige le campaí oibre ar Oileán Chléire ag an am sin.

Aon dráma is tríocha ar fad a scríobh Aodh Ó Domhnaill, 25 don stáitse ar léirigh Aisteoirí Bulfin (AB) 16 acu: Fuílleach (AB, 1980idí); Caifé-ar-ais (AB, 1987); Oíche le Pádraig (AB, 1988); Muirc (AB, 1990); Loic ar leac (AB, 1994); Bean ar tí léime (AB, 1995); Lá breá (AB, 1996); Republica (Aisling Ghéar, 1996); Luaithrín (1997); Bertie Bush agus Mamó an Diabhail (AB, 2004); Mac a’ Stanley (AB, 2006); Cillín Shaddaim (2007); Raic (2008); An campa (AB, 2008); Biffó béar (AB, 2009); Ar deireadh (2009); Na leabhra (2010); Idir an dá shúil (An Taibhdhearc, TíAitreo sa Phéacóg, 2010;) Gur eile (AB, 2011); LaraeDó (AB, 2013); Dúnmharú (2012); Tuile (2014); 1915 (AB, 2015); Lón Leningrad (AB, 2016); Dearmad na fola (AB, 2018).

Craoladh sé cinn dá chuid drámaí ar RTÉ Raidió 1: May-Day (1984); Céim in airde (1985); Banzai (1986); Dol amú (2012); Fido (duais Oireachtais, 2013); An duairceán (2016). Bronnadh Gradam Stewart Parker ar Idir an dá shúil, a léirigh an Taibhdhearc sa Phéacóg in 2010. Bhain Aodh duaiseanna Oireachtais ar sé dhráma agus duaiseanna eile i gcomórtais na n-agallamh beirte, na lúibíní, agus na n-amhrán nuachumtha. Ar na hamhráin a chum sé do na comórtais Oireachtais agus atá le fáil in Leabhar nua na n-amhrán a chuir Micheál Ó Conghaile in eagar (2017) tá ‘An snaoisín bán’, ‘Enda buí’, agus ‘New South Wales’. Tá Aodh ar na scríbhneoirí sa leabhar Portráidí na scríbhneoirí Gaeilge (2016) agus ar an suíomh chomh maith anseo.

Ar dhul ar scor dó chuir Aodh agus Mairéad fúthu i mBaile Eaglaise, i bparóiste Bhaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne. Is ann, ag a dheasc scríbhneoireachta, a bhásaigh sé go tobann ar an 24 Eanáir 2018. Bhí cuntas iarbháis ar Tuairisc.ie, ‘An Scríbhneoir ildánach: Aodh Ó Domhnaill ar shlí na fírinne’, 25 Eanáir 2018, agus foilsíodh ‘Aodh Ó Domhnaill agus a Oidhreacht Drámaíochta’, aiste chuimsitheach le Fidelma Ní Ghallchobhair, ar Comhar, Bealtaine 2018.

Éilis Ní Anluain

Ailt