Seo é an sagart a scríobh Oileáin Árann, 1930. Mac ba ea é le Niall Ó Domhnaill agus a bhean Honoria Joyce, an Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo. Bhí siopa agus talamh ag Niall (1838–1927). Nuair a bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge sa Mhala Raithní 10 Iúil 1899 tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis gur toghadh Niall Ó Domhnaill ina leasuachtarán agus Mártan Ó Domhnaill ina chomhrúnaí. Rugadh Mártan 30 Meán Fómhair 1877 agus bhí ceathrar deartháireacha agus cúigear deirfiúracha aige. Is dóigh lena mhuintir nach le Gaeilge a tógadh iad.

Oirníodh Mártan tuairim 1904 agus bhí sé ina shagart cúnta sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, 1909–10 tar éis dó bheith ina shéiplíneach i mBéal Átha Bhearaigh roimhe sin. Ó 1910 go 1914 bhí sé ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Iarlatha, Tuaim. Tuairiscítear in An Claidheamh Soluis 27 Aibreán 1912 é a bheith ar dhuine díobh sin a thug ardmholadh d’fhoclóir Béarla-Gaeilge O’Neill Lane. Bhí a dheartháir Pádraig Ó Domhnaill, Baile Uí Fhiacháin, ina bhall de choiste a fhoilsithe. De réir Catholic Directory 1915 bhí Mártan ag obair i bparóiste Chill Mheáin ina dhiaidh sin. Bhí sé ina shagart cúnta in Árainn ó 1920 go 1934. Dhealródh sé gur dhá thréimhse cheapacháin atá i gceist ansin. Ina dhiaidh sin bhí sé ag obair sa Chlochán, sna Caológa, Corner Chapel, sa Gharbhaile agus sa Bhaile Gaelach. Bhí sé ina shéiplíneach i Mainistir na bProinsiasach in Oireamh ó 1961 go bhfuair sé bás in Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe 10 Márta 1963.

Deirtear gur mhinic a tairgeadh paróiste dó ach gurbh fhearr leis bheith ag gabháil don taighde agus don scríbhneoireacht. Ach deirtear freisin go raibh sé ait agus cúngaigeanta agus gur bheag a spéis i gcúrsaí paróiste. Chreid muintir Árann, deirtear, gurbh i ngeall ar na míbhuntaistí sin a seoladh ina meascsan é.

D’aistrigh sé idir iomainn agus amhráin thírghrácha go Gaeilge. Tá an t-aistriú a rinne sé ar ‘Faith of our fathers’ (‘Cré ár sinnsear tá faoi bhláth’) le fáil in Timirthe Chroidhe Naomhtha Íosa, Meán Fómhair 1927. Deirtear gurbh é a chum an t-amhrán ‘Árainn i bhfad i gcéin’.

Is ceann de na habairtí deiridh in Oileáin Árann: ‘Ní dhéanfadsa le mo bheo dearmad ar mhuintir chóir na n-oileán seo ar chaith mé blianta aoibhne ina measc. Is minic a imeoidh san am atá le teacht, mar a d’imigh san am atá thart, mo smaointe ar ais gus na hoileáin seo ina bhfuil mo chroí. Mar Cholm Cille, is fá úir Árainn ba mhian liom luí’. Ach is sa Mhala Raithní a cuireadh é, in ainneoin go ndeirtear gurb annamh a chuirtear sagart ina áit dhúchais.

Ba é Pádraig an duine ba shine den chlann. Ar 4 Feabhra 1867 a rugadh é agus bhí seisean an-tugtha don staidéar freisin. Bhí siopa agus teach tábhairne aige i mBaile Uí Fhiacháin, chomh maith le háisínteacht taistil, ar le daoine ag dul go Meiriceá is mó a bhain sé. Bhí sé pósta faoi dhó. Bhí gnó rafar ag muintir Julia Carey ó Bhaile Uí Fhiachain a phós sé in 1895. Ní raibh aon chlann acu. Phós sé Áine Ní Dhomhnaill ó Ros Bairneach, Cill Mhíona, i 1923. Ba í is mó a dhéanadh cúram de chúrsaí gnó. Ní raibh aon chlann acu.

D’éirigh le Pádraig bheith ina chomhairleoir contae in 1899 le linn dó bheith ina rúnaí ar Chraobh Bhaile Uí Fhiacháin den Chonradh agus bhí sé ina chrann taca ag an nGaeilge sa chomhairle. Ag ceann de na chéad chruinnithe mhol sé rún ar glacadh leis, go múinfí an teanga sna scoileanna. Ba é faoi deara gur úsáideadh Gaeilge i manadh na Comhairle. Bhí sé ag Ard-Fheiseanna 1906 agus 1907 thar ceann Chraobh Bhaile Uí Fhiacháin. Bhí aiste i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1899, inar liostaigh sé na hainmneacha a bhí ag iascairí Chuan Mó ar na héise. Gabhann an Duinníneach buíochas leis faoi liosta focal a sholáthar in eagrán 1904 dá fhoclóir agus arís i 1927. Is é an cur síos a rinne Colm Ó Gaora air in Mise: ‘Gael dúthrachtach a rinne saothar mór don Ghaeilge gach uile lá riamh. Siopadóir é a bhí i gceist mhór i mBaile Uí Fhiacháin é’.

Sheas sé thar ceann Chumann na nGaedheal sa dá olltoghchán i 1927. Cé go bfuair sé 4,058 vóta i Meán Fómhair d’éirigh le T.J. O’Connell, Páirtí an Lucht Oibre, nach bhfuair ach 3,790 vóta, an suíochán a bhuachan. Fuair Pádraig bás 9 Meán Fómhair 1937.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú