Rugadh (c.1900) agus tógadh sa Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Ina chomhfhreagraí ag An t-Éireannach. Chraoladh sé ábhar ó Radio Éireann. Ag Oireachtas 1940 bhuaigh an chéad duais ar aiste ar Mhicheál Breathnach. Tagairtí dó ag Máirtín Ó Cadhain in As an ngéibheann. Scríobh sé Seod aistí as Conamara, 1943 (Brún agus Ó Nualláin). D’éag 11 Aibreán 1961.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú