Ó Mhaghnas Ó Domhnaill a shíolraigh sé agus ba é a chuir Séamus Maguídhir, scríobhaí, a thiomsú na ndánta a bhain lena mhuintir, 113 díobh, le haghaidh Duanaire Uí Dhomhnaill, lámhscríbhinn sa Leabharlann Náisiúnta. Tá cur síos ar Aodh, ar a shinsir agus a shliocht ag Rupert S. Ó Cochláin in Donegal Annual37, 1985 (‘Hugh O’Donnell of Larkfield’), agus in Éigse, samhradh 1941 ag Éamonn Ó Tuathail (‘On Hugh O’Donnell of Larkfield’) agus in Éigse, earrach agus samhradh 1939 ag Tomás Ó Cléirigh (‘A poem book of the O’Donnells’). In aice le Cluainín, Co. Liatroma, atá Larkfield.

Mac ba ea é le Conall Ó Domhnaill, Tiarna Leifteanant Chontae Dhún na nGall le linn Shéamuis II, agus Gráinne Ní Dhomhnaill, iníon leis an Ruairí Ó Domhnaill sin ar gharmhac é le Niall Garbh Ó Domhnall (1569–1626). Tá a ghinealach in Duanaire Uí Dhomhnaill agus ag Seán Ó Donnabháin ina eagrán de Annála Ríoghachta Éireann. Nuair a coigistíodh a dtailte i gceantar Shraith an Urláir chuaigh a mhuintir go Co. Fhear Manach. D’aistrigh Aodh as sin go Larkfield. Bhí sé ina thionónta ar eastát Lane-Fox ansiúd. Phós sé Flora Hamilton agus bhí beirt mhac acu. Phós sé in athuair Margaret Montgomery, baintreach, iníon le captaen in arm Rí Liam, a mhair, más fíor, go raibh sí 110 bliain d’aois. Tuairimíonn Éamonn Ó Tuathail: ‘Doubtless O’Donnell hoped by these alliances with influential Ascendancy families to ensure that he would be left in possession of the Larkfield property.’ Ní raibh cead ag Caitliceach léas níos faide ná 31 bliain a bheith aige.

Chreid sé gurbh é féin an t-oidhre ar larlaí Thír Chonaill agus thugtaí ‘Earl O’Donnell’ air. Thugadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin cuairt ar Larkfield ach mhaslaigh sé Aodh nuair a chum sé ‘The Hawk of Ballyshannon’ in onóir do dhuine de mhuintir Uí Dhomhnaill Bhaile Uí bhFiacháin, rud ab ionann agus aitheantas mar oidhrí an Iarla a thabhairt dóibh sin; chum Cearbhallán foinn do mhuintir Dhomhnaill i mBaile Uí bhFiacháin ach ní luann D.J. O’Sullivan an teideal áirithe sin in Carolan: The Life Times and Music of an Irish Harper, 1958. Deir Richard Pococke in Tour In Ireland, 1752: ‘... the head of that family descended from the Earl of Tyrconel and tho’ he has only leases, yet he is head of the Roman Catholicks in the country, and has a great interest, is a sensible man, and well versed in the Irish History, both written and traditional.’ D’éag sé 28 Samhain 1754 agus scríobhadh ar a leacht i reilig Craoibhe Léithe go raibh sé 63 bliana d’aois.

Bhain beirt mhac leis clú amach in arm na hOstaire; bhí Karl ina choirnéal, agus ina Ghovarnóir ar Transylvania ar ball, agus d’éirigh le John a bheith ina leifteanantghinearál. Deir Ó Cochláin: ‘Karl and John were subsequently joined by their step-brother, also John, and relatives from both Newport and Castlebar, until eventually nine Irish-born O’Donnells held commissions in the Austrian service.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú