I Lios Cearnaigh, an Baile Dubh, Co. Chiarraí a rugadh é ar 24 Samhain 1890. Breac-Ghaeltacht ba ea an áit san am sin agus bhí Gaeilge ag a athair Seán, múinteoir náisiúnta i Scoil Fhearann na Coille, agus ag a mháthair Áine Ní Ruadhcháin. Tá fianaise ann go raibh an teanga á múineadh i scoil Sheáin d’ainneoin an bainisteoir a bheith ina coinne. Ar éigean má bhí aon oide eile sa cheantar á múineadh i 1904.

Chaith Pádraig na blianta 1905 go 1908 i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne. Bhí sé ag dul le sagartacht agus bhuaigh sé scoláireacht dhá bhliain i gColáiste na nGael i bPáras, mar a ndearna sé staidéar ar fhealsúnacht. Nuair a shocraigh sé a aigne ar gan a bheith ina shagart thosaigh sé, i 1911, ar chúrsa sa léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, faoin Dr Risteard de Hindeberg. Ghnóthaigh sé B.A. i 1914 agus M.A. an bhliain dár gcionn. Le linn dó a bheith sa Choláiste bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Sigerson den chéad uair do Chorcaigh. Ghlac sé páirt freisin sa chéad díospóireacht idir-ollscoile i mBaile Átha Cliath i Márta 1914.

Ba é an mac léinn ab ansa le de Hindeberg é. Measadh gurbh é a thiocfadh i gcomharbacht air i gcathaoir na Gaeilge. Ceart go leor, nuair a d’éag de Hindeberg ceapadh Pádraig ina ollamh sealadach ach ba é Torna a fuair an chathaoir sa deireadh. D’éirigh le Pádraig post a fháil i gColáiste na Toirbhirte. Chuaigh sé i gcion go mór ar Sheán Ó Faoláin (‘I must say more about our Irish teacher, Pádraig Ó Domhnaill: young, handsome, eager and quite uncowed.... Thanks to Ó Domhnaill I was wearing my Fáinne in the summer of 1917’. Vive moi!). Bhí stailc sa scoil i 1920 agus ó tharla Pádraig a bheith ar thús cadhnaíochta sa troid fágadh gan phost é nuair a bhí deireadh leis an aighneas. D’oscail sé féin agus fear eile scoil Ghaeilge, Acadamh de Hindeberg, ag 13 Sráid Marlboro, Corcaigh. Bhí post sealadach aige i gColáiste Bharra, Fearann Phiarais, freisin.

Phós sé Nóra Nic Oitir i 1917. Cúigear clainne a bhí acu.

Anuas go dtí 1921 bhí sé ina oifigeach taiscéalaíochta sna hÓglaigh agus ina bhreitheamh i gcúirteanna Shinn Féin . Ní raibh baint ar bith aige le cúrsaí polaitiúla ná míleata i ndiaidh an tsosa cogaidh. Ó 1921 go 1928 bhí sé ina thimire Gaeilge i gContae Chorcaí agus i gceannas ar chúrsa samhraidh gach bliain. Ceapadh ina chigire bunscoileanna é i 1928 agus faoi fhómhar 1952 bhí sé ina Leas-Phríomhchigire. D’éag sé ar 6 Feabhra 1953.

Tá cuntas ar a shaol is a shaothar ag an Athair Tadhg Ó Murchú in Feasta, Aibreán 1953. Foilsíodh Nasalization in Irish, 1916. D’aistrigh sé péire dráma le Domhnall Ó Corcora, An Bunnán Buidhe agus Aiséirghe. D’fhoilsigh An Gúm iad i 1929. Bhí páirt ag Pádraig féin sa chéad léiriú de An Bunnán Buidhe i 1919. Tuairim an ama sin freisin foilsíodh leabhrán, Comhacht uisce in Éirinn, a scríobh sé féin agus Annraoi Breathnach. I 1923 foilsíodh Algébar a scríobh sé i gcomhar le Seoirse Mac Niocaill agus Ceachta cainnte don phobal a scríobh sé i gcomhar le Séamus Ó Maoileoin. Ach ba é an saothar ba mhó a chuir a ainm in airde na leaganacha Nua-Ghaeilge de dhánta na Sean-Ghaeilge a bhí Feasta a fhoilsiú ó 1950 ar aghaidh. Bhíodh sé ag gabháil den saothar seo ó 1925 ach níor thug obair na scoileanna ná an bás aga dó ar é a thabhairt chun críche.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú