Ba é comharba an Fhir Mhóir (Séamus Ó hEocha) é i gColáiste na Rinne agus ba é a scríobh stair an Choláiste. Thug Nioclás Breatnach, bailitheoir béaloidis, eolas ina thaobh san óráid cois na huaighe (An Linn Bhuí 2, 1998). I mBóthar an Mhuilinn, Maigh Dheilge, Co. Phort Láirge, a rugadh é 14 Meán Fómhair 1910. Feirmeoir ba ea a athair Edmund agus ba í Anastatia Walsh a mháthair; bhí triúr deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Cainteoir dúchais Gaeilge an t-athair ach Béarla amháin a labhraíodh sé leis na páistí; ní raibh Gaeilge ag a máthair. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i nDún Garbhán, é in aon rang le Nioclás Breatnach. Faoi 1932 bhí sé ag obair mar chléireach i gColáiste na Rinne. In Iolscoil na Mumhan: ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne, [1987] deir sé: ‘Ar imeacht do Mhuiris Ó Miléadha, tháinig mé féin go dtí an Coláiste san Aibreán 1932 mar cheannaire ar na buachaillí, agus ní raibh mé ach chun cúpla mí a chaitheamh ann go dtí go mbeadh na leanaí ag imeacht abhaile sa Mheitheamh. Cibé scéal é, bhí an Fear Mór ag imeacht go dtí an Chomhdháil Eocairisteach i mBaile Átha Cliath um Meitheamh is ar thuras go dtí an Mheánmhuir i dtosach Iúil, agus bhí uaidh giolla gualainne de chineál éigin bheith anseo ina ionad. D’iarr sé orm fuireach mar Rúnaí nó go gcasadh sé agus is mar sin a tharla mé féin agus Seán Ó Cuirrín bheith i bhfeighil na hoibre ina éagmais.’ Cuireadh é i bhfeighil Choláiste Dhéagláin in Aird Mhór ar feadh míosa i 1943 nuair a bhí cúrsa Gaeilge do mhúinteoirí gairmoideachais ar siúl ann. Nuair a bhí an Fear Mór gan a bheith ar fónamh an bhliain sin ceapadh é ina bhainisteoir cúnta. Toisc gur thit dualgais bhreise air b’éigean dó éirí as post sealadach a bhí aige faoi Bhord Turasóireachta na hÉireann. Ceapadh ina bhainisteoir é i 1959 nuair a cailleadh an Fear Mór.

Bhailigh sé eolas ar stair na nDéise sna 1940idí. Bhí sé ina bhall de Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge. Is mar seo a chuala Breatnach duine d’oibrithe an Choláiste ag cur síos air: ‘Sea, fear fuinte, faghartha forasta feidhmiúil, fódúil an fear sin.’ Dúirt Breatnach: ‘Seach ba rúnaí cúnta ar feadh sealaid é b’ilcheardaí leis é. Dá dteipfeadh ar an leictreachas ba leictreoir é .... Chuir Michéul gach aon rud ina cheart. Dá mbuailfeadh galar na píopaí uisce bhí Michéul ina phluiméir cruthanta agus mar sin dó ag garaíocht istigh is amuigh nuair ba ghá. Fear ilbheartach go dearfa.’ Agus bhí le rá aige freisin gurbh fhear é ‘nár chuir aithne riamh ar sheachtain chúig lá’. Bhí sé pósta ar Moya Feddis agus in Iolscoil na Mumhan… deir sé fúithi: ‘Iar dteacht chun na Rinne di, is insonraithe a ndearna Moya Bean Uí Dhomhnaill dúinn ó thús na 1960idí i leith. Bhí tréan cur amach aici ar chluichí a eagrú is a mhúineadh do chailíní—agus a shliocht uirthi—gnaoi chailíní Scoil na Leanbh a bheith uirthi ó shin dá bharr.’ Bhí iníon agus triúr mac acu. D’éag sé 26 Samhain 1997; tá sé curtha i Reilig Shéipéal San Nioclás sa Rinn. Fuair a bhaintreach Moya bás 29 Nollaig 2006.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú