Sa Tuar i bparóiste Chlais Mhór, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 11 Deireadh Fómhair 1874. Edmund Meehan, feirmeoir beag, a athair agus ba í Mary Coffey (Coffee atá sa teastas breithe) a mháthair. Tá eolas níos cuimsithí ag Nioclás Mac Craith in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 7, 2003 (‘Liam Ó Miadhacháin 1974-1960’ – Ó Miadhacháin an litriú atá ag Michéul Ó Domhnaill freisin; ‘Ó Míodhacháin’ atá ar fud Clár Litridheachta na Nua-Ghaedhilge). Ó Cathbhuadhaigh ceartsloinne Gaeilge na máthar. Beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha a bhí aige. Ba í an Ghaeilge gnáth-theanga an cheantair le linn a óige. Tar éis bunscolaíochta fuair sé post cléireachais i siopa éadaigh an Chuimínigh i nDún Garbhán. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge sa Chonradh agus ba ghairid go raibh sé féin ag múineadh ranga. Is dóigh le Nioclás gurbh i rang Dhomhnaill Uí Fhearchair a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga. Ag Feis Dhún Garbhán bhain sé an chéad duais don chnuasach ab fhearr d’fhocail Ghaeilge a bhí fanta i mBéarla na nDéise. Faoi Fheabhra 1901 bhí sé ina rúnaí ar an gcéad chraobh den Chonradh i nDún Garbhán. Bhí an chéad aiste óna pheann i gcló in An Claidheamh Soluis 6 Meán Fómhair 1902. Leis an iomáint i gContae Phort Láirge a bhain sé. Bhí cáil air féin mar pheileadóir le foireann Fhánaithe Seandúin. An bhliain dár gcionn bhuaigh sé cúpla duais Oireachtais, duais díobh i gcomórtas a bhí teoranta do chontae an iomaitheora, le haiste ar Phádraig Denn, agus an duais eile le haiste ar imeacht na nGael thar sáile. 6 Sráid Uí Chonaill, Dún Garbhán, a sheoladh ag an am. D’fhoilsítí a aistí in Irisleabhar na Gaedhilge agus The Leader. Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Saibhreas Mháire Mhór, 1927, aistriúchán ar The riches of Mrs Mullooney, le W.J.Carey; Cleasa ar chartaí [g.d.]; Eachtraí Pháidín Turraoin, 1928.

Bhí baint aige le Coláiste na Rinne ar feadh i bhfad. Bhí sé ar dhuine díobh sin a réitigh na cuntais airgid i 1909 agus bhí sé ina bhall den choiste riartha ó 1916 i leith agus toghadh é ina bhainisteoir ar Chomharchumann na Rinne i 1920 agus bhí an cúram air gur éag sé. Bhí sé ina ionadaí ag Bord Iascaigh Mhara. Phós sé Úna Ní Dhruacháin, a bhí ag obair mar bhean a’ tí sa Choláiste, 6 Feabhra 1930 sa Rinn. Bhí an Fear Mór [Séamus Ó hEocha] pósta ar a deirfiúr agus thugtaí an Fear Beag ar Liam. Bhí ar a laghad beirt iníonacha agus mac acu.

Fuair sé bás ar 30 Lúnasa 1960 i ndiaidh timpiste sa bhaile i nDrom Fhinghin, an Rinn. Luaitear in Dungarvan Leader 10 Meán Fómhair 1960 go raibh cáil air as a chumas ar liníocht cheilteach: teistiméireachtaí, dileagraí agus a leithéidí. Tá cuntas ag Nioclás ar an obair ealaíne a dhéanadh Liam idir dhileagraí, chártaí cuimhneacháin, chlúdaigh leabhar, scríbhinní ar leaca uaighe.... Is suimiúil freisin gur aistrigh sé amhráin mar ‘The Pride of Petravore’(French) agus ‘Sliabh na mBan’ (Kickham). Ag Proinsias Ó Drisceoil tá ‘Liam Ó Míodhacháin agus Coimisiún na Gaeltachta’ in An Linn Bhuí 9, 2005.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú