Ó thosaigh obair na hathbheochana b’fhéidir gurbh é seo agus Seán Ó Cearbhaill an t-aon bheirt de chainteoirí dúchais Gaeilge Thiobraid Árann a scríobh leabhair sa teanga. An Gleann agus a raibh ann (1963) is mó a thuill clú do Shéamus. Nuair a phós sé Josephine Prendergast i séipéal Naomh Peadar is Naomh Pól i gCorcaigh ar 7 Meán Fómhair 1920 cuireadh síos sa taifead gurbh é Thomas Mulcahy, gnáthoibrí (‘workman’), a athair. Deir a mhuintir gurbh í Margaret Burke a mháthair. B’as ceantar an Chaisleáin Nua i dTiobraid Árann Theas dóibh beirt. Ar 10 Bealtaine 1884 a rugadh Séamus sa Chruán. ‘Thomas Mulcahy, labourer, Cruan’, agus Margaret Burke atá curtha síos mar thuismitheoirí sa taifead. Ní raibh Séamus sa teach nuair a rinneadh Daonáireamh 1901 agus is mar seo a bhí an teaghlach: Thomas Mulcahy, oibrí feirme (51), Margaret, a bhean (40), Mary Anne (11), John (9), Patrick (5), Thomas (2). Bhí Gaeilge ag na tuismitheoirí agus ag Mary Anne agus John amháin. Is mar seo a bhí in 1911: Margaret (50), baintreach, James (27), múinteoir náisiúnta, John (19), gnáthoibrí, Mary Anne (21), Patrick (16), Thomas (13). Bhí Gaeilge acu go léir.

Tar éis bunoideachais sa Chaisleán Nua cháiligh Séamus mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge. Bhí ceathrar mac aige féin agus a bhean Josephine, a ndeachaigh triúr díobh le sagartacht, agus aon iníon amháin. Chaith sé 44 bliain ag obair i Scoil na Gráinsí ina dhúiche féin. Dúradh i dtuairisc a bháis i bpáipéar áitiúil gur aistrigh sé péire leabhar ón bhFraincis. Ar a leac uaighe sa Ghráinseach tá scríofa: ‘I gcuimhne Shéamuis Uí Mhaolchathaigh O.S., an Ghráinseach, a thug seirbhís mar mháistir Scoile Náisiúnta na Gráinsí ó 1904 go 1948. D’éag sé ar 10 Márta 1968 in aois 85 bliain’. Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan [1987] gur sholáthair sé eolas ar logainmneacha don Athair Pádraig de Paor agus eolas ar Ghaeilge an cheantair do Thomás de Bhaldraithe, Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá foclóir a thiomsaigh sé ar fáil ar líne ar shuíomh Focail Fholaithe (http://focailfholaithe.fng.ie), Foclóir na Nua-Ghaeilge, tionscnamh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann

In An Linn Bhuí ... 6, 2002 tá eolas ag Proinsias Ó Drisceoil agus Liam Ó Paircín (‘An Caighdeán agus a raibh ann’) ar an eagarthóireacht a rinneadh ar An gleann agus a raibh ann i gcaoi gur ‘balbhaíodh canúint an údair’. Tugann siad eolas freisin ar na caibidlí a fágadh ar lár agus cuireann ceann díobh i gcló. Tá curtha leis an eolas ar an múinteoir seo ag Liam Mac Peaircín in An Linn Bhuí 8, 2004 (‘Fo-ghráinne annso súd i measg an lócháin’). Scrúdaigh Liam comhaid an Ghúim sa Chartlann Náisiúnta agus tugann tuairisc ar an bplé a bhí ag Ó Maolchathaigh leis an bhfoilsitheoir stáit. ‘Ba thríoblóideach thubaisteach an gaol a bhí aige leis an nGúm’, a deir sé. Chuir Ó Maolchathaigh faoina mbráid leabhair agus sleachta a bhí aistrithe aige ón bhFraincis, chomh maith le scríbhinní dá chuid féin, ach níor fhoilsigh siad ach Dualgas Pheadair Bhig (1953) (La Tache du Petit Pierre le Jeanne Mairet) (in 1934 a thug sé dóibh é) agus gearrscéal in As na Ceithre hÁirdibh (1938), cnuasach de ghearrscéalta le húdair éagsúla. An Gleann agus a raibh ann féin, ní ghlacfadh siad leis. Liostaíonn Mac Peaircín gearrscéalta dá chuid a foilsíodh in Scéala Éireann Meitheamh-Lúnasa 1968 tamall gairid i ndiaidh a bháis. Tugann sé eolas i dtaobh a raibh foilsithe ar an stair áitiúil aige in irisí seandálaíochta agus i bpáipéir. Tá i gcló freisin san aiste léannta seo amhráin agus giotaí seanchais a chuir sé chuig Séamus Ó Duilearga in 1934, ábhar a chuireann lenár n-eolas ar chanúint Thiobraid Árann Theas, shílfeá. Foilsíodh The glen : an gleann - recollections from a lost world - aistriúchán de An gleann agus a raibh ann - in 2016.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú