Bhí sé ar dhuine de na haistritheoirí gairmiúla ba mhó le rá lena linn agus bhí baint mhór aige le forbairt na Gaeilge, ó na 1950idí amach go háirithe. In Feasta, Márta 1987 tá suim (‘Billeog Chuimhne’) ar chuir sé i gcrích ag Seán Ó Lúing. Deir seisean: ‘Dá n-iarrtaí orm mana a chur ar shuaitheantas do Shéamas Daltún roghnóinn “Dícheall, fíre, ionraiceas”. Ar na caighdeáin atá measta dhon seirbhíseach poiblí a fhreastal bhí sé ar an gcéim agus ar an scoith b’airde, ba dhíograisí agus ba dhílse.’

I mbaile fearainn Bhaile an Ghabhann i bparóiste na hEaglaise in aice le Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge, a rugadh é 2 Bealtaine 1908. Ba mhac é le Patrick Dalton agus Mary Ormonde. Saor adhmaid ag tógáil is ag deisiú cairteacha agus trealamh feirme a athair. Bhí gabháltas beag talún ar cíos aige freisin agus bhí siopa beag sa teach acu. Cúigear deartháireacha a bhí aige agus beirt deirfiúracha. Níor Ghaeilgeoirí na tuismitheoirí ach taispeánann Daonáirimh 1901 agus 1911 go raibh triúr dá dtuismitheoirísean beo go fóill agus go raibh Gaeilge agus Béarla acu.

Tar éis bunoideachais sa scoil náisiúnta sa Bhaile Nua ghnóthaigh sé scoláireacht a thug go Coláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, é. Arís, is scoláireacht a thug go dtí an Coláiste Ollscoile, Chorcaigh, é; bhí sé ina rúnaí ar an gCuallacht Ghaelach ann. In 1928 bhain sé amach BA sna Nua-Theangacha (Gaeilge agus Béarla, agus Fraincis mar fho-ábhar). Chaith sé trí bliana ag múineadh i gColáiste Cholmáin agus ghnóthaigh HDipEd in 1928. Bhíodh sé ag múineadh freisin i gColáiste Dhéagláin san Aird Mhór, Co. Phort Láirge, gach samhradh agus bhí ina Ard-Mháistir ann in 1931; bhí cáil nár bheag air mar mhúinteoir, ní hamháin ag an bpointe sin ach i bhfad ina dhiaidh agus é i mbun cúrsaí sa státseirbhís. Ghnóthaigh sé MA sa Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 1948 le tráchtas ar Ceasacht (Ceisniomh) inghine Ghuile. Fuair sé post mar Aistritheoir i dTithe an Oireachtais in 1931. Ceapadh é ina Aistritheoir Sinsir in 1941 agus mar Leasphríomh-Aistritheoir in 1945. Bhí sé ina Phríomh-Aistritheoir 1954-72. Chaith sé roinnt blianta eile seirbhíse ann tar éis scor dó. Bhí sé ina Chomhrúnaí ag an gCoiste Dlí-Théarmaí Gaeilge agus rinne sé saothar do Choistí Téarmaíochta na Roinne Oideachais.

Deir Ó Lúing: ‘I gcaitheamh na tréimhse a chaith sé i gceannas na Rannóige bhí éifeacht luachmhar domhain aige ar fhorbairt nua-aoiseach na Gaeilge. Is air go háirithe a thit sé de chúram leagan caighdeánach gramadaí a cheapadh don teanga Ghaeilge a bheadh inghlactha agus fóinteach i saol agus i gcumarsáid na teanga. Níorbh aon dualgas éasca é sin. As an bhforaois aighneasach deacrachtaí ina thimpeall d’éirigh leis réiteach ar an gceist chasta a shaothrú agus a chur i gcrích.’ In ‘Scéal Rannóg an Aistriúcháin’ (Teangeolas 17, 1983) tá an cur síos seo aige féin ar an obair sin:

Ós rud é gurbh iad muintir Rannóg an Aistriúcháin a thug an chéad chéim ar bhóthar an chaighdeáin [an córas litrithe], bhíothas ag brath orthu an dara céim a thabhairt, ar feadh gramadaí go háirithe. I mí Bealtaine 1957 chuir an Taoiseach de Valera de chúram ar an bPríomhaistritheoir, Séamas Daltún, dul i mbun leabhrán a chur á ullmhú le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne. Chuathas i mbun na hoibre le dúthracht agus bhí an leabhrán réidh taobh istigh de bhliain. Comhaontaíodh leis an Roinn Oideachais é a fhoilsiú, agus cinneadh ar ábhar as Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil, a bhí imithe as cló, a chur isteach sa leabhrán céanna. Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge a tugadh de theideal ar an leabhrán. Bhí ráchairt air láithreach nuair a tháinig sé ar an margadh. “1,200 graiméar nua díolta an chéad lá” an fógra a bhí ar an Irish Press, 12 Meán Fómhair, 1958.

Tugadh an t-ochtú cló amach in 1995. Deir Ó Lúing freisin:

Is dó atá bunús na creidiúna ag dul i dtaobh aistriú na gConarthaí Eorpacha in 1971-72…. Ar ndóigh, bhí saibhreas gan choimse focal agus leagan ina cheann aige, iad ag teacht chuige mar theastóidís. Bhí an éirim bhuaiteach ann a dhéanann tógáil agus forbairt. Dá theicniúla an t-ábhar is ea is mó, a déarfá, a thaitnigh leis tabhairt faoi agus culaith Ghaeilge slachtmhar a chur air.

Ba é a scríobh an chéad leagan de Maidir le do litir in 1970 mar threoir do státseirbhísigh a bhí ag plé le comhfhreagras i nGaeilge. Aistriú a rinne sé ar My fight for Irish freedom le Dan Breen is ea Ag Troid ar son na Saoirse (1972). Rinne sé eagarthóireacht ar go leor leabhar eile, ina measc Tótamas in Éirinn (1961) le Seán Mac Suibhne agus An gleann agus a raibh ann (1963) le Séamus Ó Maolchatha. Bhí spéis aige i dteangacha i gcoitinne agus bhí eolas maith aige ar an bhFraincis, ar an Spáinnis agus ar an nGearmáinis. Bhí aiféala air riamh nár lig cúraimí an tsaoil dó tréimhsí a chaitheamh sa Mhór-roinn agus é ina ógfhear; deirtear gur thug Hans Hartmann tairiscint dó uair dul go dtí an Ghearmáin ach níor fhéad sé glacadh leis. In 1940 phós sé Ceit (Máire) de Bhaldraithe (d’éag 8 Lúnasa 1993). Col ceathar ba ea í le Tomás de Bhaldraithe agus bhí siad a dó is a dó i ngaol le chéile: cúpla ba ea aithreacha Cheit agus Thomáis agus deirfiúracha a máithreacha. Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea seanathair Cheit, John McNamara as Cill Chleitheáin in iarthar an Chláir. Bhí mac acu, Antoin. D’éag Séamas 15 Nollaig 1986. Tá sé curtha i nGráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú