Sa Chaol, Dairbhre, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 18 Márta 1872. Donncha ab ainm dá athair agus ba í Máire Nic Chárthaigh [Mac Cárthaigh Mór] a mháthair. Ba as Baile an Sceilg do Mháire agus bhí léamh agus scríobh na Gaeilge aici; bhí cáil uirthi mar bhean a bhí eolach ar leigheasanna agus ar phiseoga. In alt, ‘Thiar in Uíbh Ráthach’, in Loch Léin, Aibreán 1903 deir Diarmuid: ‘Bhí Gaolainn ag m’athair is mo mháthair, ’sí ba ghnáthaí leo bheith á labhairt. . . . Ní heaspa sin ná go raibh Béarla a ndóthain ag mo mhuintir. . .’. Ansin insíonn sé scéal fada faoi thaithí a mháthar ar an mbata scóir nuair a bhí sí ar scoil. In Fáinne an Lae 4 Meitheamh 1924 tugann sé cuntas ar chuairteanna a thugadh sé ina pháiste ar a muintir i bparóiste na Priarachta. ‘Ní chloisfí san am san ach Ghaeilge ó mhaidin go hoíche’.

‘Hedgers’ an leasainm atá ar na Súilleabhánaigh ar dhíobh Donncha toisc gur fostaíodh cuid díobh uair chun fálta Ridire Chiarraí a bhearradh. Is iad Denis O’Sullivan agus a bhean Mary agus a leanaí an t-aon teaghlach i nDairbhre a bhfuil eolas Dhaonáireamh 1901 ag teacht lena bhfuil d’eolas againn ar mhuintir Dhiarmuda: Denis O’Sullivan (64), an Chois, ‘Civil Bill officer’ nó seirbheálaí próiseanna; a bhean Mary (48); Daniel (19), oibrí coitianta; Honoria (18), monatóir; Julia (15), cailín aimsire; Peter (11); James (8). Bhí Gaeilge acu go léir. Dheimhnigh Síle, iníon Dhiarmuda, i 1996 gurbh iad a mhuintir iad gan amhras. Is mar seo a bhí siad i nDaonáireamh 1911: Denis O’Sullivan (78), seirbheálaí próiseanna; Mary (68); Daniel (28), seirbheálaí próiseanna; Honoria (27), múinteoir náisiúnta; James (19), oibrí coitianta. Bhí Gaeilge agus Béarla acu go léir. Bhí an lánúin pósta le 42 bliana agus den dáréag leanbh a rugadh dóibh bhí ochtar ina mbeatha. Ag Ridire Chiarraí a bhí sé an seirbheálaí próiseanna a cheapadh.

Bhí sé ar scoil ag Domhnall Ó Súilleabháin, gaol leis a raibh baint mhór aige le Conradh na Gaeilge san oileán. Thosaigh sé a shaol oibre mar fhear poist san oileán. Phós sé Kate Rumley, iníon le Patrick, feirmeoir i mBaile Mhac Óda, Co. Chorcaí, in Eaglais Naomh Pádraig, cathair Chorcaí, ar 20 Feabhra 1900. Bhuail siad le chéile i nDairbhre nuair a bhí Kate ag obair sa Royal Hotel ansin. Nuair a chuaigh siad go Cill Airne bhí teach ‘leaba agus bricfeasta’ agus seomraí tae aici ann. Cócaire an-mhaith agus bean tí chliste ba ea í. Úgóinigh ba ea muintir Rumley agus ba é seanchas na clainne gur ‘Romilly’ an ceartleagan Fraincise den sloinne. Gaeilgeoirí agus Caitlicigh ba ea an chraobh den chlann ar bhain Kate leo.

Deir Nóra Ní Shúiliobháin in Capuchin Annual 1976 : ‘A cousin and pupil of my father, Diarmuid Ó Súilleabháin, whose pen-name was Diarmuid Ó Duibhne, then a postman in Killarney, later a Dáil translator was a much-loved visitor. When he went to Killarney he formed with an tAthair Cathaoir Ó Braonáin the nucleus of writers and pamphleteers who produced on a hand press their own journal, Loch Léin’. Scríobh sé aistí agus scéalta idir 1903 agus 1904 san iris sin agus in An Claidheamh Soluis, The Leader, Banba, Irisleabhar na Gaedhilge. Bhuaigh sé an chéad duais ag Feis na nAirne i 1903 ar scéal agus an chéad duais ar aiste (Loch Léin, Lúnasa 1903). Tá a phictiúr ar chlúdach Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1904. Rinceoir breá ba ea é.

Bhí Diarmuid Ó Súilleabháin ó Chill Airne ina Leasuachtarán ar Chumann na Múinteoirí Taistil, más fíor do An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1904. B’fhéidir gurbh fhear eile den ainm é mar ní heol gur fhág Diarmuid s’againne seirbhís an phoist. Ainmníodh é mar iarrthóir do Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge (An Claidheamh Soluis 13 Lúnasa 1907). Faoi 1910 is sa tSráid Nua i gCill Airne a bhí cónaí ar an teaghlach go fóill agus ‘post office official’ a cuireadh síos mar shlí bheatha Dhiarmuda nuair a rugadh a mhac Domhnall ann ar 25 Meitheamh 1910. Ag 33 Paráid Ghleann Ghairbh a bhí siad nuair a bhí Daonáireamh 1911 á dhéanamh. Cuireadh síos go raibh 38 bliana d’aois ag Diarmuid, fear poist a rugadh i gCiarraí, go raibh sé féin agus a bhean Cáit (35), arbh as Corcaigh di, pósta le 11 bliana, gur rugadh seachtar dóibh agus go raibh seisear díobh ina mbeatha. Donncha (10), Máire (8), Seán (5) agus Domhnall (naoi mí) a bhí sa teach oíche an Daonáirimh. Páistí eile ba ea Diarmuid, Peadar, Nóra, Síle, Kathleen. Bhí Gaeilge ag gach duine sa teach, cé is moite den bheirt ab óige. Bhí an teaghlach sa teach sin go fóill nuair a chuir Diarmuid litir agus dán chuig An Sguab, Samhain 1922. Comhthoghadh é ina bhall de Choiste an Oireachtais 10 Deireadh Fómhair 1914 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin). Ag Oireachtas 1916 i bPort Láirge bhí sé ina mholtóir sa chomórtas a bhain le seanchas na haimsire (An Claidheamh Soluis 18 Márta 1916).

Ní raibh aon phrós aige sna hirisí ó 1905 go 1924 nuair a thosaigh sé ag foilsíu ábhair in The Leader, An Branar, Fáinne an Lae. I dtuairiscí a bháis deirtear gur bhall de Bhráithreachas na Poblachta é agus gur earcaigh Micheál Ó Coileáin é mar dhuine dá oifigigh eolais. Tugtar le tuiscint gur ag troid in Ard-Oifig an Phoist a bhí sé. Cibé páirt a ghlac sé tá sé níos dealraithí gur mar oibrí ann a bhí sé ag soláthar eolais i ndiaidh 1916. I ndiaidh 1922 bhí sé ina bhall de Chumann na nGaedheal. Ba chuimhin le Iney Leonard, iníon le ‘Sceilg’ (Seán Ó Ceallaigh) é a bheith i sochraid a dearthár sna 1920idí ach nach leomhfadh sé dul isteach sa teach acu. Bhí siad ina gcompánaigh scoile agus seanchairdeas acu le chéile anuas go haimsir an Chonartha Angla-Éireannaigh. Nuair a bhí Diarmuid ar leaba a bháis d’iarr a iníon Síle ar Shéamus Ó FiannachtaSceilg a thabhairt ar cuairt. Chaith an bheirt seandaoine cúpla uair an chloig ag caint faoin am fadó.

Bhí sé ar dhuine de na chéad aistritheoirí i Rannóg Aistriúcháin an Oireachtais. In ‘Scéal Rannóg an Aistriúcháin’ (Teangeolas, Geimhreadh 1983) deir Séamas Daltún: ‘Is iomaí sin duine ar fhoireann Rannóg an Aistriúcháin a bhain cáil amach mar scríbhneoir Gaeilge, leithéidí Donn Piatt, Diarmuid Ó Duibhne, Pádraig óg Ó Conaire, Tomás Tóibín, Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Lúing agus daoine nach iad’. Ba chuimhin le Seán Ó Lúing go mba chainteoir an-bhreá é. Ach tá sé deacair a thuiscint cén fáth a n-áireofaí é mar scríbhneoir cáiliúil. Má ba ea, rinne Muiris Ó Droighneáin faillí ann in Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas, 1936. Ní cosúil gur scríobh sé ach an t-aon bhunleabhar amháin: Cliamhain-isteach, dráma trí mhír, 1933. D’aistrigh sé: Eachtraí Shéamuis Uí Dhuibhir, 1933 agus Tuilleadh eachtraí Shéamuis Uí Dhuibhir, 1933 (le Frank L. Packard). Dar le Muiris Ó Droighneáin gurbh é freisin a d’aistrigh An Soitheach (The Cask le Freeman Wills Croft), 1934 agus Beatha Mhaitiú Talbóid (Sir Joseph A. Glynn), 1935. Aistriúchán eile dá dhéantús is ea Buachaillí Bhinn Éadair: scéal scoile den ré fháistinigh a scríobh M.H. Gaffney, O.P. Tuairiscíodh in Inniu 21 Deireadh Fómhair 1955 gur aistrigh sé mír a haon ar a laghad de Julius Caesar. Chreid a mhuintir gur tugadh don Ghúm é. Is cosúil gur chraol sé sleachta as ar raidió sna 1920idí.

Léiríodh Cliamhain Isteach in Amharclann na Mainistreach ar 2 Aibreán 1928 sular foilsíodh mar leabhar é. Sa Mhainistir arís, ar 6 Bealtaine 1933, a léirigh An Comhar Drámaíochta é. Dúirt M. Ní Ch. in An Camán 6 Bealtaine 1933 faoi: ‘Is dóigh liom gurb é seo an chéad uair a foilsíodh aon chuid de cheapadóireacht “Dhiarmuid Ó Duibhne” i bhfoirm leabhair i dtaobh is gur beag seana-Ghael nach cuimhin leis aiste bhríomhar uaidh ins na páipéir ó am go ham sa tseanaimsir nuair a bhí Conradh na Gaeilge i mbláth na hóige’. Ag tagairt don Ghaeilge bhlasta shimplí dúirt sí: ‘Chím go bhfuil an fhilíocht ag briseadh amach i nDiarmuid arís, bail ó Dhia air’. In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 roghnaíonn Pádraig Ó Siadhail é mar shampla ar an ‘mianach an-íseal’ a bhí i gcuid de dhrámaí an Chomhair Drámaíochta. Maidir leis an bhfilíocht, bhí beagán dán i gcló in Banba, Fáinne an Lae, agus An Sguab i rith na tréimhse 1903 go 1925, agus bhí ‘Cónaigh liom, is gearr uaim deireadh an lae’, aistriúchán ar an iomann ‘Abide with me’ in Humanitas, Meán Fómhair 1930. Bhí sé i measc na n-údar aitheanta ar gabhadh buíochas leo faoin gcabhair a thug siad nuair a bhí Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge á chur le chéile sa Leabharlann Náisiúnta.

D’éag sé ar 26 Iúil 1952. Dúradh in The Kerryman 2 Lúnasa 1952 gur 78 bliana a aois. Ag ‘Lúibín na gCrann’, 30 Seafield Road, Cluain Tarbh, a bhí cónaí air ag an am sin. Ceathrar mac agus cúigear iníonacha a dúradh in Irish Independent 30 Lúnasa a bhí aige (bhí stailc na nuachtán náisiúnta ar siúl ó 12 Iúil go deireadh Lúnasa; ar 1 Meán Fómhair a bhí tuairisc a bháis in Scéala Éireann ). Tríur mac agus ceathrar iníonacha a dúradh in The Kerryman. Luaitear sna tuairiscí báis gur daoradh mac leis chun báis i 1921 ach gur tugadh faoiseamh ón mbreith dó toisc é a bheith faoi bhun 18 bliana d’aois. Shíl a dheirfiúr Síle gurbh i ndiaidh luíocháin i nDroim Conrach a gabhadh an mac seo (Diarmuid) agus go raibh baint ag an Athair Tadhg Ó Súilleabháin lena shaoradh ón mbás. Gearradh téarma saoil air agus chaith sé tamall i bpríosún Dartmoor. Bhí an Diarmuid seo ina chigire ag Bord Calafoirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath ar ball.

Deirtear freisin gur dheartháir le Diarmuid ba ea an tAthair Denis O’Sullivan a tháinig abhaile ó dheisceart Stáit AontaitheMheiriceá i 1928 le hóráid a thabhairt os cionn uaigh John Devoy. Bhí an Denis seo agus a dheirfiúr Nóra, iarmhúinteoir i nDairbhre, ina mbeatha go fóill nuair a d’éag Diarmuid. Chaith Nóra tamall ag múineadh i Scoil Lána Naomh Eoin i mBaile Átha Cliath. Bhí gaol ag Diarmuid le Richard Willis, péintéir aithnidiúil, athair Oscair D. Mhic Chárthaigh Mhic Uileas. Rinne sé dhá phortráid de Dhiarmuid. Tá sé gléasta mar Oisín sa phortráid atá i nDánlann Crawford i gCorcaigh. Mar Dhiarmuid Ó Duibhne atá sé sa cheann eile agus tá sin i seilbh a iníne Síle.

Bhí cáil na Gaeilge ar Dhiarmuid Ó Duibhne (Jeremiah Deane), ar mhúinteoir náisiúnta i gCluain Dubhglaise, Co. Chiarraí, é. Bíonn tagairtí dó in The Nation, Irisleabhar na Gaedhilge, agus Sinn Féin idir 1896 agus 1930 agus b’fhurasta é a thógáil in amhlachas ár nDiarmuda.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú