Dhealródh gurbh i Manchain a rugadh é. Níorbh fhéidir a theastas breithe a aimsiú. Ba é Richard H.A. Willis, ealaíontóir, a athair agus ba í Jean Maria Twiss, dealbhóir, a mháthair. Bhí spéis acu beirt sa Ghaeilge. Tá eolas maith i dtaobh a athar, Richard Willis, ag Walter George Strickland in Dictionary of Irish artists., 1913. Is léir gur bhain tábhacht leis mar phéintéir. Sa Daingean, Co. Chiarraí, a rugadh é. Joseph Willis agus Jane McCarthy a thuismitheoirí. Ar thaobh na máthar bhí gaol aige le Diarmuid Ó Súilleabháin (1872–1952) , ar dhuine de na Cárthaigh Mhóra ó Bhaile an Sceilg a mháthairsean. Deir Strickland: ‘He was a strong supporter of the work of the Gaelic League and an enthusiast in the development of Nationalism in Irish Art education’. Dúradh in An Claidheamh Soluis 26 Lúnasa 1905 go raibh Richard ag obair i Scoil Ealaíne Chathair Bhaile Átha Cliath (Dublin Metropolitan School of Art), go raibh rang Gaeilge bunaithe aige ann agus go raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fheis Chill Airne. 11 An tSráid Nua an seoladh a bhí aige i gCill Airne agus is i mBaile an Sceilg a fuair sé bás ar 15 Aibreán 1905. Fear saibhir go leor ba ea é: b’fhiú £7,000 a eastát. Ba é a dhearaigh clúdach na hirise Loch Léin agus sholáthraíodh sé cuid de na léaráidí. In ‘Culture and customs’ scríobh Michael Holland in Cork Historical and Archaeological Society Journal 48, 1943 faoi: ‘Richard Willis, one of the most versatile artists of his period, made an earnest effort to develop a modern school of Irish Art in design, modelling, pastel, water and oil colour painting and wood engraving—subjects in which he was proficient. An outstanding example of his work is a small vase, modelled from Youghal clay with a design of medallion portraits of the four kings of Ireland inset in conventional ornament. His paintings of Irish landscapes give true renderings of tone and atmosphere. Wood-engraved blocks for a publication in his native language proved his masterly application of art to industrial purpose’.

Deir Eibhlín Ní Chathalriabhaigh in Feasta, Márta 1969, gur chaith sé tréimhse mar phríomhoide i Scoil na nEalaíon i Manchain sular tháinig sé abhaile go hÉirinn agus go raibh Oscar dhá bhliain d’aois nuair a d’éag sé. Chuala an drámadóir T.C. Murray an gasúr óg ag labhairt Gaeilge lena mháthair i gcarráiste traenach agus scríobh cuntas ar an teagmháil sin in Irish School Weekly, 1907. ‘Oscar the ringletted – our little Prince of Irish Ireland’ a thug sé air. Ag Eibhlín Ní Chathalriabhaigh atá an scéal sin agus dar léi gurbh í an Ghaeilge a chéad teanga agus gurbh í an mháthair faoi deara sin, chomh maith le heolas a bheith aige ar an bhFraincis go hóg ina shaol.

I mBaile Átha Cliath a tógadh é agus chuaigh sé go Scoil N.Aindriú. Bhain sé bonn óir do nua-theangacha i gColáiste na Tríonóide. Chuir sé spéis i dteangacha i rith a shaoil, spéis a raibh a dhúil sa taisteal ag cur léi. Bhain sé amach céimeanna BL agus MA agus glaodh chun an bharra é. Níor cleacht sé an dlí mar cheird, áfach, ach fuair post oifigigh cánach sa státseirbhís. Chuaigh sé as sin go Coláiste Mobhí, coláiste oiliúna do mhúinteoirí, agus chaith an chuid eile dá shaol ag múineadh staire ann.

Bhí baint aige le cumainn Ghaelacha a linne, leis an gCumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide, leis na Cairde Gaelacha, an Caidreamh Gaelach. Bhí spéis aige sa cheol, é ina bhall de Chairde na Cruite. Sheinneadh sé an veidhlin le haghaidh rincí. Leis an gComhdháil Cheilteach is mó a chaith sé a dhúthracht. Bhí sé tamall ina rúnaí ar chraobh na hÉireann den eagraíocht sular toghadh é ina rúnaí idirnáisiúnta. Tugadh an teideal Uachtarán Onórach Buan dó mar chomhartha aitheantais 1967. I 1946/7 thug sé cabhair ar leith do na Briotáinigh a theith anseo.

Bhí sé ina chónaí in ‘Inis Caoin’, Bóthar an Chalaidh Mhóir, Deilginis, Co. Bhaile Átha Cliath, nuair a d’éag sé ar 2 Feabhra 1969. Cuireadh i Reilig Mount Jerome é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú