Tá cuntas ar shaothar an fhir seo ag Muiris Ó Droighneáin in Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ..., 1936. Ba as an Rinnín sa Choireán dá athair Séamus (na mBróg) ach fuair sé feirm i mBaile Uí Chearnacháin, Cathair Dónall, Co. Chiarraí, agus is ann rugadh Séumas s’againne i Lúnasa 1881. Abbey Casey ab ainm dá mháthair. Bhí sé gaolmhar le Domhnall Ó Súilleabháin, ar de mhuintir na mBróg freisin é, ar an dá thaobh. Bhí ar a laghad triúr deartháireacha aige, a ndeachaigh beirt díobh isteach i gConstáblacht Ríoga na hÉireann, agus beirt deirfiúracha. I nDaonáireamh 1901 i mBaile Uí Chearnacháin bhí: James O’Sullivan (54), feirmeoir; a bhean Abby (52); Mary (23), iníon feirmeora; James (19), ‘rural letter carrier’; Patrick (17), mac feirmeora; Abbie (15), scoláire. Gaeilge amháin a bhí ag an athair agus bhí idir Bhéarla agus Ghaeilge ag an gcuid eile. I 1911 ní raibh ann ach James, a bhean agus an bheirt iníonacha. Dúradh gur ochtar a rugadh don lánúin agus go raibh cúigear beo, botún a rinne oifigeach an Daonáirimh nuair nach bhféadfadh James, de cheal Béarla, an fhoirm a líonadh; seisear a bhí beo.

Ní deacair a shamhlú go raibh léamh agus scríobh na Gaeilge foghlamtha ag Séumas i scoil Chathair Dónall, tharla Domhnall Ó Súilleabháin ina mháistir ann lena linn. Ag pointe éigin chaith sé trí bliana i Jeffer’s Institute, Trá Lí, agus trí bliana eile sa Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath. Chaith sé sé bliana ag múineadh i gColáiste na Toirbhirte, Corcaigh, agus i gcoláistí eile: ba chuimhin lena mhuintir é a bheith i gColáiste Meil, an Longfort, agus i gColáiste Naomh Micheál, Lios Tuathail. Deir Ó Droighneáin go raibh sé ina mhac léinn faoi De Hinderberg i 1912-14 agus dhealródh an scéal gur ghnóthaigh sé céim BA—tá pictiúr ag a mhuintir a thaispeánann clárchaipín ollscoile agus gúna á chaitheamh aige. Bhí Séamus eile ann, Séamus Labhrás Ó Súilleabháin (Lóthar) a d’aistrigh MacBeth Shakespeare go Gaeilge; bhí James L. O’Sullivan áirithe (23), Ciarraíoch agus BA aige, ina ollamh le Gaeilge i gCnoc Mheilearaí de réir Dhaonáireamh 1901 agus is dóigh gurbh é fear Lóthair é. Bhí sé sa choláiste sin go fóill i 1911 (An Claidheamh Soluis 18 Márta 1911) agus arís is dóigh gurbh é an fear céanna a bhí ag cur faoi in ‘Teamhair na Gréine’, an Coireán, agus a bhí ar dhuine de rúnaithe an ghrúpa ‘Labhartar Gaeilge anseo (idem 4 Samhain 1911).

Chaith Séumas s’againne tamall eile sa choláiste ealaíon i mBaile Átha Cliath idir 1914 agus 1916, dar leis an Droighneánach. Sna 1920idí bhí sé ag obair mar eagarthóir i gComhlacht Oideachais na hÉireann. Bhí sé ina bhainisteoir ar Fáinne an Lae i 1924. Cairde móra leis i mBaile Átha Cliath ba ea Pádraig Ó Dálaigh agus Richard Fleming. Dealraíonn sé gur aistrigh sé abhaile go Cathair Dónall tuairim 1925. Bhí ainéaras air ó rugadh é agus b’in an fáth, b’fhéidir, gur ina phostmháistir san áit sin a bhí sé ag tuilleamh a bheatha as sin amach. Bhí feirm aige freisin. Ach sa samhradh bhíodh sé ar fhoireann Choláiste Déagláin san Aird Mhór, Co. Phort Láirge, agus dhéanadh col ceathrair leis cúram den phostoifig. D’éag sé 2 Bealtaine 1930 de rith fola san Otharlann Thuaidh i gCorcaigh tar éis dó dul faoi scian dochtúra. Tá sé curtha i Mainistir Dhoire Fhionáin. Bhí cáil na cráifeachta air agus ba chuimhin lena mhuintir go raibh mórmheas aige ar gach duine, bíodh sé bocht saibhir, a raibh aon smeadar gaoil aige leis.

Scríobh sé roinnt leabhar scoile sa sraith Léitheoirí Teamhrach (Gáirdín Gaeilge, Seoid don pháiste, Mo leabhairín féin etc.), chomh maith le Coróinn Seacht nAdhbhar Áthais na Maighdine Muire, 1910 agus Clann Lir de Thuatha Dé Danann, 1922. I gcomhar le Pádraig Ó Dálaigh scríobh sé Blátha na Gaeilge, [1924]. Bhíodh aistí agus scéalta aige in An Claidheamh Soluis, The Kerryman, Freeman’s Journal, Fáinne an Lae, An Branar, An Síoladóir. D’aistrigh sé ábhar ón Laidin agus scéalta de chuid Tolstoi. Tá leagan Gaeilge de “The Little Flowers of St Francis’ aige in Franciscan Tertiary (An Claidheamh Soluis 6 Eanáir 1912). Ba mhinic ‘S. Ó. S’ agus ‘Donn Mac Mhíleadh’ mar ainmneacha cleite aige. Bhí spéis mhór aige i sanasaíocht: dar le neacht leis gur chreid sé gur dhaoine dúshúileacha de shliocht Mhíle ba ea na Súilleabhánaigh agus ba mhinic an leagan ‘Ó Súildhubháin’ á úsáid aige. Bhí baint aige, síltear, le heagarthóireacht An Lóchrann agus sholáthair sé amhráin don pháipéar sin i 1908-9.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú