Ba é seo an t-aon duine amháin de ‘mhairtírigh’ óga Chonradh na Gaeilge arbh as Gaeltacht Phort Láirge dó. I mBaile Uí Loimín tuairim trí mhíle siar ó Dhún Garbhán a rugadh é. Tá cuntas air ag Nioclás Mac Craith in Iolscoil na Mumhan, 2005 agus an dáta breithe seo ann: 17 Eanáir 1884. Tá aiste ina thaobh ag Úna Breatnach in An Linn Bhuí 3, 1999. Bríd Haicéad ab ainm dá mháthair. ‘Bhí Diarmuid agus a mháthair ina gcónaí gairid dúinne. Bhíomarna inár gcónaí ar an mbóthar siar go dtí an Teampall Geal, thimpeall trí mhíle siar amach ó Dhún Garbhán. Cúpla slat taobh thíos den tigh againne bhí bóithrín caol thimpeall míle go leith ar fhaid ag rioth suas trí Gharrán Fada go dtí bóthar na Ceapaí. Bhí Diarmuid agus a mháthair ina gcónaí ag barr an bhóithrín sin.’ Deir sí freisin nach raibh de shlí maireachtála ag Bríd ach ag díol óil gan cheadúnas. Ní léir ar Dhaonáireamh 1901 go raibh cónaí ar a mhuintir ann ag an am sin ach faoi Dhaonáireamh 1911 bhí cónaí ann ar Bridget Stokes (71), baintreach. Dúirt sí go raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla aici. Bhí lóistéirí sa teach aici agus beirt leanaí ar aíocht aici. Níorbh fhéidir teastas breithe a aimsiú. Tá an tagairt is luaithe dó in An Claidheamh Soluis 7 Meitheamh 1902: gur chan sé amhrán ag scoraíocht i nDún Garbhán. Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan: ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne, [1987] gur ‘thug sé an Ghaedhealuinn leis ó ucht a mháthar’ agus go raibh sí gan cháim aige, gur thosaigh sé ar an nGaeilge a mhúineadh i gCoill Mhic Thomáisín i 1905. B’fhéidir gur roimhe sin a thosaigh sé: dar le tuairisc in An Claidheamh Soluis 7 Deireadh Fómhair 1905 go raibh sé ina leaschathaoirleach ar Chumann na Múinteoirí Taistil. Is cosúil gurbh é Pádraig Ó Cadhla a chuir i mbun na hoibre sin é. Deir Micheál freisin go raibh sé ar fhoireann Choláiste na Rinne ar Bhóthar na Sop.

Bhí sé sa tríú háit ag Oireachtas 1907 sa chomórtas ‘Taispeántas don mhodh múinteoireachta is fearr a oireann don Ghaeilge’. Ag Oireachtas 1908 ghnóthaigh sé an chéad áit in ‘Aithris agus Óráid’ (An Claidheamh Soluis 15 Lúnasa 1908). In Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927 deir Donncha Ó Súilleabháin: ‘Ceapadh Diarmaid Stóice ó Dhún Garbhán, múinteoir taistil eile, mar thimire sealadach i dtosach Mheán Fómhair 1908. Cuireadh mar thimire é i gContae an Chláir sa bhliain 1909’. Bíonn tagairtí dá chuid oibre in An Claidheamh Soluis : é a bheith ag Feis Luimnigh (19 Meitheamh 1909); cuntas ar chaint a thug sé uaidh ag feis agus aeraíocht i nDroichead an Chláir (9 Deireadh Fómhair 1909). In Sinn Féin 17 Samhain 1909 tuairiscíodh é a bheith sa láthair nuair a bunaíodh craobhacha nua i gCill an Dísirt, Leaba Síoda and Baile na Caillí. Bhí rang i gcomhair múinteoirí á chur ar bun aige agus bhí sé réidh chun ceantar Shráid na Cathrach a eagrú. Deir Donncha Ó Súilleabháin: ‘Cuireann Fionán Mac Coluim síos mar seo a leanas air ina thuairisc d’Ard-Fheis 1910: “Do dhein Diarmaid Stóice an timire a bhí againn sa chontae sin ardobair ar son na Gaeilge ó thosaigh sé ag saothar ann. Ach faraoir bhí an obair ródhian air is do chaill sé a shláinte agus b’éigean dó dul abhaile um Nollaig so imigh tharainn”.’ Bhí tuairisc in An Claidheamh Soluis 12 Márta 1910 go raibh sé ag téarnamh as breoiteacht bhaolach. Fuair sé bás i dteach a mháthar i mBaile Luimín ar 10 Lúnasa 1910. I gcló ag Úna Breatnach tá caoineadh a cheap sé air féin; ar leaba a bháis thug sé do Labhrás Ó Cadhla é agus d’iarr air ceol a chur leis. I gcló aici freisin tá véarsaí greannmhara a chum sé i dtaobh na teagmhála a bhí aige le peelers i bPort Lách i ngeall ar a bheith ag rothaíocht ar an gcasán. Scríobh Pádraig de Breit caoineadh agus chum Risteard de Hindeberg ‘marbh-chuimhne’. Bhí aistí aige in An Claidheamh Soluis Aibreán 1908—Bealtaine 1908. In Seanfhocail na Mumhan deir Pádraig Ó Siochfhradha gurbh é Diarmuid a stiúraigh é go dtí sean-Ghaeilgeoirí na nDéise ‘le linn a nirt is a mhaitheasa’. ‘He was one of those great earnest workers who achieve so much, unapplauded and in silence. The energy with which he worked in Co. Clare since his appointment was almost superhuman. His zeal for the language—his enthusiasm for its success—and his unsparingness of himself were characteristic of the Diarmuid Stóice the Ard-Fheis a few years ago used to relapse into silence to hear’, a dúradh in An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1910. Scríobh Séamus Ó hEocha faoi in Feasta, Márta 1951: ‘Buachaill breá lúbach láidir ba ea an Stócach, údar cliste agus file binn-ghlórach ach do ghoill cruatan na hoibre ar a shláinte agus fé raibh 27 mbliana slán aige fuair sé bás agus cuireadh sa Teampall Geal é le hais Dún Garbhán’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú