‘Hiúdaí Micí Hiúdaí’. Ba dhuine an bailitheoir béaloidis seo den ochtar a rugadh do Mhicí Ó Domhnaill agus Maggie Ní Dhuibheannaigh (Maggie Chonaill) agus i Rann na Feirste 19 Lúnasa 1913 a rugadh é. Deirfiúr dó an t-amhránaí Neilí Ní Dhónaill agus deartháir dó Conall Ó Domhnaill, fonnadóir cailíúil eile. Tar éis oideachais i Rann na Feirste agus in Ardscoil Mhic Dhaibhéid sna Gleannta, chaith sé a shaol ag teagasc i gContae na Mí. Is amhlaidh a d’aistrigh a mhuintir go dtí Baile Ghib, Domhnach Phádraig, sa chontae sin, i 1937. Chaith sé tamall ina bhailitheoir páirtaimseartha don Choimisiún Béaloideasa agus bhailigh ábhar ó Shorcha Bean Mhic Grianna (Sorcha Chonaill). I ndeireadh a chúrsa bhí sé ina Leas-Phríomhoide i gCeannanas Mór na Mí. Bhí sé pósta ar Bhríd Comber. Ba iad tuismitheoirí na n-amhránaithe Mairéad Ní Dhomhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill agus Micheál Ó Dhomhnaill iad. D’éag Aodh 12 Feabhra 1977.

D’éag a mhac Micheál 7 Iúil 2006. Rugadh é 7 Deireadh Fómhair 1952. In éineacht lena dheirfiúracha agus le Dáithí Sproule bhí sé ina bhall den ghrúpa Skara Brae. Bhí sé féin agus Tríona ar bheirt d’fhundúirí an Bothy Band in éineacht le Donal Lunny, Paddy Glackin agus Matt Molloy. Sa bhanna sin ba é ba mhó a bhí freagrach as amhráin Ghaeilge a bheith sa repertoire acu. Bhí sé ina láithreoir sa chlár raidió ‘The Long Note’. Tá cuntas air in Irish Times 15 Iúil 2006 faoin teideal ‘Musical visionary who pushed the boundaries’ agus deirtear ann: ‘Although steeped in the tradition, primarily through his father’s Donegal roots and through Aodh’s role as a music collector, Skara Brae took some of the oldest songs in the tradition and breathed fresh life into them, with their peerless sibling harmonies and sympathetic yet startling arrangements.’ In Béaloideas 74, 2006 tugann Ríonach uí Ógáin cuntas ar a shaol agus cuireann béim ar leith ar ar bhailigh sé d’amhráin idir Ghaeilge agus Bhéarla i nDún na nGall le linn dó a bheith fostaithe ag Rannóg an Cheoil Tíre, Roinn Béaloideas Éireann (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) ó Aibreán go Lúnasa 1974. ‘Céad seachtó trí amhrán a thóg sé ó Neilí Ní Dhomhnaill le linn na tréimhse sé mhí sin’. Bhailigh sé ceolta freisin i Rann na Feirste, Bun Cranncha, Teileann, Gleann Cholm Cille, Gaoth Dobhair, Machaire (Doire) agus Toraigh. Deir Ríonach freisin: ‘Is saibhre go mór an bailiúchan de bharr na dialainne a scríobh sé ina ndéantar cur síos ar imeachtaí an lae.’ Bhí sé pósta ar Peg Feindt, Meiriceánach, agus bhí cónaí air in Portland, Oregan, ar feadh 1979-1997 ach d’fhill sé ar Éirinn agus chuir faoi i mBaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú