MHIC GRIANNA, Sorcha Chonaill (1875–1964)
Le caoinchead ó Phádraig Ó Baoighill

B’iníon í an scéalaí seo le Conall Hiúdaí Ó Duibheannaigh agus Gráinne Phroinsiais Nic Grianna, bean a raibh clú na scéalaíochta agus na hamhránaíochta uirthi i nGaeltacht Rann na Feirste, Tír Chonaill, le fada an lá. Bhíodh an seanchaí agus an file pobail Seán Bán Mac Grianna ar cuairt ag Gráinne Phroinsiais go minic agus seo mar ar chuir sé síos uirthi:

Seanbhean annamh a bhí inti. Bhí sí lán ceoil. Bhí sí lán amhrán agus bhí sí lán scéalaíochta … Ba í an bhean amháin í ba deise liom a chuala mé riamh an dóigh a dtiocfadh léi labhairt le gach duine, comhrá a dhéanamh le gach aon duine. Bhí sí chomh sásta bheith ag caint le páistí agus dá mbeadh sí ag caint leis an Ard-Rí.

Seachtar clainne a bhí ag Conall Hiúdaí agus Gráinne Phroinsiais. Rugadh Sorcha Chonaill ar an 4 Lúnasa 1875 agus thug sí bua na scéalaíochta léi ó dhúchas. Dála a máthar, bhí a hainm in airde i bpobal Rann na Feirste mar ealaíontóir béil den chéad scoth agus b’iomaí cuairteoir go dtí an ceantar a dhéanadh cosán dearg chuig a teach le héisteacht léi ag scéalaíocht cois teallaigh.

Ba é Aodh Ó Domhnaill (Hiúdaí Mhicí Hiúdaí), bailitheoir páirtaimseartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann, an té is mó a bhailigh béaloideas uaithi. Thaifead seisean mórán de scéalta agus de sheanchas Shorcha Chonaill ar ghléas Eideafóin i dteach cónaithe an scéalaí i Rann na Feirste idir 1936 agus 1939. Tá an t-ábhar seo mar chuid shuntasach den bhailiúchán béaloidis, a bhfuil breis is sé mhíle leathanach ann, a chnuasaigh Ó Domhnaill i Rann na Feirste, atá anois ar buanchoimeád mar chuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I gcuntas pearsanta a bhreac Ó Domhnaill in 1937 faoina thaithí mar bhailitheoir béaloidis ina bhaile dúchais, thug sé léargas grinn ar bhua Shorcha Chonaill mar scéalaí agus ar a pearsantacht:

Creidim féin gur dheacair buaileadh amach Shorcha, Bean Nic Grianna fhághail, de thairbhe béaloideas dó, ar scor ar bith, mar dubhairt sí féin, ní dheachaidh leath a luach ariamh uirthi. Tá mise ag cruinneadh béaloideasa anois le bliadhain, agus is aici a fuair mé bunadhas a bhfuair mé. Tá buachaill eile ar a’ bhaile atá ’cruinniughadh fosta, agus sílim go bhfuair seisean cuid mhór uaithe fosta, agus caithfidh mé a rádh gur bean iongantach atá innti, nó ní fhuil a dhath ó Neamh go h-Árainn a labhairfidh tú air, nach bhfuil fhios aici rud ínteacht fá dtaobh dó. Tá saidhbhreas ar leith ina cuid seanchais, nó tá sí ábalta é uilig a chur i ndiaidh a chéile. Ní fhacaidh mé ariamh go fóill í a’ treabhughadh a bealaigh fríd a cuid comhraidh. Tig sé léithe go deas nádúrtha, gan lúb ar lár i n-áit ar bith. (CBÉ: 391:514–21)

Is é atá i gceist ag Ó Domhnaill nuair a thráchtann sé ar ‘bhuachaill eile ar a’ bhaile’ a bhí ag cruinniú béaloidis, ná a chol ceathrar féin Aodh Ó Duibheannaigh (Hiúdaí Phadaí Hiúdaí). Bhailigh Ó Duibheannaigh ábhar béaloidis ó Shorcha Chonaill sna 1930idí fosta ach, mar atá pléite ag Gordon Mac Gill-Fhinnein ina leabhar Seanchas Annie Bhán (1997), chinn na col ceathracha i ndiaidh tamaill go ndíreodh Ó Domhnaill ar Shorcha Chonaill ó thaobh an bhailithe de, a fhad is a bhaileodh Ó Duibheannaigh ó Anna Nic Grianna (Annie Bhán), banscéalaí iomráiteach eile de chuid an cheantair.

Phós Sorcha Chonaill Seán Mhicí Óig Mac Grianna sa bhliain 1903 agus bhí seisear clainne acu: Madgie, Frank, Micky, Mary, Gracie agus Sarah. Teach mór airneáin ab ea teach Mhic Grianna i dTóin an Bhaile, Rann an Feirste. Deir an scoláire béaloidis Pádraig Ó Baoighill gurbh ‘[iomaí] duine a thug cuairt ar an teach le héisteacht le Sorcha sa chlúdaigh ag scéalaíocht. Bean chaoin charthanach, mhair sí go raibh sí sean. Bhí sí thar na ceithre scór. Bhí fáilte i gcónaí aici roimh lucht cuarta mar a bhí ag a níonacha Sorcha agus Máire.’ Ba sa teach seo a bhí Tomás Ó Fiaich ar lóistín an chéad uair a thug sé cuairt ar Choláiste Bhríde agus é ina stócach óg. D’fhill sé ar Rann na Feirste go minic ina dhiaidh sin le linn dó a bheith lonnaithe i Maigh Nuad agus in Ard Mhacha, agus ba bhreá leis a bheith ag éisteacht le Sorcha ag scéalaíocht.

I bhfómhar na bliana 1957, thug Pádraig Ó Baoighill agus an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain camchuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill le scéalaithe a aimsiú a bheadh oiriúnach le páirt a ghlacadh in Oícheanta Seanchais Ghael-Linn, a bhí ar siúl i Halla Damer Bhaile Átha Cliath (1956–8). Bhí Sorcha Chonaill i measc na scéalaithe a ndeachaigh siad ar cuairt chucu agus thaifead siad scéalta agus paidreacha uaithi ar thaifeadán Grundig. (Tá dhá cheann de na scéalta a d’aithris Sorcha an tráthnóna sin, ‘Leabhar Mór agus Eibhlín’ agus ‘Madadh an Bhéil Bháin’, i gcló sa chnuasach Ó Cadhain i dTír Chonaill [Ó Baoighill 2007)]). Is samplaí iad na scéalta seo den scéal iontais idirnáisiúnta, seánra béaloidis a raibh luí ar leith ag Sorcha Chonaill leis agus a raibh mórán samplaí de mar chuid dá repertoire cuimsitheach. Deir Ó Baoighill gur chuir an Cadhnach suim mhór i stíl reacaireachta chiúin, mheallacach an scéalaí, a raibh dhá bhliain le cois na gceithre scór slánaithe aici an uair sin. Déantar cur síos ar Shorcha Chonaill sna leabhair Oidhreacht Rann na Feirste: scéalaíocht, filíocht agus amhránaíocht, le Pádraig Ó Baoighill (2011) agus Amhráin Hiúdaí Fheilimí agus laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste, atá in eagar ag Pádraig Ó Baoighill agus Mánus Ó Baoill (2001). Tá insint Shorcha den scéal ‘An tAingeal agus an tIolar’ i gcló sa chnuasach Seanchas Rann na Feirste: Is fann guth an éin a labhras leis féin le Maeleachlainn Mac Cionaoith (2005) agus tá taifead den scéal sin ar fáil ar an tsuíomh ‘The Spoken Irish of Rann na Feirste’ (http://www.rannnafeirste.com/an-taingeal-agus-an-tiolar). I measc na scéalta eile dá cuid atá curtha i gcló tá ‘Rí na Fásaigh Duibhe’, atá curtha in eagar ag Éilís Ní Dhuibhne in The Field Day Anthology of Irish writing, vol. IV: Irish women's writing and traditions (2002) agus ‘Teann Teann a Ribe’, a bailíodh faoi choimirce Bhailiúchán na Scol sa bhliain 1938, agus atá curtha in eagar ag Conall Ó Grianna sa chnuasach Rann na Feirsde: Seanchas ár sinsear (1998).

Cailleadh Sorcha Chonaill ar an 24 Márta 1964. Tá sí curtha i reilig Anagaire.

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill

Leabhair

Ailt

Eile

  • Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ): An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní. An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.