Ar 3 Márta 1862 a rugadh é do Peter Henry agus a bhean Bridget Kilgannon ag a dteach cónaithe, 10 De Beausoir Square, West Hackney, Londain. “General merchant” an cur síos ar shlí bheatha an athar sa teastas breithe agus deir Tomás Ó Concheanainn (An Stoc, Bealtaine 1930) go raibh gnó mórdhíola síoda aige agus cuid mhór de mhaoin an tsaoil. Fuair seisean bás nuair a bhí Seán faoi bhun bliain d’aois agus thug an mháthair ar ais go dtí a háit dhúchais, an Ard Glas i bParóiste na Scríne, Co. Shligigh, é in 1864. B’as an gcontae sin don athair freisin. Bhí deirfiúr lena mháthair pósta ar fhear de mhuintir Uí Airt i bPort Royal sa Droim Ard agus is ann a théadh sé ar saoire nuair a bhí sé ina chónaí i Londain.

Nuair a bhí sé in aois scoile chuaigh an mháthair chun cónaithe i mbaile Shligigh agus cuireadh Seán ar scoil chuig an Máistreás Nic Aodha ar an Meal agus ansin chuig Bráithre Mhuire. In 1881 d’aistrigh siad go Baile Átha Cliath agus rinne Seán leigheas i gColáiste na Tríonóide. Ghnóthaigh sé B.A. in 1884 agus céim sa leigheas in 1886 agus ard-chéimeanna ina dhiaidh sin. Bhí sé ina chúntóir ag an ollamh le hanatamaíocht sa choláiste agus rinne a chuid inseirbhíse in Ospidéal Naomh Uinsionn.

Chuaigh sé go Sasana in 1889 agus chaith tamall mar chúntóir ag dochtúir in Kent. Bhris ar a shláinte agus chuaigh sé ar saoire go dtí an Éigipt agus go dtí an Iodáil. Shíl Tomás Bán gurbh ón uair sin a bhí spéis aige i dteangacha. Dar leis freisin gurbh annamh bliain nach dtugadh sé cuairt ar an Mór-Roinn chun cur lena eolas ar chúrsaí leighis agus chun teangacha a fhoghlaim.

Ar ais i Londain dó bhí sé ag gabháil do chleachtas ginearálta sular iompaigh sé ina mháinlia súl. Chomh maith lena chleachtas féin bhí poist aige mar shúil-lia ag Bord Oideachais Londan agus ag Comhairle Contae Londan, mar Mháinlia ag an London Metropolitan Police agus mar shúil-lia san Ospidéal Iodáileach.

Dar le Tomás Bán go raibh sé ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge nuair a bhí sé 15 bliana d’aois; 12 bliana, más fíor do thuaraisc a bháis sa Connacht Tribune (19 Aibreán 1930). Caithfidh sé go raibh eolas aige ar an teanga óna óige agus gur lean sé air á foghlaim i mBaile Átha Cliath agus i Londain.

Toghadh é ina Leas-Uachtarán ar an gConradh i Londain in 1895. Níor fhág sé an chathair sin go dtí 1906 ach ba mhinic in Éirinn é ag timireacht go toildheonach don Chonradh. Bhí sraith alt i gcló aige in An Claidheamh Soluis, “Turas faoi Thír-Fhiachrach i gCondae Shligigh”, ag tosú ar 2 Lúnasa 1902, agus cur síos iontu ar na cruinnithe agus na feiseanna ar thug sé cabhair don timire Pádraic Ó Máille lena n-eagrú.

I 1903–5 tugadh amach a mhórshaothar A handbook of modern Irish. Bhíodh ranganna ar siúl aige agus spéis dá réir aige i modhanna múinte teanga. Tháinig toradh a thaighde, An modh díreach, amach i 1905. D’fhág sé Londain i 1906. Scríobh Seán Ó Ciarghusa sa Leader (26 Aibreán 1930): “Do bhí poist oibre a dhóthain ag an Dr Mac Énrí i Londain ach chaith sé uaidh iad i ngrá teacht abhaile go dtí Éire ar mhaithe le hÉirinn agus leis an nGaeilge”.

Deir John McTernan in Eminent Sligonians go bhfuair sé post súil-lia in Ospidéal na Leanaí i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina Ard-Ollamh i gColáiste Laighean ó 1906 go 1910 agus chaitheadh sé gach samhradh ó 1905 amach ina Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal. 32 Sráid Líosáin Íochtarach an seoladh a bhí aige i mBaile Átha Cliath.

I 1910 ceapadh é mar Ollamh Oftailmeolaíochta i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Bhí sé sa phost sin ar feadh fiche bliain agus post léachtóra sa Nua-Ghaeilge aige ag an am céanna. I nDeireadh Fómhair 1918 toghadh é mar bhall de Choiste Stiúrtha an Choláiste agus bhí sé freisin ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann.

Deir Liam Ó Briain in UCG Annual 1929/30 gur éirigh sé as an gConradh mí i ndiaidh Ard-Fheis Dhún Dealgan i 1915. “Gan aon pholaitíocht a bheith sa Chonradh, fáilte a bheith ann roimh gach Éireannach a thograigh teacht isteach ann, b’é sin an rosc catha a bhí aige ó thus go deireadh a shaoil ... D’fhéadfadh sé bheith ina Uachtarán ar an gConradh ón mbliain 1917 amach, le deá-thoil gach éinne, dá mba mhian leis é”.

Is i 1917 a phós sé Sinéad Ní Bheag (Jane Louise Little, The Crescent, Gaillimh). Bhí beirt iníonacha agus mac acu agus thabharfá leat ó chuntas Thomáis Bháin gur le Gaeilge a thóg siad iad.

Toghadh é ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i gcomharbacht ar Chú Uladh i 1925. Deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: “B’amhlaidh a áitíodh air, ar son an réitigh, seasamh sa bhearna ag Comhdháil 1925, mar ba dhuine é nár oscail riamh a bhéal go poiblí i dtaobh pholaitíocht achrainn an trí bhliain roimhe sin. Mar sin, ní raibh aon olc ag aon taobh chuige”. Níor fhan sé sa phost ach bliain. I nGaillimh a bhí cónaí air i rith an ama agus bhí sé i ndrochshláinte faoin am seo.

Dar le Tomás Bán go raibh sé ag doras an bháis go minic sna naoi mhí deiridh dá shaol. Trí lá roimh a bhás chuaigh sé chun an ospidéil i nGaillimh chun obráid a dhéanamh ar thincéir a raibh faithne ailse ar a shúil. Dhá uair a chloig a mhair an obráid agus measadh gurbh in é a bhrostaigh an bás chuig Seán. D’éag sé ina theach cónaithe, Avondale, An Bóthar Ard, Gaillimh ar 15 Aibreán 1930. Adhlacadh é sa Reilig Nua i nGaillimh.

Bailíodh airgead chun leacht cuimhneacháin a thógáil os cionn na huaighe agus nochtadh é ar 17 Márta 1935. An Canónach Pádraic S. Ó Móráin, sagart paróiste Bhaile Chláir a thug an óráid. Ghearáin sé go searbh go raibh go leor de chairde na Gaeilge a chlis ar an gcoiste eagraithe agus nár chuir cloch i gcarn an Dochtúra. “Ní bhfaighfidh an Dochtúir a cheart mara scríobhthar scéal a bheatha go luath agus go firinneach foscailteach d’ainneoin na gceisteanna achrannacha a bheas le réiteach ag an scríbhneoir. Go neartaí Dia a lámh in aghaidh namhad an Dochtúra”. Thagair sé freisin do “na drannairí a dhíblíodh é go cam ciotach”. Cibé daoine dá raibh sé ag tagairt níl le fail sna haistí atá luaite thuas, ag Pádraic Ó Domhnalláin sa Catholic Bulletin (Bealtaine 1930) agus ag mac léinn in An tIrisleabhar, Ollscoil na Gaillimhe Iml. 1 (1930/1) ach an focal ardmholtach.

Ar na leabhair a scríobh sé tá: Bás Ghofradha Uí Dhomhnaill (1905); Udhacht an stiocaire (g.d.); An réalt eolais (1926); Tuaith agus cathair (1926). Bhaineadh sé leas as na hainmneacha cleite “Tír Fhiachra”, “Deoraí i Londain” agus “Máire Ní Eaghra” agus é ag scríobh do na hirisí éagsúla. Chuir sé eagar ar chuid 3 agus 4 de Cnoc na nGabha, aistriúchán Mhichíl Breathnach, agus ar Seilg i measg na nAlp. Sular éag sé bhí sé ag cur eagair ar litreacha Mhichíl. Ba é a chuir dlús leis an leacht cuimhneacháin a thógáil os cionn uaigh an Bhreathnaigh. D’aistrigh sé scéalta ón bhFraincis agus ón nGearmáinis le foilsiú sna hirisí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú