Bhí an cainteoir dúchais Gaeilge seo ar dhuine díobh sin a rinne obair aistrithe le haghaidh Tiomna NuadhUilliam Uí Dhomhnaill. Tá cuntas ag Nicholas Williams air in I bPrionta i Leabhar...1567–1724, 1986. I gContae na Gaillimhe a rugadh é. Deirtear gur Maoileachlainn ab ainm dá athair agus gurbh í Sisile Ní Cheallaigh a mháthair. Faoin ainm Nehemiah Daniel a cláraíodh é in Ollscoil Cambridge in Eanáir 1580. Fuair sé céim B.A. i 1582. Níl a fhios cad iad na poist a bhí aige anuas go 1591 nuair a bhí sé ag obair i ndeoise Chill Chainnigh. Bhí sé ina dhiaidh sin ina chúntóir ag ardeaspag Thuama agus ceapadh é féin i gceannas na hard-deoise i 1595. Dúradh faoi i dtaifead an cheapacháin go raibh sé ‘very fit to communicate with the people in their mother tongue, and a very meet instrument to retain and instruct them in duty and religion; and that he had also taken great pains in translating and putting to the press the Communion-Book [Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann, 1608] and New Testament in the Irish Language, which her Majesty greatly approved of’. Is cosuil gur beag den obair aistriúcháin a rinne sé i ndiaidh a cheapacháin; bhí tromdhualgais eile ar fad le comhlíonadh aige. Tarraingíonn Williams as an méid sin gurbh i ngeall ar obair sin an aistrithe a tugadh an easpagóideacht dó. D’éag sé i 1609. Bhí sé pósta ar Eilís Ní Dhomhnaill agus bhí cúigear mac acu. Breitheamh ba ea a mhac Sir James (d’éag 1665) agus iníon lena mhacsan, Nehemiah (1649–1705), Barún an Státchiste, ba ea Anne a bhunaigh Léachtaí Uí Dhomhnalláin i gColáiste na Tríonóide.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú