Baineann tábhacht leis an gcigire scoileanna seo, go háirithe i ngeall ar an bpleanáil a bhí á déanamh maidir le modh múinte na Gaeilge ó 1963 ar aghaidh. In Clann Uí Dhomhnalláin: the Story of a family, 1987, foilseachán príobháideach, tugann Tomás ginealach a chine, mar aon le cuntas ar a shaol. Scríobh ‘B. Ó C.’ [Breandán Ó Cróinín] cuntas air in Irish Times 27 Feabhra 2006 (sa cholún ‘Appreciation’). Tá cuntas air ag an Ollamh Conn R. Ó Cléirigh, Cathaoirleach Institiúid Teangeolaíochta Éireann, in Teangeolas 10, Earrach 1980. In A History of Kilskyre and Ballinlough, 2004 scríobh Tomás féin aiste an-inléite ar a óige i gCill Scíre agus ar a chuimhní ar an áit anuas go 1926.

Duine cáiliúil sa treibh ba ea Fearganainm (Nehemias) Ó Domhnalláin (c1560-1609), Ardeaspag Thuama (Eaglais na hÉireann), a raibh baint mhór aige le haistriú an Nua-Thiomna go Gaeilge. Bhí sé pósta ar dheirfiúr le hUilliam Ó Domhnaill, a chomharba i dTuaim agus príomhaistritheoir an Nua-Thiomna. Nuair a d’aistrigh Edmond, mac le Fearganainm, go dtí Cill Liúcainne, Co. na hIarmhí, gach seans gur tháinig cuid eile de Dhomhnallánaigh Bhaile Uí Dhomhnalláin, Co. na Gaillimhe, aniar in éineacht leis. An t-aistriú sin an fáth, is dóigh, a bhfuil Ó Domhnalláin coitianta go leor mar shloinne san Iarmhí. Ón Edmond sin, nó ó dhuine dá lucht leanúna, a shíolraigh muintir Thomáis. I gceantar Bhaile Uí Áille, gar do Dhealbhna, a bhí cónaí orthu. Bhí a athair John ag obair mar ghníomhaire talún agus mar thréadaí. Phós sé Mary Kelly ón Uaimh. Bhí cónaí orthu in Fossa Cottage, Baile Uí Bheoláin, Baile Uí Áille, agus is ansin a rugadh a gcúigear mac. Ba é Tomás an duine ab óige díobh agus saolaoídh i nDealbhna é 30 Márta 1913. Chaith an t-athair tamall ag obair le briogáid dóiteáin i Londain, Ontario. Ní raibh a bhean sásta dul ann agus d’fhill sé agus cheannagh feirm i mBaile Roibín, Cill Scíre, Co. na Mí, nuair a bhí Tomás bliain d’aois. Bhí John ag obair freisin mar aoire ar fheirm mhór sa cheantar agus shiúladh an céad acra ann faoi dhó gach lá. B’fhéidir a rá go raibh oideachas réamhscoile á chur ar Thomás: ‘The paper we got as far back as I can remember was The Freeman’s Journal and we were kept in touch with world affairs as well as with developments in Ireland, as my father read the paper aloud for us every night. I still remember the excitement of waiting every night for developments in regard to the opening of Tutankamen’s tomb in Egypt in 1919.’ Bhí a mháthair ar an gcéad fhoireann chamógaíochta riamh in Éirinn; bhí tamall caite aici ina rúnaí ar chraobh de Chonradh na Gaeilge i gClár Chlainne Mhuiris mar a raibh sí ina cúntóir in oifig an phoist. Rinne sí iarracht an teanga a mhúineadh dá leanaí agus deir Tomás sna cuimhní sin ar a óige: ‘In fact the Rosary was always said in Irish in our house whenever my father happened to be absent, because his knowledge of Irish did not extend beyond “Beannacht leat” which he used frequently.’ Ba chuimhin leis freisin triúr seanduine i mBaile Roibín a raibh a bheag nó a mhór den teanga acu óna muintir.

D’fhreastail Tomás ar scoil náisiúnta Chill Scíre agus i 1926 bhain an chéad áit amach sa chéad scrúdú riamh le haghaidh scoláireachtaí meánscolaíochta ag Comhairle Contae na Mí. Is mar seo a tugadh an scéal dó: ‘I was tying oats in one of our own fields on that particular Thursday afternoon. The oats that year had to be cut by scythe because of lodging.... Looking up from my work at some stage I spotted Leo Smyth running across the fields towards us. He was waving a newspaper, which I soon discovered was The Meath Chronicle.... As soon as he came within shouting distance of us he called out that I had won a Meath County Council scholarship and that the Council at its recent meeting had accepted me as having achieved first place in the examination.’ Caith sé cúig bliana ina scoláire cónaithe i gColáiste Fhinnín sa Mhuileann gCearr, agus i 1929 bhuaigh sé scoláireacht sa Mheán-Teist. I ndiaidh na hArd-Teistiméireachta chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé tamall ag múineadh sa Tulach Mhór agus in Inse Chór. Bhí sé ina phríomhoide i mBaile Átha Buí 1937-44 agus i Scoil Mhuire, Droichead Átha, 1944-48. Bhain sé céim BA agus H.Dip. in Ed. amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, idir 1935 agus 1938. Bronnadh Ard Teastas Gaeilge na Roinne Oideachais air i 1937. Bhí sé ina chigire bunscoileanna 1948-63 agus chaith tamall in Inis, i nDún Dealgan agus sa Chabhán sular aistríodh go Baile Átha Cliath é. Ina dhiaidh sin bhí sé tamall ina chigire ceantair. Bhí sé gníomhach i gceardchumann na gcigirí, Craobh na gCigirí Bunscoileanna, é ina rúnaí acu. Bunaíodh Comhdháil na gCigirí mar thoradh ar an obair a bhí déanta aige féin agus ag Tomás Ó Cuilleanáin.

Ó 1963 go 1968 bhí taigdhe á dhéanamh aige ar an teangeolaíocht (‘Appointed on full-time research into the Irish language, working on an analysis of the spoken language as to vocabulary, morphology and syntax, culminating in the publication of Buntús Gaeilge in 1965’). Ó 1965 go 1968 bhí sé ag obair ar an bhfeidhm a bhí le baint as an anailís sin i gcúrsaí mhúineadh na teanga sna bunscoileanna. Alt in Teachers’ Work leis an Athair Colmán Ó hUallacháin faoi deara gur tugadh faoin bhfiontar nua seo. ‘Ba é an toradh... gur iarradh ar an Athair Colmán léacht a thabhairt do chigirí na Roinne agus gur tugadh cuireadh dó dá bharr, taighde den sórt a bhí i gceist aige a chur ar siúl sa Roinn Oideachais. Shínigh sé conradh dá réir... I gceann sé mhí nó mar sin áfach, iarradh orm dul ag cabhrú leis an Athair Colmán sa taighde a bhí ar bun aige agus thosaigh mé ar an obair sin i bhfómhar na bliana 1963’ (An Sagart, Samhradh 1980). Deir sé in Clann Uí Dhomhnalláin: ‘During this period I worked first with an tAthair Colmán Ó hUallacháin, O.F.M., on the research leading to Buntús Gaeilge (1965) and after that date on the origination and development of the Irish courses which are still in use in all national schools (1987).’ Ba é a d’ullmhaigh na cláir raidió agus teilifíse a chuir ‘Buntús Cainte’ os comhair an phobail. Is mar seo atá an saothar sin liostaithe in Bibliography of Irish Linguistics and Literature 1942-71, 1986 le Rolf Baumgarten: ‘Ó Domhnalláin (Tomás): Buntús cainte: A first step in spoken Irish. Illustrated by William Bolger, 1967-68. 3 voll. 6 phonodiscs (in pairs): Ceirníní Gael Linn... Producer: Seán Ó Mórdha. (Also tapes). Based on the results of linguistic research as published in “Buntús Cainte”.’

Deir Conn Ó Cléirigh: ‘Bhí sé ar dhuine den dream teangeolaithe agus oideachasóirí, riarthóirí agus taighdeoirí gur iarr an tAire Oideachais, Pádraig Ó Fachtna, orthu institiúid teangeolaíochta a bhunú as an nua agus tús a chur le clár taighde agus foilsitheoireachta ins gach aon rud a bhainfeadh le múineadh teangacha sna scoileanna’ (Teangeolas 10, Earrach 1980). Bhí sé ina bhall de chomhairle Institiúid Teangeolaíochta Éireann 1967-80. Ceapadh é ina Roinnchigire i 1968 agus áiseanna closamhairc ina chúram. Tugadh ar iasacht é d’Institiúid Teangeolaíochta Éireann i 1973. Bhí sé ina Chomhairleoir Teangeolaíochta ag Roinn an Oideachais i 1975, ina Stiúrthóir Gníomhach ag an Institiúid ar dtús, agus ansin ina Stiúrthóir anuas go 1979. I 1973 ní raibh ann ach é féin agus rúnaí ach nuair a d’éirigh sé as obair bhí cúig dhuine déag fostaithe ann. Faoin am sin is stádas agus pá ollaimh a bhí ag dul leis an bpost. Is trua le hinsint é ach bhí deireadh á chur de réir a chéile leis an Institiúid ó thús an 21ú haois amach, in ainneoin an tír a bheith éirithe saibhir thar meán.

Bhí sé ina eagarthóir bunaigh ar ráitheachán na Roinne, Oideas. In Teangeolas 13, Geimhridh 1981 foilsíodh a aiste ‘Buntús Gaeilge – cúlra, cur le chéile, cur i bhfeidhm’. Foilsíodh alt leis, ‘An Ghaeilge sa chóras bunoideachais’, in An Sagart, Samhradh 1980. Baineann tábhacht leis an dara haiste sin ina dtugann sé cuntas ar an nGaeilge sa bhunscolaíocht 1920-1980. Ba é a bhreith ar deireadh ar an dá thréimhse 1920-50 agus 1950-1980: ‘Go raibh caighdeán Gaeilge na múinteoirí agus cumas Gaeilge na ndaltaí ag dul i bhfeabhas agus go raibh an Ghaeilge á húsaid go forleathan sna scoileanna mar mheán teagaisc agus mar mheán cumsarsáide. A mhalairt a bhí ag titim amach sa dara leath (1950-80); caighdeán Gaeilge na múinteoirí ag dul in ísle, cumas na ndaltaí ar an teanga ag dul in olcas agus úsáid na Gaeilge, i scoileanna Galltachta go háirithe , ag dul i laghad.’ Níorbh inchomórtais leis na seanmhodhanna múinte na modhanna nua de bharr an dul ar gcúl a bhí tarlaithe i stádas na teanga sna coláistí oiliúna agus san ísliú dá réir i gcaighdeán Gaeilge na mbunmhúinteoirí. Foilsíodh aiste leis atá níos meáite iomláine i gcás na hInstitiúide (‘Buntús Gaeilge agus Bunú ITÉ’) in Dán do Oide: Essays in Memory of Conn R. Ó Cléirigh, 1997 in eagar ag Anders Ahlqvist agus Vera Capkova.

Mhol Conn Ó Cléirigh (op. Cit.) a chumas oibre: ‘Cé go raibh an stiúrthóir gafa go mór sa chlár taighde agus i riaradh na hInstitiúide, níor dhein sé dearmad riamh ar an bpobal mór úd gur ar a shon a bhunaigh an Rialtas ITÉ an chéad lá – lucht múinte agus foghlamtha teanga sna scoileanna. Chuir sé suim mhór i bhforbairt na leabharlainne a bhunaigh ITÉ mar áis do thaighdeoirí agus do mhic léinn. Chuir sé tús le léachtanna, seimineáir agus grúpaí oibre chun go mbainfeadh na múinteoirí sochar as taighde ITÉ. Níor leor leis, áfách, taighde ná léacht go dtí go raibh sé i gcló agus fáil air. Is furasta a aithint ar liosta na bhfoilseachán i dTuarascála Bliana na hInstitiúide idir 1973-79 chomh geal is a d’éirigh le Tomás Ó Domhnalláin saothar ITÉ a chur ar fáil don phobal’.

Sa réamhrá le Clann Uí Dhomhnalláin: the Story of a family deir sé: ‘Is trua liom gan an leabhrán seo ar fad a scríobh i nGaeilge an teanga ba mhó a raibh taithí scríbhneoireachta agam uirthi ar feadh mo shaoil, ach bheartaíos ar an mBéarla a úsáid ar mhaithe leo sin de mo ghaolta nach bhfuil go leor den Ghaeilge acu le go mbainfidís taitneamh as leabhrán sa teanga sin.’ I 1938 phós sé Mairéad (Peigí) Ní Bhriain (d’éag 2001), státseirbhíseach arbh as Droichead na Bandan di. Rugadh ochtar iníonacha agus cúigear mac dóibh agus thóg siad le Gaeilge iad. Maraíodh mac leo, Tomás, i dtionóisc mhór 1958 nuair a thug an t-urlár uaidh ag ceant in Óstán Carmody in Inis. D’éag mac eile, Colm, i 2004. Sa chlann acu freisin bhí Seán Donlon, a bhí ina Ambasadóir ag Éirinn i Meiriceá, agus Áine Hyland, Leas-Uachtarán Choláiste Ollscoile Chorcaí. Deir ‘B. Ó C.’: ‘Tá ochtar den teaghlach ag obair i réimse an oideachais.’ D’éag Tomás 19 Samhain 2005. Tá sé curtha i gCill Scíre in éineacht lena bhanchéile agus a bheirt mhac.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú