Bí sé ag gníomhú mar stiúrthóir ar Institiúid Teangeolaíochta Éireann ar feadh trí bliana i ndiaidh Thomás Ó Domhnalláin a bheith sa phost sin. Tá píosa gairid faoi in Teangeolas, geimhreadh 1983. Ag 4, Sráid na Danmhairge Mhór, Baile Átha Cliath, a rugadh é 14 Meitheamh 1912. Thomas J. Callanan agus Esther M. O’Connor, a thuismitheoirí. ‘Hotel Secretary’ an cur síos ar shlí bheatha an athar sa taifead beireatais; teach banaltrais a bhí ag 4, Sráid na Danmhairge Mhór, san am sin ach is cuid de Choláiste Belvedere le tamall fada anois é. B’as Ceann Toirc d’Esther agus bhí sí ina banaltra in Ospidéal Sráid Jervis. Bheadh an t-athair ina bhainisteoir ar Óstán Wynne ar ball agus ag an am céanna ina rúnaí ag Óstán Clarence. B’as an mBóthar Dubh, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, dó; bhí sé gaolmhar leis na filí Marcas agus Peatsaí Ó Callanáin agus bhí sé i seanchas a mhuintire go bhfanadh Raiftearaí ina dteach.

Bhí triúr deirfiúracha ag Tomás. Cuireadh bunoideachas air i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Droim Conrach. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge ina dhiaidh sin agus is ann a shocraigh bráthair dar sloinne Ó Bruic gurbh é ‘Ó Cuilleanáin’ a shloinne Gaeilge. I gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge a cháiligh sé mar bhunoide. Ar feadh na sé míosa tosaigh de 1933 is i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Brunswick Thuaidh, a bhí sé fostaithe agus ba chuimhin leis Breandán Ó Beacháin a bheith sa rang aige ansiúd. I Scoil Chainneach ar an gCuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath, a bhí sé ag múineadh ó Mheitheamh 1933 go dtí Márta 1944. Bhí baint aige le Clann na hÉireann i ndeireadh na 1930idí agus ar feadh cúpla bliain bhí sé i gceannas ar champa samhraidh do bhuachaillí ar an gCnoc, taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe. Rinne sé céim eachtrach sa tíreolaíocht in Ollscoil Londan agus ceapadh é ina chigire 20 Márta 1944; d’fhan spéis aige i gcónaí sa tíreolaíocht agus i gcúrsaí mapála agus air a thiteadh sé uaireanta páipéar scrúdaithe na hArdteiste san ábhar sin a scríobh. I Loch Garman is minice a bhí sé ag obair ar dtús. Leis an oideachas speisialta do pháistí éalangacha is mó a chaith sé a dhúthracht ina dhiaidh sin. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste a leag amach an ‘Rutland Street Project’ agus bhí baint aige freisin leis an obair a bhí ar siúl ag an mBantiarna Valerie Goulding. I measc na gcúraimí éagsúla a dhéanadh sé bhí a bheith ina stiúrthóir ar Cerebral Palsy Ireland agus Enable Ireland, agus cathaoirleach an Marino Clinic agus Scoil Cheartúcháin Lusca. Ceapadh é ina Leas-Phríomhchigire 1 Meán Fómhair 1974.

Deirtear in Teangeolas: ‘Cé nár chaith sé ach seal gearr i mbun na hInstitiúide, d’fhág Tomás Ó Cuilleanáin a lorg ar a cuid gníomhaíochtaí. Ba é a thionóil an chéad seimineár ar thaighde teangeolaíochta sa Ghaeltacht (Márta, 1981). Ócáid stairiúil a bhí ann; b’in an chéad uair ar tugadh le chéile faoi scáth I.T.É ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta agus ó na comharchumainn Ghaeltachta le fadhbanna oideachais agus teanga a phlé.’ Is le linn a théarma san Institiúid a tionscnaíodh an dioplóma i dteangeolaíocht agus i dteagasc na Gaeilge i gcomhar leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí baint ghníomhach aige leis an mBuanchoiste Téarmaíochta sa Roinn Oideachais. I ndiaidh dó éirí as an bpost sealadach san Institiúid d’ainmnigh an Roinn Oideachais é mar a n-ionadaí ar choiste stiúrtha Mhuintearas. D’éag sé 30 Márta 1998. Ar 4 Meán Fómhair 1944 phós sé Máirín Luccan (d’éag 19 Feabhra 2002) agus bhí iníon agus ceathrar mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú