Bhí sé ar dhuine d’ollúna na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí. I mBóthar Ghleann Maighir, Corcaigh, a rugadh é 20 Iúil 1902. Cléireach iarnróid a athair John Cullinane; bheadh sé ina mháistír stáisiúin sa Chóbh ar ball. Ba í Helena Foster a mháthair. Seachtar leanaí a bhí sa teaghlach ach ba é Cormac an t-aon bhuachaill. Bhí sé ar scoil sa Mhainistir Thuaidh agus bhuaigh scoláireacht ollscoile. Leigheas a bhí beartaithe aige a dhéanamh agus nuair a d’athraigh sé a intinn agus gur aistrigh go dtí na healaíona chaill sé a cheart ar an scoláireacht. Bhain sé céim BA amach i 1924 le honóracha den chéad ghrád i mBéarla agus i nGaeilge agus ghnóthaigh sé scoláireacht Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge. Bhí sé ina bhall de Chéad Bhriogáid Chorcaí i gCogadh na Saoirse agus chaith tamall i ngéibheann sa Churrach i rith an Chogaidh Chathartha. Toisc gur ar bord loinge a tugadh go Baile Átha Cliath é ar dtús is é a shíl sé, ar feadh tamaillín, gur trí Learpholl a bhí a thriall go dtí an príosún. D’fhan sé ina bhall de Arm na Poblachta go dtí gur bunaíodh Fianna Fáil. Bhí sé ina bhall den pháirtí sin ar feadh tuairim 25 bliana.

I gceantar Bhaile Bhuirne a chuir sé slacht ar a chuid Gaeilge. Tar éis dó céim mháistir a fháil bhí sé ag teagasc sa Mhainistir Thuaidh go dtí gur ceapadh é ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí i 1932. Bhí baint aige leis An Quarryman, irisleabhar a bhí ag na mic léinn. Phós sé Eilís Diolún (rugadh 7 Márta 1920), scríbhneoir, iníon le Tomás Diolún, i 1940 agus mhisnigh í chun tosú ag scríobh i nGaeilge ar dtús—scríobh sí leabhair don aos óg, An Choill Bheo,Ceol na Coille—agus ansin sa Bhéarla. Bronnadh dochtúireacht air de bharr tráchtais ar Annála Inis Faithleann ‘Bhaile Átha Cliath’ (tá aiste aige ar an lámhscríbhinn sin Choláiste na Tríonóide in Féilscríbhinn Torna, 1947) agus ceapadh é ina ollamh le Stair Litríocht na Nua-Ghaeilge i 1950. Ina theannta sin, ó 1949 go 1963, bhí sé féin agus a bhean i mbun Bhrú Uí Eoghanáin, brú i gcomhair mac léinn. Is léir ar na tagairtí dó atá ag John A. Murphy in The College: a history of Queen’s / University College Cork, 1845-1995, 1995 go raibh sé ar dhuine de na diograiseoirí teanga ann lena linn. Ceapadh Frances Vaughan ina hollamh le hoideachas i 1936, cé gurbh í an t-aon duine amháin as naonúr iarrthóirí ar bheag má bhí aon Ghaeilge aici. Thug sé faoi uachtarán an Choláiste, Merriman, a bhí ag tacú léi. D’éirigh sé as coiste chun an teanga a chur chun cinn ann toisc Merriman a bheith ina bhall freisin. Deir John A. Murphy: ‘It is of interest that a lecturer should have denounced a president forthrightly to his face’. Bhí sé ina bhall de Choiste Stiúrtha an choláiste thar ceann na gcéimithe ag an am. Thagadh sé i gcabhair ar an gCuallacht Ghaelach nó ar aon dream eile sa Choláiste ar mhaith leo leas na Gaeilge a dhéanamh. Ó 1943 bhí sé i mbun dhá scéim ar mhaithe le labhairt na Gaeilge i measc na mac léinn, na ranganna comhrá agus scoláireachtaí na Gaeltachta.

I stair na litríocha sa Mhumhain agus sna tairngreachtaí is mó a bhí spéis aige. Sholáthraíodh sé ábhar in Béaloideas, An Muimhneach, An Camán, Irisleabhar Chumann na gCéimithe i gCorcaigh agus d’aistríodh ábhar ón Laidin. Le haghaidh Éarna, Nollaig 1925 d’aistrigh sé ‘Smaointe fánacha ar Thír-fo-thuinn’ le A.G. Van Hamel. Nuair a bhí ag teip ar a shláinte d’aistrigh an teaghlach go dtí an Róimh ar feadh tamaill le súil go dtiocfadh biseach air agus go bhféadfadh sé leanúint san ollúnacht. D’éirigh sé as a phost i 1965 agus d’fhill ar Éirinn i 1969 nuair a chuaigh a shláinte in olcas. D’éag sé 26 Deireadh Fómhair 1970 agus tá sé curtha i reilig Naomh Iósaif i gCorcaigh. Bhí mac agus beirt iníonacha aige ar duine díobh an file Eiléan Ní Chuilleanáin. Bhí cuntas air in UCC Record Uimh 41, 1966 nuair a d’éirigh sé as a phost. Phós Eilís an tOllamh Vivian Mercier. D’éag seisean 3 Samhain 1989. D’éag Eilís 19 Iúil 1994.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú