DILLON, Eilís (1920–1994)
Le caoinchead ó Radha Sloss

Saolaíodh Eilís Dillon ar an 7 Márta 1920 i dTeach an Daingin, trí mhíle ó thuaidh de chathair na Gaillimhe. Ba é Tomás Diolún (1884–1971) a hathair agus ba í Gearóidín Pluincéad (1891–1986) a máthair. Ba as Baile Átha Cliath do Ghearóidín agus rinne sí staidéar ar an leigheas in Ollscoil Chaitliceach na hÉireann ar Shráid Shisile, Baile Átha Cliath. B’iníon í Gearóidín leis an gCunta George Noble Plunkett agus ba dheartháir léi an réabhlóidí Seosamh Pluincéad. Ba as Inis Crabhann, Co. Shligigh, do Thomás agus bhí sé ina Ollamh le Ceimic in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí beirt deirfiúracha agus triúr deartháireacha ag Eilís: Moya (1917–1992), Blánaid (1918–1998), Michael (1922–1992), Rory (1925–1928) agus Eoin (1929-1997). Bhog an teaghlach go Bearna i gContae na Gaillimhe in óige Eilís agus d’fhreastail sí ar an mbunscoil áitiúil ansin. Ba ansin a d’fhoghlaim sí a cuid Gaeilge. Fuair sí a hoideachas dara leibhéal i gClochar na nUrsalach, Co. Shligigh, áit a ndearna sí tuilleadh staidéir ar an nGaeilge.

Nuair a chríochnaigh sí ar an meánscoil bhog sí go Baile Átha Cliath agus thosaigh sí ag obair i dtionscal na lónadóireachta agus na n-óstán. I samhradh 1939 agus í ag obair mar bhainisteoir lónadóireachta i scoil samhraidh trí Ghaeilge in Aird Mhór, Co. Phort Láirge, bhuail Eilís le Cormac Ó Cuilleanáin, ar léachtóir le Gaeilge é i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. In 1940, agus í 20 bliain d’aois agus Cormac 37 bliain d’aois, phósadar.

Rinneadh ollamh de Chormac níos déanaí agus reáchtáil sé féin agus Eilís Brú Uí Eoghanáin, brú i gcomhair mic léinn, idir 1949 agus 1963. Bhí triúr páistí acu: Eiléan, Máire agus Cormac.

Ba scríbhneoir gairmiúil í Eilís agus úrscéalta do dhaoine óga ba mhó a scríobhadh sí. Thosaigh sí ag scríobh trí Ghaeilge ar dtús agus foilsíodh a céad leabhar, An choill bheo, in 1948. De réir a chéile, áfach, thiontaigh sí ar an mBéarla mar nach raibh sí róshásta leis na foilsitheoirí Gaeilge a bhí ann ag an am. Ó aois óg, ba chúis bhróid d’Eilís gurbh as teaghlach réabhlóideach í. Tá an tionchar a bhí ag an tógáil a fuair sí agus ag stair a teaghlaigh le feiceáil ina cuid scríbhneoireachta. In 1973 foilsíodh úrscéal stairiúil le hEilís, Across the bitter sea, ina raibh streachailt na hÉireann ar son na saoirse sa naoú haois déag agus san fhichiú haois ina téama láidir. D’fhoilsigh Hodder & Stoughton i Londain an leabhar chomh maith le Simon & Schuster i Nua-Eabhrac (1974). D’éirigh go fíormhaith leis an leabhar.

Sna 1960idí, agus sláinte Chormaic ag dul in olcas, bhog an teaghlach go dtí an Róimh ar feadh tréimhse. In 1965, b’éigean do Chormac dul ar scor de bharr drochshláinte. D’fhill siad ar Éirinn in 1969 agus fuair Cormac bás in 1970.

In 1974, phós Eilís Vivian Mercier, Ollamh le Béarla in Ollscoil Colorado in Boulder, Meiriceá. Bhog siad go Santa Barbara, California. Mhúin sí scríbhneoireacht chruthaitheach in Ollscoil California, áit a bhfuair Mercier post mar ollamh. Chaithidís gach geimhreadh in California agus d’fhillidís ar Éirinn le haghaidh an earraigh agus an tsamhraidh. Bhogadar ar ais go hÉirinn i ndiaidh do Mercier dul ar scor in 1987, ach taobh istigh de dhá bhliain fuair Mercier bás, i mí na Samhna 1989. Bliain ina dhiaidh sin, in 1990, fuair iníon Eilís, Máire Ní Chuilleanáin, bás. Ba veidhleadóir í Máire le Ceolfhoireann Fhiolarmónach Londan.

In ainneoin a cuid trioblóidí, lean Eilís uirthi ag scríobh go dtí míonna deiridh a saoil. Cé gur scríobh sí ábhar do dhaoine fásta agus do pháistí araon, is de bharr a cuid scéalta do pháistí is mó atá aithne uirthi. D'fhoilsigh sí beagnach 40 leabhar do pháistí idir 1948 agus 1992. Scríobh sí úrscéalta, aistí agus drámaí freisin. Aistríodh a saothar go cúig theanga dhéag. In 1992, bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, céim dochtúra oinigh uirthi.

Bhuaigh Eilís duais Leabhar na Bliana Bisto in 1989 don leabhar The island of ghosts. Sa lá atá inniu ann, tá gradam speisialta ag Children’s Books Ireland ina cuimhne. Bronntar an duais seo, Gradam Eilís Dillon, gach bliain ar údar ar foilsíodh an chéad leabhar do pháistí leis/léi an bhliain sin.

Ba iad Children of Bach (1992), úrscéal do dhéagóirí suite san Ungáir le linn an Uileloiscthe, agus a heagrán de Modern Irish literature: sources and founders (1994), foilseachán iarbháis le Vivian Mercier, na leabhair dheireanacha dá cuid a foilsíodh. Toisc go raibh sí ag obair ar an leabhar sin de chuid Mercier, níor chríochnaigh sí a húrscéal deireanach féin.

Ba bhall gníomhach Eilís de roinnt eagraíochtaí pobail agus cultúir, Comhar na Scríbhneoirí agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann ina measc. Ba chomhalta de Chumann Ríoga na Litríochta í agus bhí sí ina ball d’Aosdána. Roimh bhunú Aosdána, bhí Eilís gníomhach ar feadh blianta fada i bhfeachtais chun eagraíocht dá leithéid a chur ar bun.

Fuair Eilís Dillon bás ar an 19 Iúil 1994 agus cuireadh í le Vivian Mercier i gClóirtheach, Co. Uíbh Fhailí.

Tá tuilleadh eolais faoina beatha ar fáil ar an suíomh gréasáin www.eilisdillon.net.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Niamh Ní Riain