Cuimhnítear air mar eachtrannach a rinne a chuid féin d’Inis, Co. an Chláir, agus mar orgánaí, mar chumadóir, mar mhúinteoir ceoil agus mar dhuine a chóirigh foinn Ghaelacha. In Foilseacháin an Ghúim: liosta d’fhoilseacháin an Ghúim 1926-2003, 2003 in eagar ag Antain Mag Shamhráin agus Pádraic Ó Farachtáin, tá a ainm luaite le tuairim leathchéad fonn. I gcomhpháirt le Micheál Ó Siochfhradha scríobh sé an téacsleabhar Uraiceacht ceoil, 1955. Nuair a bhí 750 bliain na hInise á cheiliúradh in Inis i 1990 foilsíodh leabhrán dar teideal Prof. Ernest de Regge L.M.L.I. Choir Master and Music Teacher Ennis 1923-1958. Is ar an eolas ann atá an cuntas seo bunaithe.

In Overmore, sráidbhaile gar do Ghent sa Bheilg, a rugadh é 15 Eanáir 1901. Orgánaíthe eaglasta ba ea a athair agus a sheanathair. Tar éis bunscolaíochta d’fhreastail sé ar ‘normaal-school’; ina leithéid a ullmhaítí daltaí chun a bheith ina múinteoirí, ina n-orgánaithe agus ina sacraisteoirí. Aithníodh go luath go raibh bua an cheoil aige agus thug orgánaí na hardeaglaise in Ghent ceachtanna príobháideacha dó. In aghaidh thoil a athar cháiligh sé mar cheoltóir in Institiúid Lemmens in Mechelen agus bhain an chéad áit sa chumadóireacht. Is ar cuireadh an Easpaig Michael Fogarty a tháinig sé go hInis i 1923. Tuairimítear go raibh teagmhálacha aigesean le Ghent. Is é a bhí beartaithe ag an bhFógartach go gcuirfí i bhfeidhm sa deoise na rialacha faoin gceol eaglasta a bhí leagtha síos ag Pius X. Chuigesean a d’fhostaigh sé Earnán mar Ollamh le Ceol i gColáiste Fhlannáin, Inis, cliarscoil sóisearach na deoise, agus mar orgánaí agus stiúrthóir chór na hardeaglaise. Bhí Pléimeannais, Fraincis, Laidin agus Gearmáinis aige ach is cosúil nach raibh aige ar dtús ach an cúpla focal Béarla. Deir a iníon: ‘However, Irish he did not master.’ Willie Meehan, múinteoir scoile a raibh Fraincis líofa aige, a mhúin Béarla dó. Ag trácht ar a thréimhse thosaigh sa choláiste dúradh: ‘His inability to speak the language was a major obstacle in implementing his objective in St. Flannan’s. The practice of herding several classes of rowdy school boys together once a week, who had no interest in music other than it provided a welcome diversion from the more rigorous discipline of other classes, was far from successful. It was easy to imagine the difficulty encountered by the young Belgian in his twenties, with no English, in such a situation. But to the singers and music students in the college he was a gifted and dedicated teacher.’

Faoina stiúir bhain cór na hardeaglaise cáil amach agus ó 1933 i leith bhíodh siad le cloisteáil ar Radio Éireann. Chum sé suas le céad go leith píosa ceoil. Bhuaigh sé bonn ag Oireachtas 1939. Bronnadh Bonn Annie Patterson air ag an bhFeis Cheoil i mBaile Átha Cliath ceithre bliana as a chéile. Bhuaigh sé duaiseanna i gcomórtais idirnáisiúnta freisin. Ar feadh na mblianta bhí sé ina mholtóir ag Feis Shligigh agus ag feiseanna agus féilte eile. Deirtear sa leabhrán úd: ‘It was during this period too that he met Micheál Ó Siochfhradha, a primary school inspector based in Ennis in the early thirties. Ó Siochfhradha, himself a John McCormack Medal winner and skilled violinist, had a great love of music and it was inevitable that the two should get together. The new Irish Republic were very anxious to acquire and publish new Irish music through An Gúm. These two, together with Father Joseph Rodgers (Irish Professor in St Flannan’s) and Eva Meehan of Carmody Street, worked for several years adapting old Irish airs to new words. Ernest de Regge re-arranged several of these airs into two, three and four part pieces for school choirs.’

Phós sé Heléne Coppieters, neacht le hEaspag Ghent, i 1937. Is cosúil nach raibh aon Bhéarla aici sin ach oiread ar theacht go hInis di. Bhí triúr mac agus ceathrar iníonacha acu. Cé gurbh é a mhac Karel an t-orgánaí ab óige sa tír in aois a sheacht mbliana, níor lean aon duine díobh ceird an athar. Bhí cónaí orthu ar dtús i dteach de chuid na deoise. Nuair a ceapadh cóidiútar i 1948 bhí orthu bogadh go teach cúig urlár ar Shráid Bindon. Bhí gairdín an tí sin ar an taobh eile den sráid agus is faoin sráid a bhí bealach isteach ann. Bhaineadh sé leas as gach orlach talún ann agus fiú sa tollán chuireadh sé muisiriúin. Mar chuid de chomóradh Inis 1990 foilsíodh Prof. Ernest de Regge L.M.L.I. Choir Master and Music Teacher Ennis 1923-1958. San alt ‘Childhood memories of Ghislaine de Regge of her father, family and Ennis in late 40s and 50s’ scríobh sí: ‘Even though music was my father’s main interest, the practical demands of supporting a family of six children necessitated that he engage in other, more lucrative, prospects. Again De Regge’s sense of adventure and initiative led him into various enterprises, he bought two farms, got involved in a car import business, opened a jewellery store, imported clocks from Switzerland and Germany, sold musical instruments, restored pianos, and bought rental property. The last venture was one in which he would import watch parts and have the watches assembled in Ennis in an old building he would renovate, according to the plans, and the vocational school would train the Ennis youth to do this kind of job.’ Bhain sé triail as dianfheirmeoireacht éanlaithe agus as madraí folaíochta a thógáil. Bhí siopa ceoil aige i Luimneach agus siopa seodóireachta in Inis agus ba leis an comhlacht Shannon Imports. Nuair a bhíodh féar á shábháil ar a fheirm i nDroichead an Chláir thugtaí tae amach chuig na hoibrithe i bpróca airgid! Foilsíodh cuntas ar chuairt Ghislaine ar Inis agus ar a cuimhní ar a hathair agus ar Inis in Clare Champion 21 Lúnasa 1998 faoin gceannteideal ‘Memories of the Music Man’.

Bhí sé ar an seachtar a cailleadh go tubaisteach i seanóstán Carmodys in Inis 16 Eanáir 1958, a lá breithe, nuair a thug urlár Sheomra an tSairséalaigh faoin dream a bhí sa láthair ag ceannt. Bhí a mhac Karl ann freisin, ach é ar bhalcóin taobh amuigh den seomra, agus deirtear go bhfaca sé gach a tharla. Comharsa leis ar Shráid Bindon ba ea Tomás Ó Domhnalláin agus cailleadh a mhacsan, Tomás, ann. Bhí socair aige lena bhean go bhfillfeadh sise agus an teaghlach ar an mBeilg dá dtarlaíodh aon rud dó féin. Tá a lámhscríbhinní ceoil i dtaisce in Inis. B’fhiú £12,534 a eastát. I 1988 chuir Cór Ardeaglaise Antwerp ceolchoirm ar siúl le hómós dó agus chan siad ceol a chum sé.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú