Go ceann cúpla bliain bhí An tAthrughadh Mór, [1906] le Felix Partridge ar cheann de na drámaí is mó a raibh dúil ag cumainn drámaíochta Chonradh na Gaeilge ann. Bhí sé ar stáitse an Oireachtais sa Rotunda 9 Lúnasa 1906. Ba é Cathal Mac Garbhaigh a bhí i mbun a léirithe san áit chéanna ar 6 Feabhra 1907. Ar 6 Iúil na bliana sin léiríodh é ag Feis Mhaigh Eo. Chuir scoileanna Kensington, Forest Gate agus Fulham ar siúl i Londain é idir 1906 agus 1910. Scríobh J. M. Synge an méid seo i litir dar dáta 12 Lúnasa 1906 chuig an Bantiarna Gregory: ‘I went to the Oireachtas on Thursday to see their plays. The propagandist play done by the Ballaghadereen company was clever with some excellent dialogue, and the peasants who acted in it were quite admirable with far more of the real peasant about them than our people ever had. I felt really enthusiastic about the whole show although the definitely propagandist fragments were of course very crude. The play was called, I think, an tAruige mór (the big change). I think I have spelled it wrong. It would probably read badly’ (The collected letters of J. M. Synge Vol I: 1871–1907, 1983, edited by Ann Saddlemeyer). Scríobh Stephen Gwynn in aiste dar teideal ‘The Value of Criticism’ in Freeman’s Journal 27 Deireadh Fómhair 1906: ‘In the case of explicitly propagandist plays like those by Séamas MacManus there is less need for the tolerance of the hard hitting at Irish vices, because the satirised persons generally undergo conversion and in the cleverest of all this class, An tAthrughadh Mór, the man who sets his face up against the Irish language is loveable in his perversity’. Fáth amháin a raibh tóir ar an dráma seo go raibh sé dátheangach. Is cosúil gur scríobh sé drámaí eile. Ceann díobh is ea An Comhrac nó The Shoneen doctor. Luann Donncha Ó SúilleabháinConradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989) gur tugadh dhá léiriú dó thall i 1913 ach ní léir gur foilsíodh riamh é mar leabhar. Tá tagairt in An Claidheamh Soluis 6 Meitheamh 1908 don dráma—‘even funnier than An tAthrú Mór ’, dráma a léirigh Craobh Bhealach an Doirín. D’fhoilsigh M. H. Gill é i 1908; Féidhlim Pataruisge an t-údar agus deirtear ar an leathanach teidil gurbh é Pádhraic Ó Domhnalláin ‘do chuir an Ghaedhilg air dhó’, (Ba í Máirín Ní Dhomhnalláin, iníon le Pádraig Ó Domhnalláin, a sholáthair an t-eolas sin).

Mac ba ea Felix le Benjamin Partridge agus a bhean Ellen Hall. Sasanach a bhí fostaithe ag an Midland and Great Western Railway ba ea Benjamin. Bhí an chlann lonnaithe i Sligeach ar dtús agus ann a rugadh Felix ar 10 Eanáir 1872. Aistríodh Benjamin go Bealach an Doirín sna 1880idí. Fuair sé féin agus a bhean bás go luath ina dhiaidh sin. Ba é Felix ceann an teaghlaigh i Sráid an Mhargaidh nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh. Ní raibh sé pósta. ‘Mercantile clerk’ an cur síos ar a shlí bheatha. I bhfeighil an tí dó bhí a dheirfiúr Ellen agus 26 bliana aici, má ba fhíor. Printíseach siopa a dheartháir, Robert, a bhí 17 mbliana d’aois. Caitlicigh iad go léir agus bhí Gaeilge acu. Faoi 1911 bhí Felix ina rúnaí comhlachta, agus é fós gan pósadh, agus bhí Ellen anois ina cúntóir siopa. Ag Felix amháin a bhí Gaeilge an babhta seo. Bhí baint aige leis an gConradh ó 1901 amach agus in An Claidheamh Soluis 27 Aibreán 1901 luaitear é mar dhuine den bheirt a rinne cúraimí rúnaíochta ag cruinniú de mhúinteoirí náisiúnta an cheantair a d’eagraigh Craobh Bhealach an Doirín.

In aiste ar Dhubhglas de hÍde in The making of modern Ireland, 1960, in eagar ag Conor Cruise O’Brien, is é Felix atá i gceist ag Myles Dillon nuair a thagraíonn sé do ‘an important man of the town’ agus é ag trácht ar an díograis a bhí timpeall an Chonartha i mBealach an Doirín nuair a bhí sé féin ina bhuachaill óg. Ní foláir nó bhí aithne mhaith aige ar Felix agus ar a dheartháir agus a dheirfiúr mar bhí siad go léir fostaithe sa tsiopa mór M. Duff and Co., gnó mhuintir Diolúin. Tugann de hÍde le chéile in Mise agus an Conradh clann Diolúin, an drámaíocht, an pholaitíocht agus cúrsaí na Gaeilge: ‘Do bhí mo bhaile féin, Bealach an Doirín, ag déanamh go maith. Do léirigh muintir an bhaile mhóir dhá dhráma, ceann liomsa agus ceann eile le duine as an mbaile ... ach níor lean siad den obair, óir tháinig timire ón gConradh agus do mheasc sé polaitíocht lena chuid soiscéil i dtaobh na Gaeilge. An pholaitíocht sin, ní raibh sí i bhfabhar na bhFeisirí—do chuir sí fearg ar Sheán Diolún, an fear ba mheasúla a bhí san áit. Ba iad a lucht siopa na buachaillí ab fhearr a bhí san ngluaiseacht ... Fuair sé amach go raibh an timire seo ag cáineadh na bhFeisirí.... Ansin ní ligfeadh sé dá lucht siopa dul in aice leis an gConradh: agus, diaidh ar ndiaidh, do chuireadar suas don Ghaeilge’. Ní foláir nó bhí bac ar Felix chomh maith leis na cúntóirí siopa. Is cosúil gurbh é Pádraig Ó Maoilchiaráin an timire dá dtagraíonn de hÍde.

Bhí 60 bliain caite ag Felix ag obair do mhuintir Diolúin nuair a d’éirigh sé as. Faoin am sin bhí sé ina bhainisteoir ginearálta agus ina stiúrthóir ar an gcomhlacht.

Bhain a dheartháir mór William cáil amach mar cheannasaí ag an lucht oibre agus mar chomhairleoir cathrach i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar chomhairle Arm na Saoránach agus cuireadh síos go Ciarraí é roimh Cháisc 1916 chun cabhrú leis na hullmhúcháin. Ghlac sé páirt san Éirí Amach agus fuair bás 1 Lúnasa 1917, go luath tar éis teacht as príosún. Scríobh an Chuntaois Markiewicz, dán dó, ‘To my comrade’. Tá go leor tagairtí dó ag Liam Ó Briain ina Cuimhní cinn. Deir sé: ‘Fear fíoruasal ina chaint agus ina mheon a bhí ann, mar a fuaireas amach i rith na seachtaine agus na seachtaine ina dhiaidh sin nuair a bhíos in aon tseomra leis agus leis an gCeannphort [Mallin] i mBeairic Risteamain. Fear an-chiúin é ar nós an Cheannphoirt, an-mhór leis de réir dealraimh mar chítí le chéile go hiondúil iad. Tréithe eile a bhí ag an mbeirt acu cráifeacht an-doimhin, an-tsimplí’. Sa chuntas in Here’s to their memory: eminent Sligonians deir John McTernan go mba Shasanach liobrálach é an t-athair, Benjamin, agus go raibh bá aige le cúis na hÉireann.

D’éag Felix ar 26 Feabhra 1957 agus tá sé curtha i reilig Chill Cholmáin i mBealach an Doirín. Cé gur scríobh sé dráma tá sé deacair a dhéanamh amach cén cumas a bhí aige ar scríobh na Gaeilge. Sa leabhar féin gabhann sé buíochas le scríbhneoir eile de bhunadh Bhealach an Doirín, Fionán Mac Cártha, faoin gcabhair a thug sé dó chun comhrá Gaeilge an dráma a scríobh (‘I wish to express my thanks for his kind assistance with the Irish part of the dialogue’). Mar sin féin d’áirigh Seán P. Mac Énrí é mar dhuine de phríomhscríbhneoirí Chonnacht (‘Felix Partridge of Ballaghadereen, author of several bilingual plays’ Freeman’s Journal 16 Iúil 1917).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú