Cuardaíodh clár na mbaistí ina pharóiste dúchais faoi dhó le haghaidh an chuntais seo ach ní bhfuarthas a ainm ann. Ba dhóigh le duine go raibh i ndán don Bheirneach ón gcéad lá amach go mbainfeadh doiléire agus rúndiamhracht féin lena bheatha.

I gCeathrú na Gaoithe, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. Feirmeoir beag a athair Thomas Byrne agus ba í Brigid Quinn, Eadarghabhal, Baile an Mhuilinn, a mháthair. Bhí cúigear deartháireacha agus leasdeartháireacha aige agus deirfiúr amháin. Níl aon amhras ach gur chainteoirí dúchais Gaeilge iad. Ar scoil Bhaile an Daighin a d’fhreastail sé. Scoil neamhspleách de chuid Sheáin Mhic Héil a bhí i mBaile an Mhuilinn.

Chuaigh sé ar ball go dtí Coláiste Iarlatha i dTuaim agus chuaigh isteach i Maigh Nuad ar 3 Meán Fómhair 1892. Oirníodh ina shagart é ar 19 Samhain 1899 i nGaillimh (Maynooth students and ordinations index 1795–1895). Mar is léir ó aiste a scríobh sé in Ar Aghaidh, Márta 1931, tháinig sé go mór faoi thionchar Eoghain Uí Ghramhnaigh i Maigh Nuad.

Bhí sé ag obair i gCliara, An Spidéal, Cloch na Rón, Cill Fhear Odhráin, Achadh Ghobhair, Na Caológa.... Tá a ainm sa Catholic Directory beagnach gach bliain anuas go 1917 ach níl sé ann arís go 1950. Is cinnte go raibh sé sa bhaile i gCeathrú na Gaoithe sa tréimhse 1928–32. I 1926 foilsíodh An Troid agus an tUaigneas, cnuasach aistí. I 1934 foilsíodh Seo siúd, cnuasach eile aistí. Sin ar scríobh sé de leabhair. Dhiúltaigh An Gúm glacadh le lámhscríbhinn a chuir sé chucu i 1929 agus deirtear go raibh sé ag gabháil d’Epistilí Naoimh Pól a aistriú ach níor foilsíodh aon chuid díobh. I 1904 bhí sé ag soláthar corramhrán do An Claidheamh Soluis agus ó 1918 amach ag scríobh idir aistí agus scéalta do An Stoc, Misneach, Fáinne an Lae, Catholic Bulletin, An Phoblacht agus Ar Aghaidh. I rith 1931 bhí sé ag aistriú saothar Emile Souvestre ón bhFraincis in Ar Aghaidh. Timpeall an ama sin d’fhéach Tomás Ó Deirg, Aire Oideachais, chuige go dtugadh An Gúm obair léitheoireachta dó. Tá eolas i dtaobh an chaoi ar chaith an Gúm le leabhar dá chuid ag Tomás de Bhaldraithe in ‘Seosamh Daibhéid agus cuid dá chairde’ (Feasta, Deireadh Fómhair 1988).

Dúirt Muiris Ó Droighneáin faoin mBeirneach gurbh é ‘an Gaeilgeoir is bríomhaire Gaeilge i gConnachta’ é. Dúirt Pádraic Ó Domhnalláin faoi An Troid agus an tUaigneas: ‘Dréachta cumasacha feallsúna atá ag borradh le an-lear eolais maille le céadscoth urlabhra’. In Páipéir bhána agus páipéir bhreaca (1969) dúirt Máirtín Ó Cadhain: ‘Mheas mise go mb’iontach an scríbhneoir an Beirneach, duine a léinn go hamplúch agus a léim fós’. Rud suaithinseach é nár mhol sé aon scríbhneoir eile dár luaigh sé sa léacht sin chomh hard céanna.

Bhí fíor-dhrochmheas aige ar phreas Bhaile Átha Cliath ach d’fháiltigh sé go gliondrach roimh Scéala Éireann (Ar Aghaidh, Deireadh Fómhair 1931) agus scríobhadh sé corrscéal ann. Dhealródh sé gur Phoblachtach é agus insítear scéal air gur lean sé sagart paróiste i gceantar Thuama le gunna go gairid i ndiaidh do Státairí i dTuaim buachaillí poblachtacha a lámhach i 1922. Bhí an sagart bocht ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh! Tá scéal eile gur ghabh sé de dhoirne ar shagart a shíl sé a mhaslaigh é agus gur mharaigh sé é beagnach. Is beag tuairisc air i ndiaidh 1934. Facthas é ag moltóireacht ag feis i mBéal Átha hAmhnais tuairim 1942 agus ceaptar go raibh sé ag fanacht i Mainistir na nAgaistíneach ann ar feadh tamaill, cé nach bhfuil aon fhianaise ag na manaigh air sin. Tá a fhios againn gur baineadh cumhachtaí sagairt de in Eanáir 1924. Bhí sé ‘off the mission’ roimhe sin. An t-ól an chúis is dealraithí. I litreacha chuig a chara Máire Ní Scolaí i 1928–31 dhealródh go raibh sé ag tabhairt cúnaimh mar shagart in cibé paróiste ina mbíodh cónaí air. Chaith sé tamall i dteach Chriostóra Mhic Aonghusa ar an nGort Mór agus bhí cuimhne ag Criostóir ar an taitneamh a bhaineadh pobal Ros Muc as na seanmóirí breátha a thugadh sé. Níl aon amhras ach go mbíodh sé ag léamh Aifrinn. Chreid daoine gur ‘cuireadh ó chóta’ é agus gurbh é a mhórdhóchas go mbeadh sé in ann filleadh ar an sagartacht. Ar nós éinne den chléir a bhí riamh i dtrioblóid d’fhás neart biadáin timpeall a ainm. Tá fianaise éigin ann go raibh sé tugtha don ól agus go mbíodh fadhb údaráis aige lena shagairt pharóiste. Is cóir a rá nár chuimhin le Máire Ní Scolai rian an óil riamh air. Shíl sise gur i ngeall ar a dhílseacht don Ghaeilge a bhíodh sé i dtrioblóid. B’fhéidir go raibh sé néaróisteach agus, cé go raibh sé fadsaolach, bhíodh sé i ndrochshláinte. Micheál Mac an Mhílidh, a bhí ina shagart paróiste i gCill Mheáin, Clár Chlainne Mhuiris, an cara ba mhó aige i rith a shaoil agus is cosúil go dtugadh sé cabhair dó, airgead go háirithe, sna blianta deiridh. Is cuimhin le Tom O’Dea, léirmheastóir teilifíse, an dara hAifreann a fhriotháil dó gach Domhnach i dTeach Chaoin. Cuid é sin de pharóiste a raibh Mac an Mhílidh i gceannas air. Ní éisteadh sé faoistiní ná ní thugadh sé seanmóirí. Léadh sé fógraí agus níor leasc leis riamh fogha a thabhairt faoi bhligeaird sa ghailearaí. Bhí sé chomh trom sna blianta sin, ó 1941 go 1943, 20 cloch mheáchain, b’fhéidir, nár fhéad sé éadach an Aifrinn a thógáil amach as na tarraiceáin ísle sa tsacraistí.

D’éag an Beirneach i mBaile an Mhuilinn ar 17 Iúil 1949. Shíl a mhuintir go raibh sé ochtó bliain d’aois. Tá sé curtha i gCill Chluanaigh in aice Bhaile an Mhuilinn.

I gclár na leabhar sa Leabharlann Náisiúnta is faoi ‘Thomas O’Beirne’ a liostaítear a leabhair. Faoin ainm sin freisin tá cuntas earráideach air in Galway authors a d’fhoilsigh Comhairle Contae na Gaillimhe. Ní chuireadh sé a ainm baiste lena shaothar, ar ndóigh. Ina litreacha pearsanta féin ba mhinic ‘An Fear Mór Maol’ mar ainm leo. Faoin ainm ‘Sairséal’ bhain William O’Byrne, Maigh Nuad, duais in Oireachtas 1898. Tá ‘Liam Ó Broin’ á thabhairt air inniu féin. Faoin ainm ‘Mac Phadruig Naomtha’ a foilsíodh an duaisiarracht san Irisleabhar. Connachtach b’ea William O’Byrne. Níl amhras ach gurbh é an Beirneach é. Dá dheoin nó dá ainneoin lean an mhistéir é ó thuas deireadh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú