I dTamhain, oileán beag in oirthear Chuan na Gaillimhe, a rugadh é ar 18 Iúil 1881. Feirmeoir a athair Pádraic Ó Beirn (Byrne). Máire Ní Fhathaigh, gaol le Proinsias Ó Fathaigh, Cinn Mhara, fear cumtha na n-amhrán, a mháthair. Cé gur chainteoirí dúchais Gaeilge an bheirt acu is le Béarla a thóg siad Séamus. Fuair sé bunoideachas i dTamhain agus chaith tamall i gColáiste na nÍosánach i nGaillimh. Cháiligh sé mar dhochtúir i Coláiste Ollscoile na Gaillimhe i 1905. I 1908 fuair sé dioplóma i gcúrsaí sláinte an phobail ó Choláiste Ríoga na Máinlia.

Agus é fós ina mhac léinn chuir sé buíon aisteoirí ar bun i dTamhain agus scríobh drámaí dóibh. Tá ceann díobh, Obair (Conradh na Gaeilge, 1904), bunaithe ar eachtra a tharla i dTamhain nuair a cuireadh plaic Bhéarla ar bhalla na scoile. Baineann An Dochtúir (Gill, 1909) le fadhb an dochtúra sa Ghaeltacht nach bhfuil puinn Gaeilge aige. Drámaí dátheangacha iad.

Bhí a chéad phost aige sa Spidéal ar feadh ráithe le linn don tiofas a bheith forleata ann. I 1906 ceapadh ina dhochtúir é i gceantar Uachtar Ard. Bhí míle prochóg ann a bhí mí-oiriúnach le haghaidh áitrithe. Bhí go leor tithe nach raibh fuinneog féin iontu. I dtrian de na tithe ar fud Chonamara bhí duine a raibh an eitinn air. Ní raibh d’áit le haghaidh beithíoch agus éanlaithe clóis ag formhór na ndaoine ach istigh in aontíos leo féin. Anuas air sin bhí dubh-ainbhios faoi shláinteachas. B’iondúil ag go leor poll na heochrach féin a líonadh ar eagla aon aer a theacht isteach sa tseomra. Níor mhiste le duine bheith in aon seomra ná sa leaba chéanna le duine a raibh an eitinn air. In An Claidheamh Soluis ar 16 Samhain 1907 scríobh an t-eagarthóir: ‘ Is iontach an scanradh atá ar go leor daoine roimh an aer úr. Tá na céadta teach in Éirinn nach bhfuil fuinneog ar bith orthu. Tá na céadta eile a bhfuil fuinneog orthu ceart go leor, ach nach féidir na fuinneoga sin a chrochadh ná a ísliú. Tá na céadta nó, dá n-abraimís, na mílte eile inar féidir na fuinneoga a oscailt ach nach n-osclaítear iad ó cheann ceann na bliana. Tá an nós sin ag tabhairt bháis do na céadta duine gach bliain dá dtig’.

Le cuimhne daoine a bhí beo go fóill bhí dosaen de na dochtúirí féin a fuair bás den eitinn i gceantar Uachtar Ard.

Ba léir don Bheirneach gur oideachas an t-aon rud amháin a bheadh indéanta láithreach aigesean. D’iarr sé cead ar na húdaráis cúrsa coicíse le sleamhnáin agus léaráidí a chur ar siúl i Scoil Choill Mhaolacháin. Gach oíche chuaigh sé na seacht míle ann agus ar ais ar a rothar. Ní léachtaí amháin a bhíodh ar siúl. ‘An Dochtúir, Dr O’Beirn’s own propagandist play was put into rehearsal; and so for one wild week the handy Connacht man was doctor, health lecturer, language propagandist, playright, stage manager and actor—all the parts together, inextricably blended’ (Stephen Gwynn, A Holiday in Connemara, 1909).

I ndiaidh cúrsaí i Leitir Móir agus Leitir Mealláin d’fhógair sé go mbeadh sé sásta an obair chéanna a dhéanamh ar fud Chonamara dá mb’fhéidir íoc as locum ar feadh ráithe. Ba léir do Chonradh na Gaeilge gur mheasa an namhaid an eitinn ná an imirce féin. Thug An Claidheamh Soluis an-phoiblíocht don fheachtas. Bailíodh £300. Thosaigh an obair i Scoil an Tuairín ar an gCeathrú Rua ar 16 Feabhra 1908. B’í an chéad iarracht mhór í ar theacht roimh an eitinn. ‘Though the weather was the wildest experienced in Connemara for years, the people, young and old, simply thronged to hear an Dochtúir, many coming distances of five and six miles. Nearly every night people had to be turned away for want of room.... During the day-time an Dochtúir visits the homes and points out to the people the need for sanitary and other improvements—more especially proper ventilation and the removal of cattle from the dwellings. A book might be filled with his experiences’ (An Claidheamh Soluis, 14 Márta 1908).

Níor dhuine láidir Séamus Ó Beirn. Bhris ar a shláinte agus thóg sé post mar dhochtúir loinge timpeall an domhain ar feadh cúig mhí. I 1908 phós sé Sabina Ní Mháille as Coill Mhíolcon, col ceathar le Máilligh Mhuintir Eoin (Tomás, Micheál agus Pádraig). Bhí ar a laghad cúigear mac agus cúigear iníonacha acu. Ó 1909 go 1912 bhí siad ag cur fúthu i dTamhain agus chabhraigh siad chun an coláiste samhraidh a bhunú ann. I 1912 fuair Séamus post mar mholtóir faoin mBord Sláinte Náisiúnta agus chuaigh siad chun cónaithe i mBaile Átha Cliath. Faoi 1916 bhí siad ar ais i nGaillimh agus cleachtas ar bun ag Séamus ann. Ach sna 1920idí ba mhó d’fhear gnó ná de dhochtúir é. B’amhlaidh a d’fhág uncail leo a ghnó mórdhíola John Fahy Co. le huacht ag Séamus agus a dheartháir, Dr Beartla Ó Beirn. Tharla aithne ag Guglielmo Marconi ar Shéamus ó bhí an stáisiún aige sa Chlochán, ceapadh é ina stiúrthóir Éireannach sa Marconi Marine Wireless Telegraphy Company.

Níor chaill sé a spéis san amharclann agus nuair a bhíothas ag téisclim chun Taidhbhearc na Gaillimhe a bhunú i 1927/8 b’eisean ba mhó faoi deara gur thug Earnán de Blaghd, an tAire Airgeadais, deontas dó. Ba é an chéad chathaoirleach é ar bhord na Taibhdheirce. D’éag Séamus Ó Beirn ar 22 Samhain 1935.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú